YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 19

19
Caibidil XIX
Dearbhann Críost go bhfuil an pósadh do-scaoilte: molann sé do dhuine coillteán a dhéanamh de fhéin ar son ríoghacht na bhflaitheas, agus gach nídh a thréigin ar a shon-san. Léirigheann sé contabhairt an tsaidhbhris, agus an luach saothair a bhéas ag an méid a thréigfeas gach nídh chun eisean a leanamhaint.
1Agus thárla, nuair a chríochnuigh Íosa na briathra sin, gur fhág sé an Ghailile, agus tháinic sé go críocha Iudaia#Marc. 10, 1. taobh thall de’n Iordáin.
2Agus lean sluaighte móra é, agus leigheas sé iad annsin.
3Agus tháinic na Fairisínigh chuige,#Marc. 10, 2. a chur féachála air, agus ag rádh: An ceadmhach do dhuine a bhean a chur ar shiubhal ar gach aon chinéal cúise?
4Agus dubhairt sé leo, ghá bhfreagairt: An é nár léigh sibh, an té a rinne an duine ar dtús, go ndearna sé fireann agus baineann iad?#Gein. 1, 27. Agus dubhairt sé:
5Ar an adhbhar seo fágfaidh duine a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n-a mhnaoi,#Gein. 2, 24; 1 Cor. 6, 16; Eph. 5, 31. agus béidh an bheirt ina n-aon cholainn.
6Dá bhrígh sin, ní dhá cholainn iad feasta, acht aon cholann. An nídh, mar sin, a cheangail Dia, ná scaoileadh duine é.
7Deir siad-san leis: Cad chuige, mar sin, ar órduigh#Deut. 24, 1. Maoise litir a scaoilte a thabhairt dí, agus í chur ar shiubhal?
8Deir seisean leo: Mar gheall ar chruadhas bhur gcroidhthe, cheaduigh Maoise díbh bhur mná a chur ar shiubhal: acht ní mar sin a bhí ó thús.
9Agus deirim libh,#Marc. 10, 11; Lúc. 16, 18; 1 Cor. 7, 10. cibé ar bith a chuirfeas ar shiubhal a bhean, acht amháin mar gheall ar dhrúis#19, 9 Acht amháin mar gheall ar dhrúis. I gcás drúise nó adhaltranais tá sé ceadmhach an bhean a chur ar shiubhal. Acht san chás sin féin, ní féidir do’n fhear athphósadh a dhéanamh a fhad agus bhéas an bhean beo., agus a phósfas bean eile, ghní sé adhaltranas: agus an té a phósfas an bhean a cuireadh ar shiubhal, ghní sé adhaltranas.
10Deir a dheisciobail leis: Má’s amhlaidh cás an fhir le n-a mhnaoi, ní maith an rud pósadh.
11Agus dubhairt seisean leo: Ní glacann gach aoinneach an briathar seo#19, 11 Ní glacann gach aoinneach an briathar seo. Ní fhaghann gach aoinneach tiodhlacadh na h-óghachta agus na geanmnidheachta: béidh ar dhaoine grásta d’iarraidh ar Dhia fá n-a choinne sin, agus béidh ar chuid acu troscadh cómh maith le guidhe a dhéanamh fá n-a choinne. Is ó neamh a thig cabhair chun a leithéid no saoghal a chaitheamh., acht an méid ar tugadh dóibh é.
12Óir tá coillteáin ann a rugadh mar sin ó bhroinn a máthar, agus tá coillteáin ann a ndearna daoine amhlaidh iad, agus tá coillteáin ann a choill iad féin#19, 12 Tá coillteáin ann a choill iad féin, &c. Ní cóir an chainnt seo a ghlacadh do réir na litre. Is é rud a chialluigheas na briathra sin, go mbíonn daoine ann a ghní rún ionmholta daingean a saoghal a chaiteamh go geanmnaidhe gan phósadh, chun seirbhís Dé a dhéanamh i stad níos feárr ná stad an phosta. Ghní Naomh Pól soiléir dúinn é gur feárr stad na h-óghachta ná stad an phósta. (1 Cor. 7, 37-38.) mar gheall ar ríoghacht na bhflaitheas. An té a dtig leis a ghlacadh, glacadh.
13Annsin tugadh páistí beaga chuige,#Marc. 10, 13; Lúc. 18, 15. chun go gcuireadh sé a lámha ortha agus go nguidheadh sé. Agus bhí na deisciobail ghá gcosc.
14Acht dubhairt Íosa leo: Leigigidh do na páistí teacht chugam-sa, agus ná cuirigidh cosc ortha, óir is le n-a leithéidí sin ríoghacht na bhflaitheas.
15Agus nuair a chuir sé a lámha ortha, d’imthigh sé as an áit sin.
16Agus féach, tháinic duine chuige, agus dubhairt leis: A mháighistir mhaith, cad í an mhaith a dhéanfas mé chun go raibh beatha shíorraidhe agam?
17Agus dubhairt seisean leis: Cad chuige a gceistigheann tú mise fá’n mhaith? Ní maith aoinneach acht Dia amháin. Acht má’s mian leat dul isteach san bheatha, coimhéad na h-aitheanta.
18Deir sé leis: Cé acu? Agus dubhairt Íosa:#Ecs. 20, 13. Ná déan marbhadh; ná déan adhaltranas; ná déan goid; ná tabhair fiadhnaise bhréige.
19Tabhair onóir do d’athair agus do do mháthair; agus grádhuigh do chómharsa mar thú féin.
20Deir an t-óigfhear leis: Choimhéad mé iad sin uilig ó m’óige: cad é tá do dhíth ionnam go fóill?
21Dubhairt Íosa leis: Má’s áil leat a bheith foirbhthe, imthigh, díol a bhfuil agat agus tabhair do na bochta é; agus béidh stór ar neamh agat: agus tar, lean mise.
22Acht nuair a chuala an t-óigfhear an chainnt sin, d’imthigh sé fá bhrón; óir ba duine é a raibh saidhbhreas mór aige.
23Agus dubhairt Íosa le n-a dheisciobail: Amén adeirim libh, go mbéidh sé deacair ag fear saidhbhir dul isteach i ríoghacht na bhflaitheas.
24Agus deirim libh arís: Is fusa do chamall dul fríd chró snáthaide, ná do fhear saidhbhir dul isteach i ríoghacht na bhflaitheas.
25Agus ar a chluinstin sin do na deisciobail, bhí iongantas mór ortha, agus dubhairt: Má’s eadh, cé h-é ar féidir a shlánughadh?
26Acht dhearc Íosa ortha, agus dubhairt: Ní féidir seo do dhaoine, acht is féidir na h-uile neithe do Dhia.
27Annsin dubhairt Peadar leis, ghá fhreagairt: Féach, d’fhágamar sinne gach nídh, agus leanamar thú: cad é bhéas againn dá bhárr?
28Agus dubhairt Íosa leo: Amén adeirim libh, san aithgheineamhaint, nuair a shuidhfeas Mac an Duine ar chathaoir a ghlóire, sibh-se a lean mise, suidhfidh sibh ar dhá chathaoir dhéag ag tabhairt bhreitheamhnais ar dhá threibh dhéag Israéil.
29Agus gach aoinneach dá bhfágfaidh teach, nó dearbhráithre, nó deirbhsheathracha, nó athair, nó máthair, nó bean, nó clann, nó talta, ar son m’ainm-se, gheobhaidh sé a chéad oiread, agus béidh sealbh na beatha síorraidhe aige.
30Agus béidh mórán dá bhfuil ar toiseach ar deireadh, agus dá bhfuil ar deireadh ar toiseach.#Marc. 10, 31; Lúc. 13, 30.

Currently Selected:

Maitiú 19: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in