Marcus 14
14
1Agus i gcionn dá lá do bhí féile na Cásca agus an aráin gan laibhín ann: agus do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ’g‐a bheartú cionnas do bhéarfaidís air le feall, le n‐a mharbhadh: óir adubhradar, 2Ná déanaimís é le linn na féile, ar eagla go n‐éireochadh achrann i measc an phobail.
3Agus nuair do bhí sé i mBétánia, i dtigh Shíomóin lobhair, ’n‐a shuidhe ag an mbórd, tháinig bean ag a raibh crúsca alabastair d’uinneimeint spíocnáird an‐luachmhair; agus do bhris sí an crúsca, agus do dhoirt sí a raibh ann ar a cheann. 4Acht do bhí daoine ann adubhairt go míchéadfach eadortha féin, Cad chuige a ndéantar an diomailt seo ar an uinneimeint? 5Óir do b’fhéidir an uinneimeint so do dhíol ar níos mó ’ná trí céad pinginn, agus a tabhairt do na bochtaibh. Agus do bhíodar díombuidheach dhí. 6Acht adubhairt Íosa, Leigidh dhí; cad chuige dhaoibh bheith díombuidheach dhí? is gníomh maith do rinne sí orm. 7Óir bíonn na boicht ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe, agus is féidir dhaoibh maith do dhéanamh dhóibh am ar bith is áil libh; acht ní bhím‐se i gcómhnaidhe ’n‐bhúr bhfochair. 8Do rinne sí an nidh do b’fhéidir léi: d’ong sí mo chorp roimh ré fá chómhair a adhlachta. 9Agus adeirim libh go fírinneach, Cibé áit ar fud an domhain uile ’n‐a gcraobhscaoilfear an soiscéal, inneosfar an gníomh atá déanta ag an mnaoi seo, mar chuimhne uirthi.
10Agus d’imthigh lúdás Iscariót, duine de’n dá‐réag, chum uachtarán na sagart, chum go dtiubhradh sé ar láimh dhóibh é. 11Agus nuair do‐chualadar‐san é, dó bhí áthas ortha, agus do ghealladar go dtiubhraidis airgead dó. Agus do bhí seisean ag iarraidh deis d’fhágháil ar a thabhairt ar láimh dhóibh.
12Agus an chéad lá d’fhéile an aráin gan laibhín, nuair do‐ghnítí íodhbairt na Cásca, adubhairt a dheisceabail leis, Cá’r mhian leat go rachaimís agus go n‐ullmhóchaimís an Cháisc duit le n‐a h‐ithe? 13Agus do chuir sé uaidh beirt d’á dheisceablaibh, agus adubhairt sé leo, Téighidh isteach sa gcathair, agus casfar oraibh annsin fear agus soitheach uisce ar iomchur aige: leanaidh eisean; 14agus cibé teach ’n‐a rachaidh sé isteach, abraidh le fear an tighe, Adeir an Máighistir, Cá bhfuil an seomra ’n‐a n‐íosad an Cháisc i bhfochair mo dheisceabal? 15Agus taisbeánfaidh sé féin daoibh seomra mór uachtarach, agus é i gcaoi agus i gcóir: ullmhuighidh dhúinn annsin. 16Agus d’imthigh na deisceabail, agus thángadar isteach sa gcathair, agus fuaradar mar adubhairt sé leo: agus d’ullmhuigheadar an Cháisc.
17Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, tháinig sé i n‐éinfheacht leis an dá‐réag. 18Agus nuair do bhíodar ’n‐a suidhe agus ag ithe, adubhairt Íosa, Adeirim libh go fírinneach, Atá duine agaibh‐se, atá ag ithe im fhochair, agus braithfidh sé mé. 19Agus tháinig cumha ortha, agus do thosnuigheadar ar a rádh leis, ’n‐a nduine agus ’n‐a nduine, An mise é? 20Agus adubhairt sé leo, Is duine de’n dá‐réag é, an té chuireas a lámh mar aon liom sa méis. 21Óir atá Mac an Duine ag imhtheacht, fá mar atá scríobhtha ’n‐a thaobh: acht monuar do’n fhear sin tré n‐a mbraithtear Mac an Duine! do b’fhearr do’n fhear sin dá mba nach rugadh é ariamh.
22Agus nuair do bhíodar ag ithe, do thóg sé arán, agus do bheannuigh agus do bhris sé é, agus thug sé dhóibh é, agus adubhairt sé, Glacaidh: is é seo mo chorp: 23Agus do thóg sé cupán, agus do ghabh sé buidheachas, agus thug sé dhóibh é: agus d’óladar uile as. 24Agus adubhairt sé leo, Is í seo m’fhuil ’san tiomna nua doirtfear ar son móráin. 25Adeirim libh go fírinneach, Ní ólfad feasta de thoradh na fíneamhna, go dtí an lá sin ’n‐a n‐ólfad nua é i ríoghacht Dé.
26Agus tar a éis dóibh iomann do chanadh, do chuadar amach go cnoc na nOla‐chrann.
27Agus adubhairt Íosa leo, Do‐gheobhaidh sibh uile scannal ionnam: óir atá scríobhtha, Buailfead an t‐aodhaire, agus scaipfear na caoirigh. 28Tar éis m’aiséirighthe, ámh, rachad rómhaibh do’n Ghalilé. 29Acht adubhairt Peadar leis, Bíodh go bhfuigheadh cách scannal, ní fhaighead‐sa. 30Agus adubhairt Íosa leis, Adeirim leat go fírinneach, an lá indiu, anocht féin, sara nglaodhfaidh an coileach an dara h‐uair, go séanfair mé fá thrí. 31Acht ba eadh ba dhéine do labhaiseisean, Má’s éigean dom bás féin d’fhágháil i n‐éinfheacht leat, ní shéanfad thú. Agus do labhradar uile ar an gcuma gcéadna.
32Agus thángadar go h‐áit ar a dtugtar Getsémané: agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Suidhidh‐se annso, go ndéanad urnaighe. 33Agus do rug sé leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus do thosnuigh sé ar bheith go crith‐eaglach, do‐brónach. 34Agus adubairt sé leo, Atá brón an bháis ar m’anam: fanaidh‐se annso, agus déanaidh faire. 35Agus d’imthig sé achar gearr uatha, agus do thuit sé ar an talamh, agus do ghuidh sé go rachadh an uair thairis, dá mb’ fhéidir é. 36Agus adubhairt sé, Abbá, a Athair, atá gach nidh ar chumas duit; cuir an cupán so dhíom: ná déantar, ámh, an nidh is toil liom‐sa, acht an nidh is toil leat‐sa. 37Tháinig sé annsin agus fuair sé ’n‐a gcodladh iad, agus adubhairt sé le Peadar, A Shíomóin, an id’ chodhladh atáir‐se? An amhlaidh nár fhéadais faire aon uaire amháin do dhéanamh? 38Déanaidh faire agus urnaighe chum nach rachaidh sibh i gcathú: bíonn an spioraid lán‐toilteanach, acht bíonn an cholann lag. 39Agus d’imthigh sé arís, agus do rinne sé guidhe, agus é ag rádh na bhfocal céadna. 40Agus tháinig sé arís, agus fuair sé ’n‐a gcodladh iad, mar do bhí a súile an‐trom agus ní raibh a fhios aca créad é an freagra do bhéarfaidís air. 41Agus tháinig sé an treas uair, agus adubhairt sé leo, Codlaidh anois, agus déanaidh suaimhneas: is leor é; atá an uair tagtha; féach, atá Mac an Duine d’á thabhairt ar láimh do na peacachaibh. 42Éirighidh, bímís ag imtheacht, an té a bhraithfeas mé atá sé i bhfogas dúinn.
43Agus ar an láthair, le linn cainnte dhó, tháinig Iúdás Iscariót, duine de’n dá‐réag, agus sluagh i n‐éinfheacht leis, ó uachtaránaibh na sagart, agus ó na scríobhaidhthibh, agus ó na seanóiribh, agus claidhmhte agus bataí aca. 44Agus an té do bhraith é, thug sé cómhartha dhóibh, ’g‐á rádh, An té úd d’á dtiubhrad‐sa póg, is eisean é; beiridh air, agus tabhraidh libh slán é. 45Agus nuair tháinig sé, ar an láthair do chuaidh sé chuige, agus adubhairt sé, A Mháighistir; agus thug sé póg dó. 46Agus rugadar‐san air agus do ghabhadar é. 47Acht do bhí duine dhíobh‐san do bhí láithreach ’n‐a seasamh do tharraing a chlaidheamh, agus do bhuail sé seirbhíseach an árd‐shagairt, agus do bhain sé an chluas de. 48Agus adubhairt Íosa leo, An dtángabhar amach le breith orm, le claidhmhtibh agus le bataibh, mar thiocfadh sibh le breith ar bhitheamhnach? 49Do bhíos gach lá ’n‐bhúr measc ag teagasc sa teampall, agus ní rugabhar orm: acht do‐ghnítear é seo chum na scrioptúirí do chóimhlíonadh. 50Agus do thréigeadar uile é agus do theicheadar.
51Agus do lean ógánach áirithe é, nach raibh acht brat línéadaigh ’n‐a thimcheall ar a nochta: agus do rugadar air‐sean; 52acht d’fhág sé an brat línéadaigh aca, agus do theich sé lomnocht uatha.
53Agus thugadar Íosa leo chum an árd‐shagairt: agus do chruinnigh i n‐éinfheacht leis uachtaráin na sagart go léir, agus na seanóirí, agus na scríobhaidhthe. 54Agus do lean Peadar é i bhfad uaidh, nó go raibh sé istigh i gcúirt an árd‐shagairt; agus do bhí sé ’n‐a shuidhe i bhfochair na n‐oifigeach, ’g‐á ghoradh féin cois na teineadh. 55Agus do bhí uachtaráin na sagart agus an chómhairle uile ag iarraidh fiadhnaise d’fhágháil i n‐aghaidh Íosa le n‐a chur chum báis; agus ní fhuaradar í. 56Óir thug mórán daoine fiadhnaise bhréige ’n‐a aghaidh, agus ní tháinig a bhfiadhnaise le chéile. 57Agus d’éirigh daoine áirithe, agus thugadar fiadhnaise bhréige ’n‐a aghaidh, ’g‐a rádh, 58Do‐chualamar‐ne é ’g‐a rádh, Leagfad‐sa an teampall so do rinneadh le lámhaibh daoine, agus i gcionn trí lá tógfad teampall eile gan a bheith déanta le lámhaibh. 59Acht, mar sin féin, ní raibh a bhfiadhnaise ag teacht le chéile. 60Agus d’éirigh an t‐árd‐shagart ’n‐a sheasamh ’n‐a lár, agus do chuir sé ceist ar Íosa, agus adubhairt, Nach bhfuil freagra ar bith agat? Créad é atá aca‐san d’á chur id’ leith? 61Acht d’fhan seisean ’n‐a thost, agus ní thug sé freagra ar bith. Agus d’fhiafruigh an t‐árd‐shagart de arís, agus adubhairt sé leis, An tusa Críost, Mac Dé Bheannuighthe? 62Agus adubhairt Íosa, Is mé: agus do‐chífidh sibh Mac an Duine ’n‐a shuidhe ar láimh dheis na cumhachta, agus é ag teacht le scamallaibh neimhe. 63Agus do réab an t‐árd‐shagart a éadaighe, agus adubhairt sé, Cread é an gábhadh atá againn le fiadhnaidhthibh a thuilleadh? 64Do‐chualabhar an dia‐mhasladh: créad do‐chítear dacibh? Agus adubhradar‐san d’aon ghuth go raibh bás tuillte aige. 65Agus do thosnuigh cuid aca ar sheilí do chaitheamh air, agus ar a aghaidh d’fholach, agus ar a bhualadh le dornaibh, agus iad ’g‐a rádh, Déan fáidheadóireacht: agus do ghabh na h‐oifigigh é agus iad ag gabháil de bhuillibh baise air.
66Agus le linn do Pheadar bheith ins an gcúirt thíos, tháinig cailín de chailínibh an árd‐shagairt; 67agus nuair do chonnaic sí Peadar ’g‐a ghoradh féin, do dhearc sí air, agus adubhairt sí, Do bhís‐se, leis, i bhfochair Íosa Nasardha. 68Acht do shéan seisean, agus adubhairt, Ní fhuil a fhios agam, ná ní thuigim créad adeirir: agus do chuaidh sé amach taobh amuigh de’n chúirt; agus do ghlaodh an coileach. 69Agus do chonnaic an cailín é arís, agus do thosnuigh sí ar a rádh leis na daoinibh do bhí ’n‐a seasamh ann, Is duine aca‐súd é seo. 70Agus do shéan seisean arís. Agus tar éis tamaill bhig eile, adubhairt an mhuinntear do bhí ’n‐a seasamh ann le Peadar, Gan amhras is duine aca‐súd thusa, mar is Galiléach thú. 71Acht do thosnuigh seisean ar eascainighe, agus ar a mhionnú, Ní fhuil aon aithne agam ar an duine so adeir sibh. 72Agus ar an láthair do ghlaodh an coileach an dara h‐uair. Agus do chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adhubhairt Íosa leis, Sara nglaodhfaidh an coileach dhá uair, séanfair mé fá thrí. Agus ag cuimhniú air dhó, do bhris a ghol air.
Currently Selected:
Marcus 14: ATN1951
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932