Agus do thóg sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féachain suas ar neamh dó, do bheannuigh agus do bhris sé na bollóga; agus thug sé do na deisceablaibh iad le cur os cómhair a raibh ann; agus do roinn sé an dá iasc ortha go léir. Agus d’itheadar go léir, agus do bhí a ndóthain aca. Agus do thógadar lán dá chiseán déag de bhroscar an aráin, agus de na h‐iascaibh.