YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 15

15
1Agus tháinig daoine áirithe anuas ó Iúdaea, agus do bhíodar ag teagasc na mbráithreach, g‐á rádh, Muna dtimcheall‐ghearrthar sibh de réir reachta Mhaoise, ní féidir bhúr slánú. 2Agus tar éis aighnis agus conspóide nár bheag do bhí ag Pól agus ag Barnabas leo‐san, do socruigheadh go rachadh Pól agus Barnabas, agus cuid eile aca suas go h‐Iarúsalem chum na n‐abstal agus na seanóir fá’n scéal seo. 3D’imthigheadar, mar sin, agus lucht na h‐eaglaise d’á dtionnlacan, agus do ghabhadar tré Fhoinicia agus tré Shamária, g‐á innsin cionnas h‐iompuigheadh na Cineadhacha: agus do chuireadar áthas mór ar na bráithreachaibh go léir. 4Agus ar shroicheadh Iarúsalem dóibh, d’fháiltigh an eaglais agus na h‐abstail agus na seanóirí rómpa, agus d’inniseadar tríd síos gach a ndearna Dia tríotha. 5Acht d’éirigh daoine áirithe d’aicme na bhFairisíneach go raibh an creideamh aca, g‐á rádh, Ní foláir iad do thimcheall‐ghearradh, agus a chur d’fhiachaibh ortha reacht Mhaoise do choimhéad.
6Annsin tháinig na h‐abstail agus na seanóirí i gceann a chéile leis an scéal do bhreathnú. 7Agus tar éis diospóireachta fada, d’éirigh Peadar ’n‐a sheasamh, agus adubhairt sé leo,
A bhráithreacha, is eol daoibh go ndearna Dia toghadh eadraibh, tamall maith ó shoin, gur as mo bhéal‐sa do‐chluinfeadh na Cineadhacha briathar an tsois céil agus go gcreidfidís. 8Agus Dia thuigeas a bhfuil san gcroidhe, thug sé fiadhnaise ’n‐a bhfábhar, ag bronnadh an Spioraid Naoimh ortha, fá mar bhronn sé orainne; 9agus ní dhearna sé deifridheacht ar bith idir sinne agus iad‐san ag glanadh a gcroidhe le creideamh. 10Cad chuige dhaoibh anois, d’á bhrigh sin, cathú do chur ar Dhia, ag cur cuinge ar mhuineálaibh na ndeisceabal, nár fhéad ár sinnsir ná sinn féin d’iomchar? 11Acht creidimíd go slánóchar sinne tré ghrás an Tighearna Íosa, fá mar slánuigheadh iad‐san.
12Agus d’fhan an chuideachta uile ’n‐a dtost; agus d’éisteadar le Pól agus le Barnabas ag innsin i dtaobh na míorbhal agus na n‐iongantas do‐rinne Dia tríotha féin i measc na gCineadhach. 13Agus nuair bhíodar ’n‐a dtost, d’fhreagair Séamas, g‐á rádh, A bhráithreacha, éistidh liom‐sa: 14D’innis Símeon cionnas mar d’fhéach Dia ar dtús ar an Cineadhachaibh chum pobal do thoghadh asta d’á ainm féin. 15Agus aontuigheann briathra na bhfáidh leis sin; mar atá scríobhtha,
16Fillfead ’n‐a dhiaidh sin,
Agus tógfad arís tabernacal Dáibhí atá ar lár:
Agus tógfad arís a fhothraigh,
Agus cuirfead ar a bhonnaibh é:
17Chum go loirgfidh an chuid eile de na daoinibh an Tighearna,
Agus na Cineadhacha, ar a nglaodhtar m’ainm,
18Adeir an Tighearna, atá ag cur na neithe sin i dtuigsin ó thosach an tsaoghail.
19D’á bhrigh sin, is é mo bhreitheamhnas‐sa, gan buadhirt do chur ortha‐san iompuigheas chum Dé i measc na gCineadhach; 20acht scríobhadh chuca iad féin do sheachaint ar thruailleadh na n‐íodhal, agus ar striapachas, agus ar fheoil do tachtadh, agus ar fhuil. 21Óir ó’n aimsir i bhfad i gcéin, atá ag Maois ins gach cathair a sheanmóiridhthe féin, agus é d’á léigheadh gach sabóid ins na sionagógaibh.
22Annsin do shocruigh na h‐abstail agus na seanóirí ar dhaoine do thoghadh as a gcuideachtain féin, agus a seoladh go h‐Antuaigh i n‐éinfheacht le Pól agus le Barnabas: ba iad sin Iúdás ar a dtugadh Barsabbas, agus Sílas, fir tosaigh i measc na mbráithreach: 23agus do chuireadar scríbhinn tré n‐a lámhaibh, Ó na h‐abstalaibh agus ó na bráithreachaibh is sine chum na mbráithreach de shliocht na gCineadhach i nAntuaigh, agus i Siria, agus i gCilicia, beatha agus sláinte: 24De bhrigh gur clos dúinn go ndearna daoine áirithe do chuaidh amach uainn buadhirt daoibh le cainnt, ag cur mío‐shuaimhnis aigne oraibh; gan aon órdú d’fhágháil uainne: 25do shocruigheamar d’aon toil ar fhearaibh do thoghadh, agus ar iad do chur chugaibh i n‐éinfheacht le n‐ár gcáirdibh ionmhaine, Barnabas agus Pól, 26fir do chuir a n‐anmanna i gcontabhairt ar son ainme an Tighearna Íosa Críost. 27D’á bhrigh sin do chuireamar Iúdás agus Sílas, agus inneosaidh siad féin le briathraibh béil na neithe céadna. 28Óir is toil leis an Spiorad Naomh, agus linne, gan ualach níos truime ’ná an méid seo do chur oraibh; 29sibh féin do sheachaint ar neithibh do h‐íodhbradh d’íodhalaibh, agus ar fhuil, agus ar neithibh do tachtadh, agus ar striapachas; má chongbhuigheann sibh amach uatha sin, béidh an scéal go maith agaibh. Slán libh.
30Annsin nuair do cuireadh chum siubhail iad, do chuadar síos go h‐Antuaigh; agus do chruinnigheadar an pobal le chéile, agus thugadar uatha an scríbhinn. 31Agus nuair do léigheadh í, bhí an‐áthas ortha de bhárr an tsóláis. 32Agus Iúdás agus Sílas, ó ba fáidhe iad féin, do spreagadar na bráithreacha le mórán cainnte, agus do neartuigheadar iad. 33Agus tar a éis dóibh tamall do chaitheamh annsin, do cuireadh iad le síothcháin ó na bráithreachaibh chuca‐san do chuir uatha iad. 35Acht d’fhan Pól agus Barnabas i nAntuaigh, ag teagasc agus ag craobhscaoileadh briathair an Tighearna, agus mórán eile ag cuidiú leo.
36Agus tar éis tamaill adubhairt Pól le Barnabas, Fillimís anois le cuairt do thabhairt chum na mbráithreach atá ins gach cathair ’n‐ar chraobhscaoileamar briathar an Tighearna, d’fhéachain cionnas atá ag éirghe leo. 37Agus ba mhian le Barnabas Eoin ar a dtugadh Marcus, do thabhairt leo, leis. 38Acht níor mhaith le Pól an té do thréig iad i bPamfilia, gan dul san obair leo, do thabhairt leo. 39Uime sin d’éirigh easaontas géar eadortha, i dtreo gur scaradar le chéile, agus thug Barnabas Marcus leis, agus chuaidh sé ar luing go Cuprus; 40acht do thogh Pól Sílas, agus d’imthigh sé, tar a éis do na bráithreachaibh a chur fá choimirce grása an Tighearna. 41Agus do chuaidh sé tré Shiria agus tré Chilicia, ag neartú na n‐eaglais.

Currently Selected:

Gníomhartha 15: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in