Gníomhartha 27
27
1Annsin nuair do shocruigheadar go rachaimís fá sheol go dtí an Iodáil, thugadar Pól agus roinn príosúnach eile do cheanntúir darbh ainm Iúlius, de bhuidhin Augustuis. 2Agus ag dul ar bórd dúinn i luing ó Adramuttium, do bhí d’á seoladh le taobh cósta na h‐Áise, d’imthigheamar ar an bhfairrge, agus Aristárchus, Maiceadónach ó Thessalónica, i n‐éinfheacht linn. 3Agus an lá ’n‐a dhiaidh sin thángamar go Sidón: agus bhí Iúlius cineálta le Pól, agus thug sé cead dó dul fá thuairisc a charad agus sócamhal d’fhágháil uatha. 4Agus ag imtheacht dúinn ó’n áit sin, do sheolamar ar scáth Chupruis, mar bhí an ghaoth ’n‐ár gcoinnibh. 5Agus nuair do sheolamar trasna na fairrge atá ar aghaidh Chilicia agus Phamfilia, thángamar go Murra i Lucia. 6Fuais an ceanntúir annsin long ó Alecsandria do bhí ag dul go dtí an Iodáil; agus do chuir sé ar bórd uirthi sinn. 7Agus tar éis loingseoireacht mhall do dhéanamh ar feadh mórán laethe, thángamar ar éigean ar aghaidh Chníduis, agus, ó bhí an ghaoth ’g‐ár gcosc, do sheolamar ar scáth na Créite, láimh le Salmóné; 8annsin do sheolamar thairis sin le duadh go dtángamar go h‐áit ar a dtugtar na Deagh‐Chuanta; i n‐aice le baile mór Laséa.
9Agus ó bhí a lán de’n aimsir caithte, agus an loingseoireacht ag éirghe contabhartach, óir do bhí uair an troscaidh thart, thug Pól cómhairle dóibh, 10agus adubhairt sé leo, A fheara, do‐chítear dom gur mór an díoghbháil agus an dochar, ní h‐é amháin do’n lucht agus do’n luing, acht d’ár n‐anamannaibh féin atá i ndán dúinn ar an aistear so. 11Acht ba thúisce d’éist an ceanntúir le stiúrthóir agus le máighistir na luinge ’ná le Pól. 12Agus de bhrigh nach raibh an cuan oireamhnach leis an ngeimhreadh do chaitheamh ann, ba í an chómhairle ar ar chinn a bhfurmhór, imtheacht as chum fairrge, le súil go bhféadfaidís Foinicé, cuan na Créite, shíneas siar ó dheas agus siar ó thuaidh, do bhaint amach, agus an geimhreadh do chaitheamh ann. 13Agus d’éirigh gaoth bhog andeas, agus do cheapadar go raibh leo, agus do thógadar an t‐ancaire agus sheoladar le h‐ais na Créite, i n‐aice na tíre. 14Acht níorbh fhada go dtáinig anuas anfadh mór gaoithe ar a dtugtar Eúraculó: 15agus ó bhí an long d’á scuabadh roimpi, agus nár fhéad sí cur i n‐aghaidh na gaoithe, do leigeamar dí imtheacht roimpi. 16Agus ag dul isteach dúinn fá scáth oileáin bhig dárbh ainm Clauda, d’éirigh linn le saothar mór an bád do shábháil: 17agus nuair do bhí sé tógtha ar bórd aca, do‐rinneadar úsáid de théadaibh, g‐á gcur fá’n luing: agus ar eagla go gcaithfidhe iad ar bheo‐ghainimh Shurtis, do leagadar na seolta, agus tiomáineadh sinn ar as gcuma sin. 18Agus ó bhíomar d’ár suathadh go millteach le neart stoirme, do thosnuigheadar an lá ’n‐a dhiaidh sin ar an luing d’fholmhú; 19agus an tríomhadh lá do chaitheamar amach táclaí na luinge le n‐ár lámhaibh féin. 20Annsin ó bhíomar mórán laethe gan solas na gréine ná na réaltan d’fheicsin, agus stoirm an‐mhór ag bualadh orainn, ní raibh aon tsúil againn go dtiocfaimís slán as. 21Agus ó bhíodar i bhfad gan biadh do chaitheamh, d’éirigh Pól ’n‐a sheasamh ’n‐a lár, agus adubhairt, A fheara, ba cheart daoibh éisteacht liom‐sa, gan imtheacht ó’n gCréit, agus an díoghbháil agus an chaill seo do sheachaint. 22Acht anois iarraim oraibh meisneach do ghlacadh: ór ní caillfear duine ar bith agaibh, ní caillfear acht an long. 23Óir do sheas aingeal Dé, gur leis mé, agus d’á ndéanaim seirbhís, 24lem’ ais anoct, g‐á rádh, Ná bíodh eagla ort, a Phóil; caithfidh tú seasamh i láthair Chéasair: agus féach, atá anamanna na ndaoine uile atá ar an luing bronnta ag Dia ort. 25D’á bhrigh sin, a fheara, bíodh meisneach agaibh: óir creidim Dia go cinnte, de réir mar adubhradh liom, gur mar sin bhéas. 26Acht caithfimíd talamh do bhualadh ar oileán éigin.
27Acht an cheathramhadh h‐oidhche déag, nuair do bhíomar d’ár luascadh siar agus aniar san Adria, timcheall uaire an mheadhon oidhche, do mheas na mairnéalaigh go rabhadar ag tarraing ar thír éigin; 28agus do leigeadar síos an luaidh, agus fuaradar fiche feadh doimhneachta: agus tar éis scaithimh, leigeadar síos an luaidh arís, agus fuaradar cúig feadha déag. 29Agus ar eagla go mbuailfimís talamh cairrgeach, do chuireadar amach ceithre h‐ancairí ó chúl na luinge, agus d’fhanadar le gealadh an lae. 30Agus mar bhí na mairnéalaigh ag iarraidh éalodh ó’n luing, agus an bád thíos ar an bhfairrge aca, g‐á chur i gcéill gur ag cur ancaire amach ó cheann tosaigh na luinge do bhídís, 31adubhairt Pól leis an gceanntúir agus leis na saighdiúiribh, Muna bhfanaidh siad‐san san luing, ní féidir dhaoibh‐se dul slán. 32Annsin do ghearr na saighdiúirí téada an bháid, agus do leigeadar dó tuitim ar gcúl. 33Agus chómh fhad agus bhíodar ag fanamhain le breacadh an lae, d’iarr Pól ortha biadh do chaitheamh, g‐á rádh, Is é seo an ceathramhadh lá déag agaibh ag fanamhain agus sibh ’n‐bhúr dtroscadh, gan aon bhiadh do chaitheamh. 34Is é mo chómhairle dhaoibh, d’á bhrigh sin, biadh do chaitheamh: óir is é leas bhúr sláinte é: óir ní caillfear ribe gruaige de cheann duine ar bith agaibh. 35Agus ar n‐a rádh sin dó, do thóg sé arán, agus do ghabh sé buidheachas le Dia ’n‐a bhfiadhnaise go léir: agus do bhris sé é agus do thionnscain sé g‐á ithe. 36Annsin do ghlacadar meisneach, agus do chaitheadar féin biadh leis. 37Dhá chéad, trí fichid agus seisear déag ar fad do bhí againn san luing. 38Agus nuair do bhí a ndóthain ithte aca, d’éadtromuigheadar an long, ag caitheamh na cruithneachtan amach san bhfairrge. 39Agus nuair bhí solas an lae ann, níor aithnigheadar an tír: acht thugadar fá deara cuan beag agus tráigh ann, agus do cheapadar, dá mb’ fhéidir é, an long do sháthadh isteach uirthi. 40Agus ag scaoileadh na n‐ancaire dhóibh, d’fhágadar san bhfairrge iad, ar an am céadna do scuradar ceanglach na stiúireann; agus ag árdú an tseoil tosaigh leis an ngaoith, do‐rinneadar ar an tráigh. 41Acht, ag tuitim i n‐áit ’n‐a raibh dhá fhairrge ag bualadh le chéile, do sháthadar an long san talamh; agus do daingnigheadh tosach na luinge, acht do thosnuigh a deireadh g‐á bhriseadh le tréantuargan na dtonn. 42Agus ba é cómhairle na saighdiúir na príosúnaigh do mharbhadh, ar eagla go snámhfadh duine aca agus go n‐éalóchadh sé. 43Acht do bhí a fhonn ar an gceanntúir Pól do shábháil, agus ní leigfeadh sé dhóibh é, agus d’órduigh sé dhóibh‐sean go raibh snámh aca a gcaitheamh amach ar dtús agus an tír do bhaint amach: 44agus na daoine eile ’n‐a ndiaidh, cuid aca ar chláraibh, agus cuid aca ar neithibh ó’n luing. Agus thárla mar sin, go dtáinig gach duine aca slán chum tíre.
Currently Selected:
Gníomhartha 27: ATN1951
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932