Marcus 13
13
1Agus nuair do bhí sé ag dul amach as an teampall, adubhairt duine d’á dheisceablaibh leis, A Mháighistir, féach, Nach breágh na clocha, agus nach breágh na foirnighthe iad! 2Agus adubhairt Íosa leis, An bhfeiceann tú na foirgnighthe móra so? ní fágfar cloch ar muin cloiche dhíobh annso nach leagfar.
3Agus ’n‐a shuidhe dhó ar chnoc na nOla‐chrann os cómhair an teampaill, d’fhiafruigh Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus Aindrias de, ar leithligh, 4Innis dúinn, cá fhaide go dtiocfaidh na neithe seo? agus cad é an cómhartha bhéas ann go bhfuil na neithe seo uile ag teacht chum críche? 5Agus do thosnuigh Íosa ar a rádh leo, Tabhraidh aire nach meallfaidh aoinneach sibh. 6Tiocfaidh mórán daoine im’ ainm‐se, adéarfas, Is mise é; agus meallfaidsean mórán. 7Agus nuair do‐chluinfidh sibh trácht ar chogaidhibh agus ráflaí ar chogadh, ná bíodh buaidhirt oraibh: caithfidh na neithe seo teacht; acht ní fhuil an deireadh ann fós, 8Óir éireochaidh cineadh i n‐aghaidh cinidh, agus ríoghacht i n‐aghaidh ríoghachta: béidh creatha talmhan ’n‐a lán áiteann; béidh gortai ann: tosach na buaidheartha is eadh na neithe seo.
9Acht tabhraidh‐se aire dhaoibh féin: óir do‐bhéarthar sibh i bhfiadhnaise na gcómhairle; agus sciúrsálfar sibh i sionagógaibh; agus seasfaidh sibh i láthair uachtarán agus ríogh ar mo shon‐sa, mar fhiadhnaise dhóibh. 10Agus caithfear an soiscéal do chraobhscaoileadh ar dtús ar fud na gcineadh uile. 11Agus nuair bhéas siad ’g‐bhúr dtabhairt chum daortha, agus nuair thiubhras siad ar láimh sibh, ná cuireadh sé imnidhe oraibh roimh ré créad adéarfas sibh: acht an nidh do‐bhéarthar daoibh ’n‐a am féin, abraidh é: óir ní sibh‐se labhras, acht an Spiorad Naomh. 12Agus do‐bhéarfaidh an dearbhráthair a dhearbhráthair chum báis, agus an t‐athair a mhac; agus éireochaidh an chlann i n‐aghaidh a n‐athar agus a máthar, agus imreochaid bás ortha. 13Agus béidh fuath ag gach uile dhuine dhaoibh ar son m’anma: acht as té bhéas buan‐tseasmhach go deireadh, is é slánóchar.
14Acht nuair do‐chífidh sibh úr‐ghráin an léirscriosta ’n‐a seasamh san áit nach dual (an té léigheas, tuigeadh sé), annsin na daoine atá i n‐Iúdaea, teichidís chum na gcnoc: 15agus an té atá ar mhullach an tighe, ná tigeadh sé anuas, agus ná téigheadh sé isteach le rud ar bith do bhreith leis: 16agus an té atá ar an machaire, ná casadh sé ar ais le n‐a bhrat do thógáil. 17Agus is mairg do na mnáibh torrcha, agus dóibh‐sean do‐bheir cíoch ins na laethibh sin. 18Agus guidhidh nach sa ngeimhreadh thiocfas sé. 19Óir béidh ins na laethibh sin cruadhtan nach raibh a leithéid ann ó do cruthuigh Dia an domhan ar dtús go dtí anois, agus nach mbéidh ann go bráth. 20Agus muna mbéadh go raibh na laethe ciorrbhuighthe ag an Tighearna, ní thiocfadh aon duine slán as: acht ar son na bhfíréan atá toghtha aige, do chiorrbhuigh sé na laethe. 21Agus annsin má adeir aoinneach libh, Féach, atá Críost annso; nó, Féach, atá sé annsúd; ná creididh é: 22óir éireochaidh Críostanna bréige agus fáidhe bréige, agus taisbéanfaid‐sean cómharthaí agus iongantais, d’fhonn na fíréin féin do mhealladh, dá mb’ fhéidir é. 23Acht tabhraidh‐se aire: féach, atá gach nidh mniste agam daoibh roimh ré.
24Acht ins na laethibh sin, tar éis an anró sin, dorchóchaidh an ghrian, agus ní thiubhraidh an ghealach a solas, agus béidh na réaltana ag tuitim ó’n spéir, 25agus na cumhachta atá ins na flaitheasaibh, béidh siad d’á luascadh. 26Agus annsin do‐chifid Mac an Duine ag teacht ins na scamallaibh le cumhacht mhóir agus le glóir. 27Agus annsin cuirfidh sé a aingil amach, agus cruinneochaidh sé a fhíréin ó na ceithre gaothaibh, ó fhír‐imeall an domhain go fír‐imeall neimhe.
28Foghlamaidh ceacht ó’n gcrann fige: nuair bhíos a ghéag bog, agus an duilleabhar ag teacht uirthi, atá a fhios agaibh go bhfuil an samhradh i athchom‐aireacht: 29mar sin daoibh‐se, nuair do‐chífidh sibh na neithe seo ag teacht chum críche, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé i ngar daoibh, sa doras féin. 30Adeirim libh go fírinneach, Ní bhéidh deireadh leis an díne seo nó go ndéantar na neithe seo uile. 31Rachaidh spéir agus talamh ar ceal: acht ní rachaidh mo bhriathra‐sa ar ceal. 32Acht i dtaobh an lae úd, agus i dtaobh na h‐uaire úd, ní fhuil a fhios sin ag aoinneach, fiú amháin ag na h‐ainglibh, ná ag an Mac, acht amháin ag an Athair. 33Tabhraidh aire, bidhidh ag faire agus ag guidhe: óir ní fios daoibh cá fhaide go dtiocfaidh an t‐am. 34Mar do bhéadh duine ag imtheacht i bhfad ó bhaile, d’fhág a theach, agus thug an cúram d’á sheirbhíseachaibh, a chuid féin de’n obair do gach duine aca, agus d’órduigh do’n dóirseoir faire do dhéanamh. 35Déanaidh‐se faire, d’á bhrigh sin: óir ní fhuil a fhios agaibh cé an uair thiocfas fear an tighe, um thráthnóna, nó um uair an mheadhon‐oidhche, nó ar ghlaodhach an choiligh, nó ar maidin; 36ar eagla dá dtigeadh sé go h‐obann, gur ’n‐bhúr gcodladh do‐gheobhadh sé sibh. 37Agus an nidh adeirim libh‐se, adeirim le cách é, Déanaidh faire.
Currently Selected:
Marcus 13: ATN1951
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932