YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 21

21
1Agus nuair do bhí scartha againn leo san deireadh, agus an long fá sheol againn, thangamar díreach ar aghaidh go Cós, agus an lá ’n‐a dhiaidh sin go Ródos, agus as sin go Patara: 2agus fuaramar long do bhí ag dul trasna go Foinícé, agus do chuamar ar bórd, agus do ghluaiseamar fá sheol. 3Agus nuair tháinig Cuprus ’n‐ár radharc, d’fhágamar ar an láimh chlé é, agus do sheolamar go Siria, agus thángamar i dtír i dTuire: óir do bhí last na luinge le díluchtú annsin. 4Agus nuair fuaramar na deisceabail, d’fhanamar annsin seachtmhain: agus do bhíodar g‐á rádh le Pól tríd an Spiorad, gan cos do chur i nIarúsalem. 5Agus nuair do bhí an t‐am istigh againn, d’imthigheamar rómhainn ar ár n‐aistear; agus tháinig siad go léir, iad féin agus a mná agus a gclann, ’g‐ár dtiodhlacadh, nó go rabhamar taobh amuigh de’n chathair: agus ar ár nglúnaibh dúinn ar an gcladach, do ghuidheamar, agus d’fhágamar slán ag a chéile; 6agus chuamair‐ne ar bórd, acht d’fhilleadar‐san ar ais abhaile.
7Agus nuair do bhí deireadh le n‐ár n‐aistear ó Thuire, do shroicheamar Ptolemáis; agus do bheannuigheamar do na bráithreachaibh, agus d’fhanamar lá ’n‐a bhfochair. 8Agus d’imthigheamar lá ar n‐a bhárach, agus thángamar go Céasaria: agus ag dul isteach dhúinn i otigh Philip soiscéalaidhe, duine de’n mhóirsheisear, d’fhanamar aige. 9Is amhlaidh do bhí ceathrar inghean ag an bhfear sin, maighdeana do dhéanadh fáidheadóireacht. 10Agus mar bhíomar ag fanamhain annsin tamall maith, tháinig fáidh darbh ainm Agabus anuas ó Iarúsalem. 11Agus ag teacht chugainn dó, agus ag tógáil creasa Phóil, do cheangail sé a chosa agus a lámha féin, agus adubhairt, Is é adeir an Spiorad Naomh, Ar an gcuma so, is eadh cheanglóchas na h‐Iúdaigh i nIarúsalem an fear gur leis an crios so, agus do‐bhéarfaidh siad ar lámhaibh do na Cineadhachaibh é. 12Agus ar n‐a chlos sin dúinn, d’iarramar féin, agus d’iarr muinntear na h‐áite sin d’athchuinghe air gan dul go h‐Iarúsalem. 13Annsin d’fhreagair Pól, Cad chuige dhaoibh bheith ag gol agus ag briseadh mo chroidhe? óir atáim‐se ullamh, ní h‐é amháin chum bheith ceangailte, acht fós chum báis d’fulang i nIarúsalem ar son ainme an Tighearna Íosa. 14Annsin, nuair nárbh fhéidir a intinn d’athrú, do stadamar, g‐á rádh, Go ndéantar toil an Tighearna.
15Agus tar éis na laethe sin, do chuireamar gach uile nidh le chéile, agus do chuamar suas go h‐Iarúsalem. 16Agus tháinig i n‐éinfheacht linn cuid de na bráithreachaibh ó Chéasaria, agus thugadar leo Mnasón ó Chuprus, sean‐deisceabal, go rabhamar le bheith ar aoigheacht aige.
17Agus ar dteacht go h‐Iarúsalem dúinn, do bhí fáilte mhór ag na bráithreachaibh rómhainn. 18Agus an lá ’n‐á dhiaidh sin do chuaidh Pól mar aon linn isteach i dtigh Shéamais; agus bhí na seanóirí go léir i láthair, leis. 19Agus nuair do bhí beannuighthe aige dhóibh, d’innis sé dhóibh i ndiaidh a chéile gach a ndearna Dia i measc na gCineadhach de bhárr a sheirbhíse. 20Agus nuair do‐chualadar é, thugadar glóir do Dhia; agus adubhradar leis, Do‐chí tú, a bhráthair, na mílte móra dhíobh‐san go bhfuil an creideamh aca atá i measc na nIúdach; agus atáid uile láin‐dílis do’n reacht: 21agus do h‐inniseadh dhóibh id’ thaobh‐sa, go bhfuilir g‐á mhúineadh do na h‐Iúdachaibh go léir atá i measc na gCineadhach Maois do thréigean, g‐á rádh leo gan a gclann do thimcheall‐ghearradh, ná leanamhain de na sean‐chleachtaibh. 22Créad atá le déanamh mar sin? is cinnte go gcluinfidh siad go dtáinig tú. 23Ar an adhbhar sin, déan an nidh seo adeirimíd leat: Atá ceathrar fear againn atá fá bhrigh móide; 24beir leat iad‐san, agus glantar thú i n‐éinfheacht leo, agus íoc as a gcostas, chum go mbearrfaidh siad a gcinn: annsin béidh a fhios ag gach duine nach bhfuil aon fhírinne san méid do h‐inniseadh dhóibh id’ thaobh; acht go siubhalfair féin i gceart, mar chosantóir an reachta. 25Acht i dtaobh na gCineadhach do chreid, do cheapamair‐ne, agus do scríobhamar go staonfaidís ó gach nidh íodhbartar d’íodhalaibh, agus ó fhuil, agus ó’n nidh do tachtadh, agus ó dhrúis. 26Annsin do ghlac Pól leis na fearaibh, agus lá ar n‐a bhárach do ghlan sé é féin mar aon leo, agus do chuaidh sé isteach san teampall, g‐á chur i dtuigsin go raibh laethe a nglanta d’á gcóimhlíonadh, nó go ndearnadh íodhbairt ar son gach duine aca.
27Agus nuair do bhí na seacht laethe beagnach críochnuighthe, na h‐Iúdaigh ó’n Áise, nuair do chonnacadar san teampall é, do ghríosadar an rluagh, agus do chuireadar lámha air, 28agus do ghlaodhadar, A chlanna Israel, cabhair: Seo é an duine atá ag múineadh na ndaoine go léir ins gach áit i gcoinnibh an phobail, agus i gcoinnibh an reachta, agus i gcoinnibh na h‐áite seo: agus thairis sin, thug sé Gréagaigh isteach san teampall, agus atá an áit naomhtha truaillighthe aige. 29Óir do chonnacadar, roimhe sin san gcathair, Trofimus Eiféiseach, agus do shíleadar go dtug Pól isteach san teampall é. 30Agus do bhí corruighe mór ar fud na cathrach, agus do bhí na daoine ag rith i n‐éinfheacht le chéile, agus rugadar ar Phól, agus do tharraing siad amach as an teampall é: agus ar ball do dúnadh na dóirse. 31Agus a fhaid do bhíodar d’iarraidh é do mharbhadh, tháinig scéala chum árd‐caiptín na buidhne armtha go raibh Iarúsalem go léir tré chéile. 32Agus thug sé leis ar an láthair saighdiúirí agus ceanntúirí, agus do rith sé síos chuca: agus nuair do chonnacadar‐san an t‐árdchaiptín agus na saighdiúirí, do scuireadar de bheith ag bualadh Phóil. 33Annsin do dhruid an t‐árdchaiptín i n‐aice leis, agus rug sé air, agus d’órduigh sé a cheangail le dhá shlabhradh; agus d’fhiafruigh sé cia arbh é, agus créad do bhí déanta aige. 34Agus do ghlaodh cuid aca é seo agus cuid eile é siúd, i measc an tsluaigh: agus nuair nár fhéad sé a fhios d’fhágháil go cruinn caidé an fáth do bhí leis an toirmeasc, d’órduigh sé a thabhairt isteach san gcaisleán. 35Agus thárla, nuair do bhí sé ag dul suas an staighre, gurbh éigean do na saighdiúiribh a iomchar mar gheall ar dhéine an tsluaigh; 36óir do bhí sluagh na ndaoine ag leanamhain, agus iad g‐á ghlaodhach, Curtar chum báis é.
37Agus le linn Pól bheith d’á bhreith isteach san gcaisleán, adubhairt sé leis an árd‐chaiptín, An misde dhom focal do rádh leat? Agus adubhairt seisean, An bhfuil Gréigis agat? 38Nach tusa an t‐Éigipteach úd, do bhrostuigh na ceithre míle ropaire marbhthach úd, agus do threoruigh amach san bhfásach iad? 39Acht adubhairt Pól, Is Iúdach mé, as Társús Chilicia, cathruightheoir cathrach nach suarach; iarraim ort a leigin dom labhairt leis an bpobal. 40Thug sé an cead dó, agus, ’n‐a sheasamh do Phól ar an staighre, do bhagair sé a lámh ar an bpobal; agus nuair do bhí láin‐chiúnas ann, do labhair sé leo as an teangain Eabhra, g‐á rádh,

Currently Selected:

Gníomhartha 21: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in