YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 7

7
1Agus do chruinnigh na Fairisínigh chuige, agus cuid de na scríobhaidhthibh tháinig ó Iarúsalem, 2agus thugadar fá deara cuid d’á dheisceablaibh ag ithe aráin agus a lámha truaillighthe, is é sin, gan ionnladh. 3Óir ní itheann na Fairisínigh ná na h‐Iúdaigh i gcoitchinne, biadh, gan a lámha d’ionnladh go minic, ag cleachtadh sean‐ghnás na seanóir: 4agus ar theacht ó’n margadh dhóibh, ní itheann siad, gan iad féin d’ionnladh: agus is iomdha sean‐ghnás eile tugadh dhóibh le cleachtadh, mar atá, na cupáin, agus na soighthigh umha, agus na leapthacha do nighe. 5Agus d’fhiafruigh na Fairisínigh agus na scríobhaidhthe dhé, Cad chuige nach ngéilleann do dheisceabail‐se do shean‐ghnásaibh na seanóir, acht go n‐ithid arán le lámhaibh truaillighthe? 6Agus adubhairt sé leo, Is maith do rinne Ésáias tarngaireacht i n‐bhúr dtaobh, mar atá scríobhtha,
Onóruigheann an pobal so mé le n‐a mbéal,
Acht is fada uaim atá a gcroidhe:
7Acht is baoth an t adhradh do‐bheirid dom,
Agus aitheanta daoine ’g‐a múineadh aca mar theagasc.
8Tréigeann sibh aithne Dé, agus cleachtann sibh sean‐ghnáis daoine. 9Agus adubhairt sé leo, Is breágh mar chuireann sibh aithne Dé ar neamh‐nidh, chum bhúr sean‐ghnáis féin do chleachtadh. 10Óir adubhairt Maois, Tabhair onóir dod’ athair agus dod’ mháthair; agus, An té mhasluigheas a athair nó a mháthair, curtar chum báis é: 11acht is é adeir sibh‐se, Má deir duine le n‐a athair nó le n‐a mháthair, Nidh ar bith dem’ mhaoin do rachadh i dtairbhe dhuit‐se, is Corbán é, is é sin, is íodhbairt do Dhia é; 12annsin ní leigeann sibh dhó a thuilleadh do dhéanamh d’á athair ná d’á mháthair; 13ag cur briathair Dé ar neamh‐nidh leis na sean‐ghnásaibh úd atá curtha ar bun agaibh; agus is iomdha nidh eile d’á leithéid sin do‐ghní sibh. 14Agus do ghlaodh sé na daoine chuige arís, agus adubhairt sé leo, Éistidh uile liom‐sa, agus tuigidh: 15Ní fhuil nidh ar bith ar an taobh amuigh de’n duine, théigheas isteach ann, fhéadas a shalú: acht na neithe thig amach as an duine, is iad sin na neithe shaluigheas an duine. 16Má atá cluasa chum éisteachta ag aoinneach, éisteadh sé. 17Agus nuair do chuaidh sé isteach i dtigh ó’n sluagh, do chuir a dheisceabail ceist air i dtaobh na samhlaoide, 18Agus adubhairt sé leo, An bhfuil sibh‐se, leis, gan tuigsin, mar sin? Nach dtuigeann sibh, cibé nidh théigheas isteach sa duine ó’n taobh amuigh, nach bhféadann sé a shalú; 19mar nach dtéid sé isteach ’n‐a chroidhe, acht ’n‐a bholg, agus téid sé amach sa gcamra? ’g‐a chur i gcéill gur glan an uile shórt bidh. 20Agus adubhairt sé, An nidh théigheas amach as an duine, is é sin shaluigheas an duine. 21Óir is ó’n taobh istigh, amach as croidhe an duine, thig droch‐smaointe, agus striapachas, agus goid, agus dúnmharbhadh, 22agus adhaltrannas, agus sainnt, agus cuirptheacht, agus cealg, agus ainmhian, agus droch‐shúil, agus dia‐mhasladh, agus uabhar, agus baois: 23ó’n taobh istigh thig na h‐uilc seo uile, agus is iad sin shaluigheas an duine.
24Agus d’éirigh sé, agus d’imthigh sé go críochaibh Tuire agus Sídóine. Agus do chuaidh sé isteach i dtigh, agus ba mhian leis gan a fhios do bheith ag aoinneach: acht níor fhéad sé é féin do cheilt. 25Acht ar an láthair, tháinig bean go raibh spioraid neamh‐ghlan ’n‐a h‐inghin bhig, nuair do‐chuala sí ’n‐a thaobh, tháinig sí chuige, agus do chaith sí í féin ag a chosaibh. 26Bean Ghréagach, ab eadh í, Sírofoiníseach de réir cinéil. Agus do chuir sí d’athchuinghe air an deamhan do dhibirt as a h‐inghin. 27Agus adubhairt sé léi, Bíodh a ndóthain ag an gclainn i dtosach: óir ni cuibhe arán na clainne do ghlacadh, agus a chaitheamh chum na gcoileán. 28Acht d’fhreagair sise agus adubhairt sí leis, Is fíor sin, a Thighearna, acht cheana, na coileáin féin bhíos fá’n mbórd, itid‐sean sprúilleach na leanbh. 29Agus adubhairt sé léi, Ar son na cainnte seo, imthigh leat: atá an deamhan imthighthe as t’inghin. 30Agus do chuaidh sí abhaile chum a tighe, agus fuair sí an leanbh ’n‐a luighe ar an leabaidh, agus an deamhan imthighthe aisti.
31Agus d’fhill sé arís ó chríochaibh Tuire, agus tháinig sé tré Shídóin go muir Ghalilé, tré lár ceanntair an Decapolis. 32Agus thugadar chuige duine do bhí bodhar, balbh; agus d’impidheadar air a lámh do chur air. 33Agus thug sé leis i leathtaoibh é ó’n sluagh, agus do chuir sé a mhéireanna isteach ’n‐a chluasaibh, agus do chaith sé seile, agus d’fhliuch sé a theanga; 34agus ag féachain suas ar neamh dhó, do leig sé osna as, agus adubhairt sé leis, Effatá, is é sin, Foscailtear thú. 35Agus ar an láthair do foscladh a chluasa, agus do luascadh a theanga, agus do labhair sé go cruinn. 36Agus d’órduigh sé dhóibh gan a innsint d’aoinneach: acht ní fhuil d’á mhéid d’órduigh sé dhóibh é, nach amhlaidh ba mhó d’fhógruigheadar é. 37Agus do bhí iongnadh an‐mhór ortha, agus adubhradar, Do‐rinne sé gach uile nidh go maith: do‐bheir sé éisteacht do bhodhránaibh, agus cainnt do bhalbhánaibh.

Currently Selected:

Marcus 7: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in