YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 13

13
1Agus san eaglais do bhí i nAntuaigh do bhí fáidhe agus teagascóirí, ar a raibh Barnabas, agus Símeon Dubh, mar tugtaí air, agus Lúcius ó Churéné, agus Manaén cómhdhalta Ioruaith tetrarcha, agus Saul. 2Agus ag friotháileamh gnótha an Tighearna, agus ag déanamh troscaidh dhóibh, adubhairt an Spiorad Naomh, Cuiridh i leathtaoibh Barnabas agus Saul le h‐aghaidh na h‐oibre chum a bhfuil siad ceaptha agam. 3Annsin, tar a éis dóibh troscadh agus urnaighe do dhéanamh, agus a lámha do chur ortha, do chuireadar uatha iad.
4Uime sin, do chuadar fá stiúradh an Spioraid Naoimh, síos go Seleúcia; agus as sin do seoladh iad go Cuprus. 5Agus nuair do shroicheadar Salamis, do chraobhscaoileadar briathar Dé i sionagógaibh na nIúdach: agus bhí Eoin mar chongantóir aca. 6Agus nuair do bhí an t‐oileán uile siubhalta aca chómh fada le Pafos, fuaradar draoi áirithe, fáidh bréige, Iúdach, darbh ainm Bar‐Iésus; 7do bhí i bhfochair an phróconsúil, Sergius Paulus, fear tuigseanach. Do ghlaodh seisean Barnabas agus Saul chuige, agus ba mhian leis briathar Dé do chlos. 8Acht Elimas draoi (óir is mar sin mínighthear a ainm), do chuir sé ’n‐a gcoinnibh, ag iarraidh an phróconsúil d’iompódh ó’n gcreideamh. 9Acht Saul, go bhfuil Pól mar ainm air, leis, do bhí sé lán de’n Spiorad Naomh, agus ag féachain go géar air, 10adubhairt sé, A dhuine atá lan de gach ceilg agus de gach feall, a mhic an diabhail, a námhaid gach cirt, nach staonfaidh tú ó shlighthibh díreacha an Tighearna do chur bun os cionn? 11Agus féach anois, atá lámh an Tighearna ort, agus béidhir id’ dhall, gan solas na gréine d’fheicsin go ceann tamaill. Agus leis sin do thuit scamall agus dorchacht air; agus ag siubhal dó, bhí sé ag iarraidh duine do‐bhéarfadh lámh dó. 12Annsin, nuair do chonnaic an próconsúl a raibh déanta, do chreid sé, ag déanamh iongantais de theagasc an Tighearna.
13Agus do chuaidh Pól agus a chomplacht ar luing ó Phafos, agus thángadar go Pergé i bPamfilia; agus d’imthigh Eoin uatha, agus d’fhill sé go h‐Iarúsalem. 14Acht do chuadar‐san rómpa ó Phergé, go dtángadar go h‐Antuaigh i bPisidia; agus do chuadar isteach san tsionagóig lá na sabóide, agus do shuidheadar síos. 15Agus nuair do bhí léigheadh an reachta agus na bhfáidh déanta, do chuir uachtaráin na sionagóige teachtaireacht chuca, g‐á rádh, A bhráithreacha, má tá focal congantach le h‐aghaidh an phobail agaibh, labhraidh. 16Agus d’éirigh Pól ’n‐a sheasamh, agus ag bagairt ciúnais le n‐a láimh dó, adubhairt sé,
A phobail Israel, agus sibh‐se ar a bhfuil eagla Dé, éistidh. 17Do thogh Dia an phobail seo Israel ár sinnsir, agus d’árduigh sé an pobal nuair do bhíodar ’n‐a gcómhnaidhe i gcríochaibh na h‐Éigipte, agus do threoruigh sé as sin amach iad le láimh chumhachtaigh. 18Agus ar feadh dá fhichid bliadhan, nó mar sin, do‐rinne sé foighid le n‐a gcleachtaibh san bhfásach. 19Agus nuair do bhí seacht gcineadhacha i gcríochaibh Chanaan scriosta aige, do roinn sé an tír sin mar oidhreacht ortha ar feadh ceithre céad agus caogad bliadhan: 20agus ’n‐a dhiaidh sin thug sé breitheamhain dóibh go h‐aimsir Shamuel fáidh. 21Annsin d’iarradar rí: agus thug Dia dhóibh Saul mac Chis de threibh Bheniamín, ar feadh dá fhichid bliadhan. 22Agus nuair do bhí seisean curtha i leath‐taoibh aige, do thog sé suas Dáibhí chum bheith ’n‐a righ dhóibh; agus thug sé teistiméireacht dó, g‐á rádh, Fuaras Dáibhi mac Iesse, fear de réir mo chroidhe, dhéanfas gach nidh de réir mo thola. 23Is ó shliocht an fhir sin, de réir na geallamhna, thug Dia Slánuightheoir d’Israel, Íosa; 24tar a éis d’Eoin baisteadh na h‐aithrighe d’fhógairt do phobal Israel uile. 25Agus nuair do bhí Eoin ag cóimhlíonadh a chúrsa, adubhairt sé, Cia mheasann sibh gur mé? Ní mise é. Acht féach, atá duine ag teacht im’ dhiaidh, nach fiú mé go scaoilfinn bróga a chos. 26A bhráithreacha, a chlann de shliocht Abrachaim, agus an méid agaibh ar a bhfuil eagla Dé, is dúinne do cuireadh briathar an tslánuighthe seo. 27Óir na daoine chómhnuigheas i nIarúsalem, agus a riaghlóirí, toisc gan aithne bheith aca airsean, agus gan eolas bheith aca ar bhriathraibh na bhfáidh léightear gach sabóid, do chóimhlíonadar a ndubhradar g‐á dhaoradh. 28Agus bíodh nach bhfuaradar aon choir do thuill bás ann, d’iarradar ar Phíoláid go gcuirfidhe é chum báis. 29Agus nuair do bhí gach nidh do scríobhadh ’n‐a thaobh cóimhlíonta aca, do thógadar anuas é de’n chroich, agus do chuireadar i dtuama é. 30Acht do thóg Dia ó na marbhaibh é: 31agus do bhí sé d’á fheicsin ar feadh mórán laethe aca‐san tháinig i n‐éinfheacht leis ó’n nGalilé go h‐Iarúsalem, iad‐san atá ’n‐a bhfiadhnaidhthibh dhó i láthair na ndaoine. 32Agus atáimíd ag tabhairt na geallamhna dhaoibh tugadh do na sinnsearaibh, 33cionnas mar chóimhlíon Dia d’ár gclainn é, mar d’aithbheodhuigh sé Íosa; mar atá scríobhtha san dara salm; Is tusa mo Mhac, indiu do gheineas thú. 34Agus i dtaobh a thógála ó na marbhaibh, gan filleadh a thuilleadh chum truaillighthe, do labhair sé ar an gcuma so, Do‐béarfad duit geallamhnacha naomhtha, diongbhálta Dháibhi. 35Uime sin adubhairt sé i salm eile, Ní leigfir dod’ Aon naomhtha truailleadh d’fheicsin. 36Óir, nuair do bhí a sheirbhís déanta ag Dáibhí ’n‐a gheinealach féin, do chodail sé, agus do cuireadh é i bhfochair a shinnsear, agus do chonnaic sé truailleadh; 37acht an té do thóg Dia suas, ní fhaca seisean truailleadh. 38D’á bhrigh sin, a bhráithreacha, tuigidh gur tríd an bhfear so fógarthar daoibh‐se maitheamhnas na bpeacadh: 39agus gur tríd‐sean saorthar gach aoinneach chreideas ó na cionntaibh go léir nach bhféadfaidhe bhúr saoradh uatha de réir reachta Mhaoise. 40Seachnaidh, d’á bhrigh sin, sara dtiocfaidh oraibh an méid go bhfuil trácht air ins na fáidhibh;
41Féachaidh, a lucht tarcuisne, déanaidh iongnadh, agus téigheadh sibh i n‐éag;
Óir atá obair d’á déanamh agam ’n‐bhúr laethibh,
Obair nach gcreidfeadh sibh, dá n‐innsigheadh duine dhaoibh é.
42Agus, ag dul amach dóibh, d’iarradar ortha na briathra sin do labhairt leo an chéad sabóid eile. 43Agus nuair do cuireadh scaipeadh ar an sionagóig, do lean a lán de na h‐Iúdachaibh agus de na prosélíteachaibh cráibhtheacha Pól agus Barnabas: do labhradar‐san leo, g‐á spreagadh chum fanamhna i ngrás Dé.
44Agus an chéad sabóid ’n‐a dhiaidh sin do chruinnigh muinntear na cathrach go léir, nach mór, i bhfochair a chéile chum éisteachta le briathar Dé. 45Acht nuair do chonnaic na h‐Iúdaigh na sluaighte, do líonadar d’éad, agus do chuireadar i gcoinnibh na neithe do labhair Pól, agus thugadar masla dhó. 46Agus do labhair Pól agus Barnabas go dána, agus adubhradar, Is libh‐se ba dhual dhúinn briathar Dé do labhairt ar dtús. Acht ó’s ag diúltadh dhó atá sibh, agus nach fiú libh, de réir bhúr mbreithe féin, an bheatha shíorraidhe d’fhágháil, féach, atáimíd ag iompodh chum na nGeinte. 47Óir is é an t‐órdú thug an Tighearna dhúinn,
Do chuireas mar sholas do na Geintibh thú,
Chum go mbeitheá mar adhbhar slánuighthe go foirimeall an domhain.
48Agus nuair do‐chuala na Geinte sin, bhí an‐áthas ortha, agus thugadar glóir do bhriathar Dé: agus do chreid siad‐san do bhí réamhórduighthe chum na beathadh síorraidhe. 49Agus do leath briathar an Tighearna ar fud na dúthaighe ar fad. 50Acht do spreag na h‐Iúdaigh na mná onóracha diadha, agus uaisle na cathrach, agus do ghríosadar géirleanamhain i n‐aghaidh Phóil agus Bharnabais, agus ruaigeadar as a ndúthaigh amach iad. 51Acht do chrothadar‐san luaith a gcos ’n‐a gcoinnibh, agus thángadar go h‐Icónium. 52Agus do líonadh na deisceabail de gháirdeachas agus de’n Spiorad Naomh.

Currently Selected:

Gníomhartha 13: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in