Ag labhairt dó, tháinig daoine ó thigh uachtaráin na sionagóige, agus adubharadar, Atá t’inghean tar éis báis: cad chuige dhuit an Máighistir do bhuaidhreadh feasta? Acht nuair do‐chuala Íosa an focal sin, adubhairt sé le h‐uachtarán na sionagóige, Ná bíodh eagla ort, acht creid amháin.