YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 22

22
1A bhráithreacha agus a aithreacha, éistidh leis an gcosnamh atá agam d’á dhéanamh dhaoibh anois.
2Agus nuair d’airigheadar é ag cainnt leo as an teangain Eabhra, ba mhóide a gciúnas é: agus adubhairt sé,
3Is Iúdach mé, rugadh i dTarsus Chilicia, acht tógadh mé san gcathair seo, ag cosaibh Ghamaliél, do múineadh mé go beacht de réir dlighe ár n‐aithreach, agus do bhíos lán de dhíoghrais ar son Dé, fá mar atá sibh‐se indiu: 4agus do‐rinneas géirleanamhain go bás ar an Slighe seo, ag ceangal fear agus ban, agus g‐á gcur i bpríosún. 5Bíodh a fhiadhnaise sin ar an árd‐shagart, agus ar na seanóiribh go léir: ó n‐a bhfuaras litreacha chum na mbráithreach, agus do bhíos ar mo bhealach go Damascus, chum iad‐san do bhí ann do thabhairt ceangailte go h‐Iarúsalem, chum peannaid d’fhágháil annsin. 6Agus thárla, san tslighe dhom, agus mé ag tarraing ar Dhamascus, tuairim uaire an mheadhon‐lae, gur las im’ thimcheall solas an‐lonnrach ó neamh. 7Agus do thuiteas ar an talamh, agus do‐chualas an guth g‐á rádh liom, A Shaul, a Shaul, cad chuige dhuit bheith ’gam’ géirleanamhain? 8Agus d’fhreagras‐sa, Cia thusa, a Thighearna? Agus adubhairt sé liom, Is mise Íosa Nasardha atá agat d’á ghéirleanamhain. 9Agus na daoine do bhí im’ fhochair, gidh go bhfacadar an solas, ní chualadar guth an té do bhí ag labhairt liom. 10Agus adubhras, Créad atá le déanamh agam, a Thighearna? Agus adubhairt an Tighearna liom, Éirigh, agus téigh go Damascus; agus inneosfar duit annsin gach nidh atá ceaptha dhuit le déanamh. 11Agus mar bhíos gan radharc mar gheall ar dhéine an tsolais sin, do threoruigh siad‐san do bhí i n‐éinfheacht liom ar láimh mé, agus tháinig mé go Damascus. 12Agus Ananias, fear diadha de réir an reachta, agus deagh‐thuairisc air i measc na nIúdach do bhí ’n‐a gcómhnaidhe annsin, 13tháinig sé chugam, agus, ’n‐a sheasamh dhó lem’ ais, adubhairt sé liom, A Shaul, a bhráthair, bíodh do radharc agat. Agus an uair chéadna do dhearcas air. 14Agus adubhairt sé, Do cheap Dia ár sinnsear thú chum a thoile do thuigsin, agus chum an Aoin Ionnraic d’fheicsin, agus chum glóir a bhéil do chlos. 15Óir béidh tú id’ fhiadhnaidhe dhó i láthair na ndaoine go léir, ar a bhfacais agus ar a gcualais. 16Agus cad chuige an mhoill sin ort anois? éirigh, baistthear thú, agus nigh dhíot do pheacaidhe, ag glaodhach ar a ainm. 17Agus thárla, nuair d’fhilleas go h‐Iarúsalem, agus go rabhas ag guidhe san teampall, go dtáinig táimhnéall orm, 18agus go bhfacas é g‐á rádh liom, Brostuigh ort, agus imthigh go luath as Iarúsalem: óir ní ghlacfaidh siad do theistiméireacht im’ thaobh. 19Agus adubhras, A Thighearna, is maith is eol dóibh féin go mbínn‐se ag cur gach duine do chreid ionnat‐sa i bpríosún, agus go mbínn g‐á sciúirseadh ins gach sionagóig: 20agus nuair do bhí fuil Stiofáin, t’fhiadhnaidhe, d’á doirteadh, do bhíos‐sa im’ sheasamh i láthair, ag aontadh leo, agus ag coimhéad éadaighe na ndaoine do bhí g‐á mharbhadh. 21Agus adubhairt sé liom, Imthigh leat: óir cuirfead amach thú as so chum na gCineadhach i gcéin.
22D’éisteadar leis go dtí an focal sin; annsin d’árduigheadar a nglór, agus adubhradar, Curtar a leithéid sin de’n tsaoghal; óir ní cóir é bheith beo. 23Agus nuair do bhíodar ag glaodhach os árd, agus ag caitheadh a n‐éadaighe dhíobh, agus ag scaipeadh luaithridh san aer, 24d’órduigh an t‐árd‐chaiptín a thabhairt isteach san gcaisleán, agus a cheistiú fá’n sciúirse, go bhfaigheadh sé amach caidé an chúis go rabhadar ag liúirigh mar sin ’n‐a aghaidh. 25Agus nuair do cheangladar é le téadaibh, adubhairt Pól leis an gceanntúir do bhí ’n‐a sheasamh i láthair, An dlisteanach duit fear Rómhánach do sciúirseadh, agus gan a dhaoradh ar dtús? 26Nuair do‐chuala an ceanntúir sin, do chuaidh sé chum an árd‐chaiptín, agus d’innis sé dhó é, g‐á rádh, Créad é sin mheasas tú do dhéanamh? Fear Rómhánach is eadh an duine sin. 27Agus tháinig an t‐árd‐chaiptín, agus adubhairt sé leis, Innis dom, an Rómhánach thú? Agus adubhairt seisean, Is eadh. 28Agus d’fhreagair an t‐árd‐chaiptín, D’íocas‐sa go daor as an tsaoirse so. Agus adubhairt Pól, Acht rugadh mise amhlaidh. 29Annsin, ar an láthair, d’imthigh siad‐san do bhí le n‐a phianadh: agus do bhí eagla ar an árd‐chaiptín, leis, nuair do bhí a fhios aige gur Rómhánach é, agus toisc gur cheangail sé é.
30Acht lá ar n‐a bhárach, ó ba mhian leis a fhios d’fhágháil go cruinn, créad do bhí ag na h‐Iúdachaibh d’á chur ’n‐a leith, do scaoil sé é, agus d’órduigh sé do na h‐árd‐shagartaibh agus do’n árd‐chómhairle uile teacht le chéile, agus thug sé Pól amach, agus chuir sé os a gcómhair é.

Currently Selected:

Gníomhartha 22: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in