Gníomhartha 14
14
1Agus thárla i nIcónium go ndeachadar araon isteach i sionagóig na nIúdach, agus gur labhradar ar chuma gur chreid sluagh mór de na h‐Iúdachaibh agus de na Gréagachaibh. 2Acht na h‐Iúdaigh do bhí díchreideamhnach, do ghríosadar na Cineadhaigh, agus do mhúscladar mioscais ’n‐a h‐inntinn do na bráithreachaibh. 3Acht d’fhanadar tamall fada annsin ag labhairt go dána i muinighin an Tighearna, thug fiadhnaise do bhriathar a ghrása, agus míorbhailtí agus iongantais d’á ndéanamh d’á dheoin tré n‐a lámhaibh. 4Acht d’éirigh deighilt idir mhuinntir na cathrach; cuid aca ag cur leis na h‐Iúdachaibh, agus cuid aca ag cur leis na h‐abstalaibh. 5Agus nuair d’éirigh droch‐fhuadar fá na Cineadhachaibh agus fá na h‐Iúdachaibh mar aon le n‐a riaghlóiribh, chum droch‐íde do thabhairt ortha, agus gabháil de chlochaibh ortha, do chonnacthas dóibh é, 6agus do theicheadar go cathrachaibh Licaónia, go Listra agus go Derbé, agus go dtí an dúthaigh mágcuairt: 7agus do chraobhscaoileadar an soiscéal annsin.
8Agus do bhí fear ’n‐a shuidhe i Listra nach raibh lúth na gcos aige, cláiríneach ó bhroinn a mháthar, nár shiubhail ariamh. 9Do bhí an duine seo ag éisteacht le Pól ag cainnt: agus nuair do dhearc seisean go grinn air, agus thug sé fá deara go raibh creideamh chum a shlánuighthe aige, 10adubhairt sé de ghuth árd, Éírigh id’ sheasamh go díreach ar do chosaibh. Agus d’éirigh sé de léim, agus do shiubhail sé. 11Agus nuair do chonnaic na sluaighte a raibh déanta ag Pól, do ghlaodhadar i n‐árd a ngotha as cainnt Licaónia, g‐á rádh, Atá na déithe tagtha anuas chugainn i riocht daoine. 12Agus thugadar Iúpiter ar Bharnabas, agus Mercúrius ar Phól, mar ba eisean ba mhó do labhair. 13Agus sagart Iúpiter, go raibh a theampall os cómhair na cathrach, thug sé leis tairbh agus bláith‐fhleisc go dtí na geataí, agus fonn air íodhbairt do dhéanamh mar aon leis na sluaightibh. 14Acht nuair do‐chuala na h‐abstail, Barnabas agus Pól ’n‐a thaobh, do réabadar a n‐éadaighe, agus do léimeadar amach i measc an tsluaigh, 15ag liúghadh agus g‐á rádh, A dhaoine, créad do b’áil libh a leithéid sin do dhéanamh? Daoine go bhfuil an nádúir chéadna againn agus atá agaibh féin, is eadh sinne, agus atáimíd ag tabhairt deagh‐scéala dhaoibh, go gcaithfidh sibh iompódh ó na neithibh baotha sin chum Dé bhí, do chruthuigh neamh, agus talamh, agus muir, agus a bhfuil ionnta: 16an té do leig do na cineadhachaibh, ins na tráthaibh atá imthighthe, siubhal ar a slighthibh féin. 17Cibé sin de, níor fhág sé é féin gan fiadhnaise, g‐á chur i gduigsin as ucht an mhaitheasa do‐rinne sé, óir thug sé báisteach agus séasúir thorthacha ó’n spéir dhaoibh, ag líonadh bhúr gcroidhe de bhiadh agus de gháirdeachas. 18Agus bíodh gur labhradar ar an gcuma sin, is ar éigin d’éirigh leo na daoine do chosc gan íodhbairt do dhéanamh dóibh.
19Acht tháinig Iúdaigh go dtí an áit sin ó Antuaigh agus ó Icónium, do spreag na daoine, agus do ghabh de chlochaibh ar Phól, agus do tharraingt amach as an gcathair é, mar ba dhóigh leo go raibh sé marbh. 20Acht nuair do bhí na deisceabail ’n‐a seasamh ’n‐a thimcheall, d’éirigh sé, agus do chuaidh sé isteach san gcathair: agus lá ar n‐a bhárach d’imthigh sé mar aon le Barnabas go Derbé. 21Agus tar a éis dóibh an soiscéal do chraobhscaoileadh do mhuinntir na cathrach sin, agus mórán deisceabal do dhéanamh, d’fhilleadar go Listra, agus go h‐Icónium, agus go h‐Antuaigh, 22ag neartú anamann na ndeisceabal, g‐á spreagadh chum bheith seasamhach san gcreideamh, mar gur tré mórán d’fhulang caithfear ríoghacht Dé do bhaint amach. 23Agus tar éis seanóirí do thoghadh dhóibh ins gach eaglais, agus urnaighe agus troscadh do dhéanamh, d’fhágadar iad fá choimirce an Tighearna, go raibh a gcreideamh ann. 24Agus do ghabhadar tré lár Phisidia, go dtángadar go Pamfilia. 25Agus tar a éis dóibh an briathar do labhairt i bPérgé, do chuadar síos go h‐Attalia; 26agus do chuadar ar luing ó’n áit sin go h‐Antuaigh, an áit as ar cuireadh iad fá ghrás Dé chum na h‐oibre do bhí críochnuighthe aca. 27Agus nuair thángadar, agus do chruinnigheadar an eaglais i gceann a chéile, d’inniseadar gach a ndearna Dia tríotha, agus cionnas mar d’fhoscail sé doras creidimh do na Cineadhachaibh. 28Agus d’fhanadar tamall maith annsin i bhfochair na ndeisceabal.
Currently Selected:
Gníomhartha 14: ATN1951
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932