YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 14

14
CAIBIDIOL XIV.
Eóin Baiste d’á chur chun báis ag Héród. Bia d’á thabhairt ag Críost do chúig mhíle duine sa bhfásach. É ag siubhal ar an bhfaraige, agus an uile shaghas lucht galair d’á leigheas aige, gan ach iad do bhaint le n-a chuid éadaigh.
1Sa n-am san do chualaidh Héród, an tetrarc, cáil Íosa.#14:1 Ver. 1. tetrarc, — Cialluigheann an focal san, is focal ó’n nGréigis é duine a bheadh ’n-a rí ar cheathramhadh cuid rígheachta, fé mar a bhí Héród an uair sin ’n-a rí ar Ghaililí, .i., ar an gceathramhadh cuid de’n rígheacht a bhí agá athair. 2Agus dubhairt sé le n-a mhuintir thighe: Sidé Eóin Baiste; d’eírigh sé ósna mairbh, agus is uime sin atáid na mírbhuiltí d’á ndéanamh tríd.
3 # Marc. 6:17; Lúc. 3:19. Óir bhí Héród tar éis Eóin do ghabháil agus do cheangal agus do chur i mbraighdineas mar gheall ar Heródias, bean a dhrithár. 4Mar dubhairt Eóin leis: Ní dleaghthach duit í sin a bheith agat. 5Agus ba mhian leis é chur chun báis, ach bhí eagla na ndaoine air, óir do thuigeadar gur bh’fháidh Eóin Baiste. 6Ach lá beirthe Héróid dhein inghean Heródias rinnce ’n-a láthair, rinnce a thaithn le Héród. 7Mar gheall air sin do dhearbhuigh sé go dtabharfadh sé dhi pé rud d’iarrfadh sí air. 8Dubhairt sise, óir do chuir a máthair suas chuige í: Tabhair dhom ar mhéis ceann Eóin Baiste. 9Tháinig buairt ar an rí; ach mar gheall ar an ndearbhú, agus mar gheall ar an gcuideachtain a bhí láithreach, d’órduigh sé é tabhairt di. 10Agus chur sé daoine uaidh agus bhain sé an ceann d’Eóin sa phríosún. 11Agus do tugadh a cheann i láthair, ar mhéis; agus do tugadh do’n chailín é, agus do rug sise ag triall ar a máthair é. 12Agus tháinig a dheisgiobuil agus do rugadar leó a chorp, agus d’adhlacadar é; agus thánadar agus d’innseadar é d’Íosa.
13Agus nuair airigh Íosa é, d’imthigh sé ó’n áit sin, i luing bhig, isteach i bhfásach uaigneach; agus nuair a dh’airigh na daoine san, do leanadar é ’n-a gcuis as na catharachaibh.
14Agus tháinig sé amach agus chonaic sé an tsluagh mhór, agus tháinig truagh aige dhóibh, agus do leighis sé na daoine gan sláinte a bhí ortha. 15Agus nuair a tháinig an tráthnóna tháinig a dheisgiobuil chuige, agus dubhradar: Fásach iseadh an áit seo, agus tá an aimsir imthighthe. Leig uait na daoine, go dtéighid siad isteach ins na sráidibh agus go gceannaighid siad bia dhóibh féin. 16Agus dubhairt Íosa leo: Ní gádh dhóibh imtheacht; Tugaidh-se rud le n-ithe dhóibh. 17Agus d’fhreagradar é: #Eóin 6:9.Ní’l anso againn ach chúig bhulóga agus dhá iasg. 18Agus dubhairt sé: Tugaidh chúgham anso iad san. 19Agus dubhairt sé leis na daoine suidhe ar an bhféar; agus thóg sé na chúig bhulóga agus an dá iasg, agus d’fhéach sé suas chun neimhe agus bheannuigh sé iad, agus bhris sé iad, agus thug sé dos na deisgiobuil iad, agus thugadar-san dos na sluaightibh iad; 20Agus d’itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu. Agus do tógadh an fuighleach, dhá chiseán déag lán d’arán bhriste. 21Agus isé méid daoine a dh’ith bia ann, chúig mhíle fear, gan bac do mhnáibh agus do mhion-daoine.
22Agus láithreach ’n-a dhiaidh san do chuir Íosa dh’fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge bige agus dul roimis féin go dtí an taobh thall de’n uisge, chun go gcuirfeadh sé na daoine chun siúbhail. 23Agus chuir sé uaidh na daoine, agus #Eóin 6:15.d’imthigh sé an cnoc suas i n-a aonar chun úrnuighthe dhéanamh. Agus tháinig an tráthnóna, agus bhí sé ann i n-a aonar. 24Ac bhí an long bheag i lár na faraige d’á cáible ag na tonnaibh, mar bhí an ghaoth ’n-a coinnibh. 25Agus sa cheathramhadh faire de’n oidhche táinig sé ag triall ortha agus é ag siúbhal ar an bhfaraige. 26Agus nuair a chonacadar é ag siúbhal ar an bhfaraige, tháinig sgannra ortha. Samhail iseadh é, ar siad; agus bhíodar ag sgreadaigh le sgannra. 27Agus do labhair Íosa leó láithreach: Glacaidh misneach, ar seisean: Is mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh. 28Agus d’fhreagair Peadar: A Thigearna, ar seisean: má’s tusa atá ann, órduigh dómh-sa teacht ag triall ort ar bhárr an uisge. 29Agus dubhairt seisean: Tar chúgham. Agus tháinig Peadar anuas as an luing, agus bhí sé ag siúbhal ar bhárr uisge, ag teacht chun Íosa. 30Ach chonaic sé an ghaoth láidir agus tháinig eagal air; agus nuair a thusnuigh sé ar dhul fé uisge do liúigh sé: A Thíghearna, ar seisean: saor mé. 31Agus do shín Íosa a lámh, agus do rug sé láithreach air, agus dubhairt sé: Ó a fhir gan puínn creidimh, cad chuige dhuit mearbhall a theacht ort? 32Agus nuair a thánadar ar an luing do stad an ghaoth. 33Agus tháinig na daoine a bhí ar an luing agus d’adhradar é, agus dubhradar, Is tú Mac Dé go fíor.
34Agus chuadar treasna na faraige, agus thánadar isteach i dtír Genésaret. 35Agus nuair a dh’aithin muintir na h-áite sin é, chuireadar teachtairí tríd an ndúthaigh, agus thugadar ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte; 36Agus d’iarradar air leigint dóibh baint amháin le fabhra a bhrait; agus an méid a bhain, do slánuigheadh iad.

Currently Selected:

Maitiú 14: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in