YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 15

15
CAIBIDIOL XV.
Na Sgríbhneóirí d’á n-imdheargadh ag Críost. Inghean na mná ó Chanaan, agus a lán eile d’á leigheas aige agus bia aige ’á thabhairt do cheithre mhíle duine le seacht mbológaibh.
1Ansan do tháinig Sgríbhneóirí agus Fairisínigh ag triall air ó Ierúsalem, agus dubhradar: 2Cad chuige go mbrisid do dheisgiobhuil-se nósa na sean? Óir ní níghid siad a lámha nuair a chaithid siad bia. 3Agus d’fhreagair sé iad, agus dubhairt: Cad chuige go mbriseann sibh-se dlígh Dé ar son bhúr sean-nós? Óir deir Dia: 4#Exod. 20:12; Deut. 5:16.Tabhair do t’ athair agus do d’ mháthair onóir; agus, #Exod. 21:17; Lebhit. 20:9. An t-é déanfaidh easgaine ar a athair nó ar a mháthair curtar chun báis é. 5Deir sibh-se, ámhthach, Pé duine adeir le n-a athair nó le n-a mháthair, Gach tabharthas d’á dtugaim-se uaim, #15:5 .i. Nuair a bhronnaim ar Dia é bronnaim ort-sa é.beidh a thairbhe agat-sa;#15:5 Ver. 5. Gach tabharthas ⁊rl., .i., an ofráil a dhéanfadsa chun Dé beidh sí i n-inead an chostais a chaithfinn a dhéanamh chun do thairbhthe-se. Nós é sin a bhí ag na Fairisínigh, .i., dá dtugadh an chlann do’n teampall agus dos na sagairt an chuid a bhí ortha a thabhairt d’á n-athair agus d’á mháthair do shaorfadh san iad ó n-a thuille de dhuadh athar ’ná máthar fághail; d’fhág san ag na Fairisínigh an saidhbhreas ba cheart a thabhairt do n athair agus do’n mháthair. Bhí san i gcoinnidh dlíghe Dé agus i gcoinnibh dlíghe nádúra, agus dubhairt ár Slánuightheóir go raibh. 6Agus ní onórfaidh sé a athair ná a mháthair; agus tá aithne Dé curtha agaibh ar neamhnídh ar son bhur sean-nós. 7A chluanaidhthe, is maith a thargair Isáias i nbhúr dtaobh nuair adubhairt sé: 8#Isáias 29:13.Onóraid na daoine seo mé le n-a mbéal, ach is fada uaim atá a gcroidhe. 9Agus is onóir gan bhunús a thugaid siad dom, ag múineadh teagaisg agus aitheanta daoine.#15:9 Ver. 9. aitheanta daoine. — Na teagaisg agus na h-aitheanta do lochtuighthear anso, is neithe i gcoinnibh dlíghe Dé iad (mar atá faillighe i n-athair agus i máthair agus an chuid ’á thabhairt do Dhia mar dh’eadh), nú is neithe gan bhrígh gan tairbhthe iad, gan aon chonghnamh chun deagh-mhóideachta, mar atá, níghe lámh, ⁊rl., gan suim i nglaine an chroidhe. Ach i dtaobh riaghalta agus aitheanta na h-Eagailse Naomhtha, mar gheall ar trosgadh agus ar laethantaibh saoire, ⁊rl., ní’l aon rud i gcoinnibh dlíghe Dé ionta san, ach a mhalairt. Neithe iseadh iad atá taithneamhach le toil naomhtha Dé agus ana-thairbhtheach do chráibhtheacht na gCríostaidhthe. Agus ní féidir “aitheanta daoine” thabhairt ortha, óir ní h-ó úghdarás daoine a thánadar ach ó’n úghdarás a thug Críost féin dá Eaglais nuair a chuir sé ar bun í, agus nuair órduigh sé dhúinn bheith úmhal d’á cléir díreach mar a bheimís umhal dó féin.
10Agus do ghlaoidh sé chuige an pobul, agus dubhairt sé leó: Cloisidh agus tuigidh: 11Ní h-é an rud a théigheann isteach sa bhéal a shailigheann an duine, ach an rud a thagann amach as an mbéal, siné a shailigheann an duine.#15:11 Ver. 11. Ní h-é an rud a théigheann isteach sa bhéal ⁊rl. Ní féidir d’aon tsalachar bídh, ’ná d’ aon tsalachar lámh le linn an bhídh a dh’ithe, salachar, nú truailliú, do chur ar an anam. Ní’l chun é sin do dhéanamh ach an peaca amháin, .i., easúmhluígheacht i n-aghaidh dlíghe Dé. Nuair a dh’ith Ádhamh ubhal na h-aithne ní h-é an t-ubhal a thruailligh é ach an easumhluígheacht a dhein sé i n-aghaidh dlíghe Dé. B’é an sgéal céadna é do’n Iúdach dá n-itheadh sé muic-fheóil fé’n seandlígh, nú ag an gCríostaídhe i n-aimsir na n-Asbol, dá n-itheadh sé fuil, nú ag aon Chríostaídhe anois dá mbriseadh sé aithne na h-Eagailse le gan trosgadh dhéanamh lá trosgaidh. Ins na cásanaibh sin go léir ní leis an mbia do truailleófí an t-anam ach leis an bpeaca a déanfí nuair a brisfí go toiltheanach dlígh Dé, nú an dlígh a dheineann an Eaglais agus úghdarás ó Dhia aici chuige. 12Ansan do tháinig a dheisgiobuil chuige, agus dubhradar leis. An eol duit go bhfuil sgannal glacaithe ag na Fairisínigh ó airigheadar an focal san? 13Ach d’fhreagair seisean: Gach curadóireacht nár chuir m’Athair neamhdha-sa, stracfar as a phréacaibh é. 14Sgaoilidh leó san; giollaí dalla ag dallaibh iseadh iad; agus má dheineann dall giollacht ar dhall, tuitfid siad araon sa díg. 15Agus d’fhreagair Peadar agus dubhairt: Mínig dúinn an tsoluíd úd. 16Agus dubhairt seisean: Agus an bhfuil sibh-se féin gan tuisgint fós? 17Ná tuigeann sibh, gach nídh a théigheann isteach sa bhéal, go dtéigheann sé síos sa bholg, agus go n-imthigheann sé sa bhfiailteach? 18Ach na neithe a thagann as an mbéal, is ó’n gcroidhe a thagaid siad; agus isiad a shailigheann an duine. 19Óir is amach as an gcroidhe a thagaid droch-smuínte, dúnmharbhadh, adhaltranas, striapachas, gadaidheacht, leabhair éithigh, diamhasla; 20Siniad a shailigheann an duine; Agus ní bia a dh’ithe gan lámha do níghe a shailigheann an duine.
21Agus d’imthigh Íosa as an áit sin, agus chuaidh sé go críochaibh Tuíre agus Sídóin. 22Agus féach, tháinig bean ó Chanaan amach as na críochaibh sin, agus do ghlaoidh sí: A Thighearna, a Mhic Dáibhid, fóir orm! ar sisi; Tá m’inghean d’á ciapadh go cruaidh ag deamhan. 23Agus níor thug sé aon fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheisgiobuil chuige, agus d’iarradar air í leigint chun siúbhail. Leig chun siúbhail í, ar siad; tá sí ag glaodhach i n-ár ndiaidh. 24Ansan dubhairt sé léi: Níor cuireadh mé ach chun na gcaorach a cailleadh ó teaghlach Israéil. 25Ach do tháinig sisi agus do shléacht sí dhó, agus, Fóir orm, a Thighearna, ar sisi. 26Agus d’fhreagair sé: Ní maith an rud bia na leanbh a thabhairt dos na coileánaibh. 27Ach, a Thighearna, ar sisi, ithid na coileáin an brúscar a thuiteann ó bhórd a dtighearnaí. 28Ansan d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: A bhean, is mór é do chreideamh. Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuigheadh a h-inghean ó’n uair sin.
29Agus d’imthigh Íosa ó’n áit, agus tháinig sé go bpuach mara Ghaililí; agus chuaidh sé suas ar chnoc, agus shuidh sé ann. 30Agus tháinig sluaighte móra chuige, agus daoine balbha acu, agus daill, agus bacaigh, agus daoine leicthe, agus mórán eile; agus chaitheadar agá chosaibh iad, #Isáias 35:5.agus do leighis sé iad; 31I dtreó go raibh iongnadh ar na sluaighte nuair a chonacadar na daoine a bhí balbh ag caint, agus na daoine a bhí bacach ag siúbhal, agus radharc ag na dallaibh; agus do mholadar Dia Israéil.
32Ansan do ghlaoidh Íosa chuige a dheisgiobuil agus dubhairt sé: Tá truagh agam do’n tsluagh, óir táid siad tar éis fanmhaint trí lá am’ fhochair agus ní’l aon nídh le n-ithe acu; agus ní maith liom iad do chur uaim ’n-a dtrosgadh, le h-eagla go dtuitfidís ar an slígh. 33Agus dubhairt a dheisgiobuil leis: Ach cá bhfaighmíd-ne, i bhfásach, oiread aráin agus shásóchaidh a leithéid de shluagh? 34Agus dubhairt Íosa leó: An ’mó bulóg agaibh? Agus dubhradar-san, Seacht mbulóga, agus raint d’ iasgaibh beaga. 35Agus d’órduigh sé do’n tsluagh suidhe ar an dtalamh. 36Agus thóg sé na seacht mbulóga agus na h-iasga, agus ghaibh sé buidheachas, agus do bhris sé iad, agus thug sé dos na deisgiobuil iad, agus thugadar-san do’n tsluagh iad. 37Agus d’itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu; Agus an bia briste do fágadh, do thógadar é i seacht gciseánaibh lána. 38Agus isé méid daoine a chaith bia ann ná cheithre mhíle duine, lasmuigh de mhiondaoinibh agus de mhnáibh.
39Ansan do chuir sé uaidh an tsluagh, agus chuaidh sé ar bórd na luinge bige, agus tháinig sé i gcríochaibh #15:39 Nó, Magdala.Magedan.

Currently Selected:

Maitiú 15: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in