Marcus 6
6
1Agus d’imthigh sé as an áit sin; agus tháinig sé isteach ’n‐a dhúthaigh féin; agus do lean a dheisceabail é. 2Agus nuair tháinig an tsabóid, do thosnuigh sé ar theagasc do dheanamh sa tsionagóig: agus tháinig iongnadh ar a lán díobh‐san do bhí ag éisteacht leis, agus adubhradar, Cá bhfuair an fear so an méid sin? agus, Cad í an eagna so tugadh do’n fhear so, agus a rádh go ndéantar a leithéide d’oibreachaibh móra tré n‐a lámhaibh? 3Nach é seo an siúinéir, mac Mhuire, dearbhráthair Shéamais, agus Sheosaimh, agus Iúdáis, agus Shíomóin? agus nach bhfuil a dheirbhsheathracha annso ’n‐ár measc? Agus fuaradar scannal ann. 4Agus adubhairt Íosa leo, Ní bhíonn fáidh gan onóir, acht ’n‐a dhúthaigh féin, agus i measc a ghaolta féin, agus ’n‐a theaghlach féin. 5Agus níor fhéad sé aon obair chumhachtach do dhéanamh ins an áit sin, acht amháin a lámha do chur ar roinnt daoine breoite, agus iad do leigheas. 6Agus ba mhór ba iongnadh leis a n‐uireasbhaidh creidimh.
Agus do chuaidh sé ag teagasc ins na bailtibh beaga thart timcheall.
7Agus do ghlaodh sé chuige an dá‐réag, agus do thosnuigh sé ar a gcur amach ’n‐a mbeirt agus ’n‐a mbeirt; agus thug sé ceannas dóibh ar na spioraidibh neamh‐ghlana; 8agus d’órduigh sé dhóibh gan aon rud do bhreith leo i gcómhair an bhóthair, acht amháin maide; gan arán, gan mála, gan airgead ’n‐a gcrios do bheith aca; 9acht cuaráin do bheith ar a gcosaibh, agus gan dá chasóig do bheith umpa. 10Agus adubhairt sé leo, Cibé áit ’n‐a rachaidh sibh isteach, fanaidh ann nó go raibh sibh ag imtheacht ó’n áit sin. 11Agus cibé áit nach nglacfaidh sibh, agus nach n‐éistfidh libh, ag imtheacht daoibh as an áit sin, crothaidh an luaithreadh de bhonnaibh bhúr gcos mar fhiadhnaise ’n‐a n‐aghaidh. 12Agus d’imthigheadar‐san, agus d’fhógradar aithrighe do dhéanamh. 13Agus do chaitheadar mórán deamhan amach, agus do chuireadar ola ar mhórán daoine do bhí breoite, agus do leigheasadar iad.
14Agus do‐chuala Ioruath an rí ’n‐a thaobh sin; óir do bhí a ainm d’á luadh: agus adubhairt sé, Atá Eoin Baiste éirighthe ó na marbhaibh, agus, d’á bhrigh sin, atá na cumhachta so ag oibriú ann. 15Acht do bhí daoine eile adubhairt, Is é Élias atá ann. Agus adubhairt daoine eile, Is fáidh atá ann, amhail duine de na fáidhibh. 16Acht Ioruath, nuair do‐chuala seisean ’n‐a thaobh, adubhairt sé, Eoin, do dhí‐cheannas‐sa, is eisean atá éirighthe. 17Óir do chuir Ioruath daoine uaidh agus do ghabh sé Eoin, agus do chuir sé fá cheangal i bpríosún é mar gheall ar Héródias, bean Philib, a dhearbhráthair; de bhrigh gur phós sé í. 18Óir adubhairt Eoin le h‐Ioruath, Ní dleaghthach dhuit bean do dhearbhráthar do bheith mar mhnaoi agat. 19Agus do bhí olc ag Héródias chuige, agus do bhí fonn uirthi a mharbhadh; agus níor fhéad sí a dhéanamh; 20óir do bhí eagla ar Ioruath roimh Eoin, mar do bhí a fhios aige gurbh fhear fíreanta naomhtha é, agus do choimhéad sé slán é. Agus nuair d’éisteadh sé leis, do chuireadh sé buaidhirt aigne air, acht cheana d’éistfeadh sé leis go fonnmhar. 21Agus nuair tháinig lá oireamhnach ’n‐a raibh Ioruath ag déanamh fleidhe lae a bheirthe d’á uaislibh, agus do thaoiseachaibh airm, agus do mhaithibh na Galilé, 22agus nuair tháinig inghean Héródias féin isteach, agus do rinne damhsa, do chuir sí ríméad ar Ioruath agus ortha‐san do bhí ’n‐a suidhe ag ithe ’n‐a fhochair; agus adubhairt an rí leis an gcailín, Iarr orm‐sa rud ar bith is maith leat, agus do‐bhéarfad duit é. 23Agus do dhearbhuigh sé dhí, Rud ar bith iarrfas tú orm, do‐bhéarfad duit é, go leath mo rioghachta. 24Agus d’imthigh sise amach, agus adubhairt sí le ’n‐a máthair, Créad iarrfas mé? Agus d’fhreagair sise, Ceann Eoin Bhaiste. 25Agus tháinig sí isteach ar an láthair chum an ríogh le deithneas, agus do‐rinne sí a h‐iarratas, ’g‐a rádh, Is é is maith liom go dtiubharfá láithreach dhom ar mhéis, ceann Eoin Bhaiste. 26Agus do bhí doilgheas mór ar an righ; acht mar gheall ar a mhionnaibh, agus mar gheall ar na daoinibh do bhí ’n‐a suidhe ag ithe, níor mhaith leis diúltadh thabhairt dí. 27Agus ar an láthair do chuir an rí amach saighdiúir de lucht a ghárda, agus d’órduigh sé dhó an ceann thabhairt leis; agus d’imthigh seisean agus do dhí‐cheann sé sa bpríosún é, 28agus do thóg sé an ceann leis ar mhéis, agus thug sé do’n chailín é; agus thug an cailín d’á máthair é. 29Agus nuair do‐chuala a dheisceabail ’n‐a thaobh, thángadar agus do thógadar a chorp, agus do chuireadar i dtuama é.
30Agus do chruinnigh na h‐abstail chum Íosa; agus d’inniseadar dó gach nidh, a raibh déanta aca, agus a raibh múinte aca. 31Agus adubhairt sé leo, Tagaidh‐se i leith go h‐áit uaignigh agus déanaidh suaimhneas ar feadh tamaill. Óir do bhí a lán daoine ag teacht agus ag imtheacht, agus ní raibh sé d’uain aca fiú béile do chaitheamh. 32Agus d’imthigheadar i mbád go h‐áit uaignigh fá leith. 33Agus do chonnaic na daoine iad ag imtheacht, agus d’aithnigh a lán aca iad, agus do ritheadar d’á gcois amach as na bailtibh móra uile, agus do bhíodar ann rómpa. 34Agus tháinig sé amach, agus do chonnaic sé sluagh an‐mhór, agus do ghabh truagh dhóibh é, óir do bhíodar amhail caoirigh gan aodhaire; agus do thosnuigh sé ar a lán neithe do mhúineadh dhóibh. 35Agus nuair do bhí an lá beagnach caithte, tháinig a dheisceabail chuige agus adubhradar, Is uaigneach an áit é seo, agus atá an chuid is mó de’n lá caithte: 36cuir uait iad‐san, chum go rachaidh siad isteach sa tír agus ins na bailtibh beaga ’n‐a aice seo, le rud le n’ithe do cheannach dhóibh féin. 37Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt, Tabhraidh‐se rud le n’ithe dhóibh. Agus adubhradar leis, An rachaimíd agus an gceannóchaimíd luach dhá chéad pinginn d’arán le tabhairt dóibh le n’ithe? 38Agus adubhairt sé leo, Cá mhéid bollóg atá agaibh? imthighidh agus féachaidh. Agus nuair do bhí a fhios aca, adubhradar, Cúig bollóga, agus dhá iasc. 39Agus d’órduigh sé dhóibh iad go léir do chur ’n‐a suidhe ’n‐a gcipibh ar an bhféar glas. 40Agus do shuidheadar síos ’n‐a rangannaibh, ’n‐a gcéadaibh, agus ’n‐a gcaogadaibh. 41Agus do thóg sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féachain suas ar neamh dó, do bheannuigh agus do bhris sé na bollóga; agus thug sé do na deisceablaibh iad le cur os cómhair a raibh ann; agus do roinn sé an dá iasc ortha go léir. 42Agus d’itheadar go léir, agus do bhí a ndóthain aca. 43Agus do thógadar lán dá chiseán déag de bhroscar an aráin, agus de na h‐iascaibh. 44Agus do bhí cúig míle fear sa méid d’ith an t‐arán.
45Agus ar an láthair do chuir sé d’fhiachaibh ar a dheisceablaibh dul isteach sa mbád, agus imtheacht roimhe trasna go Bétsáida, fad is do bhéadh sé féin ag cur an tsluaigh chum bealaigh. 46Agus nuair do chuir sé slán leo, d’imthigh sé suas an cnoc chum urnaighe do dhéanamh. 47Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, do bhí an bád i lár na fairrge, agus do bhí sé féin ar an talamh ’n‐a aonar. 48Agus nuair do chonnaic sé iad ag iomramh, agus saothar mór ortha, (óir do bhí an ghaoth ’n‐a gcoinnibh), tháinig sé chuca i dtimcheall na ceathramhadh faire de’n oidhche, agus é ag siubhal ar an bhfairrge; amhail mar bhéadh sé ag gabháil tharsta: 49acht nuair do chonnacadar‐san é ag siubhal ar an bhfairrge, do cheapadar gur thaidhbhse do bhí ann, agus do ghlaodhadar amach: 50óir do chonnacadar uile é, agus do bhí scannradh ortha. Acht ar an láthair do labhair sé leo, agus adubhairt, Bíodh meisneach agaibh: mise atá ann; ná bíodh eagla oraibh. 51Agus do chuaidh sé suas chuca agus isteach sa mbád; agus do stad an ghaoth: agus do bhí iongnadh agus uathbhás ar a h‐inntinn; 52óir níor thuigeadar i dtaobh na mbollóg, acht do bhí a gcroidhe dúr.
53Agus nuair do chuadar trasna, thángadar chum tíre i nGennésaret, agus d’fheistigheadar do’n talamh. 54Agus nuair thángadar amach as an mbád, ar an láthair do h‐aithnigheadh é, 55agus do rith na daoine tríd an tír sin ar fad, agus do thosnuigheadar ar na daoinibh breoite d’iomchur ar a leapthachaibh, go dtí gach áit ’n‐a gcloisidís é do bheith. 56Agus cibé áit ’n‐a dtéigheadh sé isteach, i mbailtibh beaga, nó i gcathrachaibh, nó fá’n tuaith, do chuiridís na daoine breoite ar na sráidibh, agus d’impidhdís air a leigean dóibh fiú cuimilt le h‐imeall a bhrait: agus an méid do chuimil leis do leigheasadh iad.
Currently Selected:
Marcus 6: ATN1951
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932