Gníomhartha 28
28
1Agus nuair do bhíomar slán, sábháilte, do bhí a fhios againn gur Melité do b’ainm do’n oileán. 2Agus do bhí an lucht áitreabhtha an‐chineálta linn: óir d’fhaduigheadar teine, agus do ghlacadar chuca sinn uile, mar gheall ar an mbáistigh do bhí ann, agus mar gheall ar an bhfuacht. 3Acht nuair do bhailigh Pól roinnt brosna, agus chuir sé ar an teinidh iad, tháinig nathair nimhe amach, ag teitheadh ó’n teas, agus fuair sí greim ar láimh air. 4Agus nuair chonnaic an lucht áitreabhtha an phiast ar liobarnaigh ar a láimh, adubhradar le chéile, Gan amhras, is dúnmharbhthóir an duine seo, agus, bíodh go dtáinig sé slán ó’n bhfairrge, ní leigeann díoghaltas Dé dhó bheith beo. 5Acht do chroth seisean an phiast de isteach san teinidh, gan anachain ar bith d’fhágháil. 6Acht do mheasadar go n‐atfadh sé, nó go dtuitfeadh sé marbh ar an láthair: acht tar a éis dhóibh bheith i bhfad ag feitheamh, agus nach bhfacadar dochar ar bith ag teacht dó, tháinig athrú intinne ortha, agus adubhradar gur dhia é.
7Is amhlaidh do bhí talta i n‐aice na h‐áite sin agus ba le fear cinn an oileáin iad, agus Publius ab’ ainm dó. Do ghlac seisean chuige sinn, agus ar feadh trí lá do chuir sé cóir mhaith go fial orainn. 8Agus tharla go raibh athair Phubliuis tinn ’n‐a luighe le fiabhras agus le flosc: agus do chuaidh Pól isteach chuige, agus do ghuidh sé ar a shon, agus do chuir sé a lámha air, agus do leigheas sé é. 9Agus nuair do‐rinneadh sin tháinig a raibh de dhaoinibh tinne ar an oileán, agus do leigheasadh iad: 10agus thugadar onóir mhór dúinn; agus nuair do bhíomar ag dul ar luing, do chuireadar ar bórd gach ar theastuigh uainn.
11Agus tar éis trí mí do sheolamar i luing as Alecsandria, do bhí tar éis an gheimhridh do caitheamh san oileán, agus na Díoscúrí do bhí mar shuaitheantas uirthi. 12Agus ag teacht go Suracúsa dhúinn, do stadamar annsin trí lá. 13As sin do thriallamar thart thimcheall go dtángamar go Régium: agus lá ’n‐a dhiaidh sin do shéid an ghaoth andeas, agus thángamar ar n‐a bhárach go Puteolí. 14Fuaramar bráithreacha annsin, agus d’iarradar orainn fanamhain aca seachtmhain: agus annsin thángamar go dtí an Róimh. 15Agus nuair fuaradar na bráithreacha tuairisc ’n‐ár dtaobh, thángadar as sin ag fáiltiú rómhainn chómh fada le Margadh Appiuis, agus Na Trí Tábhairní: agus nuair chonnaic Pól iad thug sé buidheachas do Dhia, agus do ghlac sé meisneach.
16Agus ar shroichint na Róimhe dhúinn, tugadh cead do Phól fanamhain leis féin i n‐éinfheacht leis an saighdiúir do bhí mar ghárda air.
17Agus thárla, i gcionn trí lá ’n‐a dhiaidh sin, gur ghlaodh sé chuige daoine móra na nIúdach: agus nuair do bhí siad cruinn le chéile, adubhairt sé leo, Im’ thaobh‐sa, a bhráithre, gidh nach ndearnas rud ar bith i gcoinnibh na ndaoine ná i gcoinnibh nós ár sinnsear, tugadh mé mar bhraighdeán ó Iarúsalem i lámhaibh na Rómhánach, 18agus, nuair do cheistigheadar‐san mé bhí a fhonn ortha mo scaoileadh saor, toisc nach raibh aon chúis báis le fágháil orm. 19Acht nuair do chuir na h‐Iúdaigh ’n‐a choinnibh sin, do b’éigean dom dul fá choimirce Chéasair; ní h‐é go raibh éinnidh agam le cur i leith mo chinidh féin. 20Ar an adhbhar sin thugas cuireadh dhaoibh go bhfeicfeadh sibh mé agus go labharfainn‐se libh: óir is ar son dóchais Israel atáim ceangailte leis an slabhradh so. 21Agus adubhradar‐san leis, Ní fhuaraimir‐ne litreacha ó Iúdaea id’ thaobh, ná ní tháinig duine de na bráithribh annso le tuairisc nó scéalaibh id’ choinnibh. 22Acht ba mhian linn fios scéil d’fhágháil uait i dtaobh a gcreideann tú: óir, i dtaobh na h‐aicme seo, is eol dúinn go bhfuiltear ag cainnt ’n‐a coinnibh ins gach áit.
23Agus nuair do shocruigheadar leis ar lá, tháinig a lán aca ’n‐a lóistín chuige; agus do mhínigh sé ríoghacht Dé dhóibh, ag tabhairt fiadhnaise air, ag iarraidh a mbaineann le h‐Íosa do chruthú dhóibh as reacht Maoise agus as na fáidhibh, ó mhaidin go tráthnóna. 24Agus do bhí cuid aca do chreid an méid adubhradh, agus bhí cuid nár chreid. 25Agus nuair nár fhéadadar teacht ar aon intinn eadortha féin, d’imthigheadar, tar a éis do Phól focal amháin a rádh leo, Is maith adubhairt an Spiorad Naomh tré bhéal Ésáias fáidh, 26g‐á rádh,
Téigh chum an phobail seo, agus abair,
Cluinfidh sibh ag cluinsin, agus ní thuigfidh sibh ar aon chor;
Agus do‐chífidh sibh ag féacham, agus ní thiubhraidh sibh fá deara:
27Óir d’éirigh croidhe an phobail seo cruaidh,
Agus atá bodhaire ar a gcluasaibh
Agus atá a súile dúnta;
Ar eagla go bhfeicfidís le n‐a súilibh,
Agus go gcluinfidís le n‐a geluasaibh,
Agus go dtuigfidís le n‐a gcroidhe,
Agus go n‐iompóchaidís,
Agus go leigheasfainn iad.
28D’á bhrigh sin, bíodh a fhios agaibh, go bhfuil an slánughadh so ó Dhia d’á chur chum na gCineadhach: agus do chluinfidh siad‐san.
30Agus ar feadh dhá bhliadhan iomlán d’fhan sé ’n‐a chómhnaidhe ’n‐a thigh féin. Agus do ghlac sé chuige gach duine do thagadh isteach chuige, 31ag craobhscaoileadh ríoghachta Dé, agus ag múineadh le dánacht na neithe bhaineas leis an Tighearna Íosa Críost, gan aon duine ag cur coisc leis.
Currently Selected:
Gníomhartha 28: ATN1951
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932