YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 13

13
CAIBIDIOL XIII.
Parabal churadóra an chogail, agus parabal an tsíl-mhustáird, ⁊rl.
1Sa lá san chuaidh Íosa amach as an dtigh, agus bhí sé n-a shuidhe ar bruach na faraige. 2Agus do chruinnigh sluaighte móra, i dtreó go ndeaghaidh sé ar bórd na luinge bige agus gur shuidh sé ínti, agus gur sheasaimh an tsluagh go léir ar an dtráigh. 3Agus do dhein sé a lán cainte leó i bhfuirm soluídí, agus dubhairt sé: Féach, do chuaidh síoladóir amach ag cur síl. 4Agus nuair a bhí sé ag cur an tsíl do thuit #13:4 .i. cuid de sna gráinníbh.cuid acu i n-aice an bhóthair; agus tháinig éanlaithe an aeir agus d’itheadar iad. 5Agus do thuit cuid eile acu i n-áit i n-a raibh clocha agus ithir shuarach; agus d’fhásadar go luath, toisg gan doimhneas ithreach a bheith acu. 6Agus d’eirigh an ghrian agus do ghoill an teas ortha; agus toisg gan an phréamh a bheith acu d’fheóchadar. 7Agus do thuit cuid eile acu ameasg na sgeach; agus d’fhás na sgeacha agus mhúchadar iad. 8Thuit cuid eile acu, ámhthach, ar thalamh fhóghanta; agus thugadar toradh, cuid acu fó chéad, cuid acu fó thrí fichid, cuid acu fó thríochad. 9An t-é go bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé.
10Agus tháinig na deisgiobuil chuige agus dubhradar: Cad fá gur i soluídíbh a labhrann tú leó? 11Agus d’fhreagair sé agus dubhairt: Mar do tugadh daoibh-se eólus do chur ar rú nDiamhraibh rígheachta na bhflathas; do’n chuid eile, ámhthach, níor tugadh san. 12Óir an t-é go bhfuil aige tabharfar dó, agus beidh flúirse aige; agus an t-é ná fuil aige tógfar uaidh a bhfuil aige. 13Labhraim leó i soluídíbh mar tá radharc acu agus ní fheicid siad, agus tá éisteacht acu agus ní chloisid siad, ná ní thuigid siad. 14Agus cómhlíontar ionta targaireacht Isáiais, mar a ndeir sé: #Isáias 6:9.Le cloisint cloisfidh sibh agus ní thuigfidh sibh, agus ag féachaint chífidh sibh agus ní feicfidh sibh. 15Óir tá croidhe an phobuil seo tromaídhe, agus le n-a gcluasaibh cloisid siad go bodhar, agus tá a súile dúnta acu; le h-eagla, luath ná mall, go bhfeicfidís le n-a súilibh, agus go gcloisfidís le n-a gcluasaibh, agus go dtuigfidís i n-a gcroidhe, agus go n-iompóchaidís agus go slánóchainn iad. 16Ach is aoibhinn d’bhúr súilibh-se, óir chíd; agus d’bhúr gcluasaibh, óir cloisid. 17Óir go deimhin adeirim libh gur ’mó fáidh agus fíoraon gur mhian leó na neithe a d’fheisgint a chíonn sibh-se, agus ní fheacadar iad; agus na neithe do chlos a chloiseann sibh-se agus níor chloiseadar iad. 18Éistidh-se anois le soluíd an tsíoladóra.
19Gach duine a chloiseann briathar na rígheachta agus ná tuigeann é, tagann an droch-spioraid agus tógann sé an síol a cuireadh ’n-a chroídhe sin. Siné an síol a cuireadh i n-aice an bhóthair. 20An t-é a ghlac an síol mar a raibh na clocha, siné an t-é a chloiseann an briathar agus do ghlacann láithreach é le h-áthas; 21Ach ní’l an phréamh aige; ní leanann sé ach tamall; agus nuair a thagann an trioblóid agus an ghéarleanmhaint mar gheall ar an mbriathar, glacann sé sgannal. 22Agus an t-é a ghlac an siól ins na sgeachaibh, siné an t-é a chloiseann an briathar, agus go ndeineann cúram an tsaoghail seo agus mealladh saidhbhris an briathar do mhúchadh, agus bíonn sé gan toradh. 23Ach an t-é a ghlac an síol isteach sa talamh fóghanta, siné an t-é a chloiseann an briathar agus do thuigeann é, agus a thugann toradh uaidh, agus tugann sé cuid de’n toradh fó chéad, agus cuid eile dhe fó thrí fichid, agus cuid eile dhe fó thríochad.
24Thug sé soluíd eile dhóibh, agus dubhairt sé: Is cosmhail rígheacht na bhflathas le duine a chuir síol fóghanta ’n-a chuid tailimh; 25Ach nuair a bhí na daoine ’n-a gcodladh tháinig an namhaid agus do chuir sé cogal i lár na cruithneachtan, agus d’imthigh sé. 26Agus nuair a bhí an geamhar ag fás, agus an toradh ag teacht, do chonacthas an cogal leis. 27Ansan tháinig na seirbhísigh chun fir an tighe, agus dubhradar leis: A Thigearna, nách síol fóghanta a chuiris ad’ chuid tailimh? Cá bhfuair sé an cogal mar sin? 28Agus dubhairt sé leó: Namhaid a dhein an nídh sin. Agus dubhairt na seirbhísigh leis: An toil leat sinn do dhul agus an cogal a bhaint? 29Agus dubhairt sé: Ní toil; le h-eagla, ag stathadh an chogail daoibh, go stathfadh sibh an chruithneacht leis. 30Leigtear dóibh araon fás go dtagaidh an fóghmhar, agus nuair a thiocfaidh an fóghmhar déarfad leis na buanaidhthibh: Bailighidh an cogal ar dtúis, agus ceangalaidh é ’n-a phunanaibh le dóghadh, ach deinidh an chruithneacht do bhailiú isteach am’ sgioból.
31Agus chuir sé soluíd eile os a gcómhair, agus dubhairt sé: Is cosmhail rígheacht na bhflathas le gráinne de shíol mustáird a thóg duine le cur ’n-a gharaidhe. 32Ní’l síol ar bith is lúgha ’ná é; ach nuair fhásann sé ní’l glasra ar bith is mó ’ná é, agus dheineann crann dé, i dtreó go dtagaid éanlaithe an aéir agus go neaduighid siad ’n-a ghéagaibh.
33Do labhair sé soluíd eile leó: Is cosmhail rígheacht na bhflathas leis an ngiost a ghlac an bhean agus a chuir sí i bhfolach i dtrí tómhasaibh plúir, go dtí gur ghlac an plúr go léir an giost.
34Do labhair Íosa na neithe seo go léir leis na daoine i bhfuirm soluídí; agus níor labhair sé leó ach i soluídíbh; 35Ionus go gcómhlíonfaí an focal a labhair an fáidh nuair adubhairt sé: #Salm 77:2.Osgalóchad mo bhéal i soluídíbh; nochtfad neithe atá foluighthe ó chruthniú an domhain.
36Ansan do chuir sé chun siubhail an pobul, agus tháinig sé isteach sa tigh, agus tháinig a deisgiobuil chuige agus dubhradar: Mínigh dúinn soluíd an chogail sa ghort. 37Agus d’fhreagair sé agus dubhairt: Isé Mac an Duine a chuireann an síol fóghanta. 38Agus isé an domhan an gort. Agus clann na rígheachta, siniad an síol fóghanta. Agus clann an uilc, siniad an cogal. 39Agus an namhaid a chuir an cogal, siné an diabhal. #Apoc. 14:15.Agus isé deire an tsaoghail an fóghmhar; agus isiad na h-aingil na buanaidhthe. 40D’á bhrígh sin, mar a bailightear an cogal agus a dóightear é sa teine, sin mar a bheidh i ndeire an tsaoghail. 41Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach agus baileóchaid siad as a rígheacht gach sgannal agus lucht déanta an uilc. 42Agus cuirfid siad sa lasair theine iad. Beidh sa n-áit sin gol agus díosgán fiacal. 43#Eagna 3:7; Dan. 12:3.Ansan beid na fíoraoin ag taithneamh ar nós na gréine i rígheacht a n-Athar. An t-é go bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé.
44Is cosmhail rígheacht na bhflathas le stór a bheadh i bhfolach i bpáirc; agus an t-é a gheibheann é coimeádann sé rún air, agus tré mhéid a áthais imthigheann sé agus díolann sé amach a chuid go léir, agus ceannuigheann sé an pháirc sin.
45Agus airís, is cosmhail rígheacht na bhflathas le ceannaidhe a bheadh ag lorg péarlaí fóghanta. 46Agus nuair a fuair sé aon phéarla amháin ana-luachmhar, do dhíol sé a raibh aige, agus do cheannaigh sé an péarla san. 47Airís, is cosmhail rígheacht na bhflathas le líon a curfaí amach sa bhfaraige, agus do bhaileóch’ an uile shaghas éisg; 48Agus nuair a bhí sé lán, gur taraingeadh amach é, agus gur shuidh na daoine ar an dtráigh, agus gur thógadar na h-iasga maithe i n-árthaíbh agus gur chaitheadar amach na droch-iasga. 49Sin mar a bheidh i ndeire an tsaoghail. Imthéochaid na h-aingil amach, agus deighilfid siad na droch-dhaoine a’ lár na bhfíoraon. 50Agus cuirfid siad sa lasair theine iad. Beidh gol agus díosgán fiacal sa n-áit sin.
51Ar thuigeabhair na neithe sin go léir? Do thuigeamair, ar siad. 52Dubhairt sé leó: D’á bhrígh sin, gach sgríbhneóir atá múinte i dtaobh rígheachta na bhflathas, is cosmhail é le fear tighe a thugann amach as a stór neithe nua agus sean-neithe.
53Agus do tharla, nuair a bhí na solúidí sin críochnuighthe ag Íosa, gur fhág sé an áit sin. 54Agus tháinig sé isteach ’n-a dúthaigh féin, agus bhí sé ag múineadh na ndaoine ins na sinagógaibh, i dtreó go mbíodh iongnadh ortha, agus go ndeiridís: Cá bhfuair sé seo an eagna so, agus na cómhachta? 55Nách é seo mac an cheardaidhe? Nách ar a mháthair a tugtar Muire, agus #13:55 Ver. 55. ar a bhráithribh .i. clann an Máire a bhí pósta ag Cleophas. Deirbhshiúr do’n Mhaighdin Mhuire ab eadh an Máire sin (Mait. 27:56; Eóin 19:25) agus d’á bhrigh sin, do réir nóis cainte na Sgríbhinne diadha, do tugtí bráithre, .i., gaolta, d’ár Slánuightheóir ortha.ar a bhráithribh Séamus agus Ióseph agus Símón agus Iúdás? 56Agus ná fuil a shiúracha go léir i n-ár measg? Agus cá bhfuair sé sin na neithe seo go léir? 57Agus do ghlacadar sgannal d’á dhruim. Dubhairt Íosa leó, ámhthach: Ní’l fáidh gan onóir ach ’n-a dhúthaigh féin agus ’n-a theaghlach féin. 58Agus níor dhein sé puínn mírbhuiltí sa n-áit sin, mar gheall ar dhíthchreideamh na ndaoine sin.

Currently Selected:

Maitiú 13: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in