1
Maitiú 19:26
Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)
Acht dhearc Íosa ortha, agus dubhairt: Ní féidir seo do dhaoine, acht is féidir na h-uile neithe do Dhia.
Compare
Explore Maitiú 19:26
2
Maitiú 19:6
Dá bhrígh sin, ní dhá cholainn iad feasta, acht aon cholann. An nídh, mar sin, a cheangail Dia, ná scaoileadh duine é.
Explore Maitiú 19:6
3
Maitiú 19:4-5
Agus dubhairt sé leo, ghá bhfreagairt: An é nár léigh sibh, an té a rinne an duine ar dtús, go ndearna sé fireann agus baineann iad? Agus dubhairt sé: Ar an adhbhar seo fágfaidh duine a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n-a mhnaoi, agus béidh an bheirt ina n-aon cholainn.
Explore Maitiú 19:4-5
4
Maitiú 19:14
Acht dubhairt Íosa leo: Leigigidh do na páistí teacht chugam-sa, agus ná cuirigidh cosc ortha, óir is le n-a leithéidí sin ríoghacht na bhflaitheas.
Explore Maitiú 19:14
5
Maitiú 19:30
Agus béidh mórán dá bhfuil ar toiseach ar deireadh, agus dá bhfuil ar deireadh ar toiseach.
Explore Maitiú 19:30
6
Maitiú 19:29
Agus gach aoinneach dá bhfágfaidh teach, nó dearbhráithre, nó deirbhsheathracha, nó athair, nó máthair, nó bean, nó clann, nó talta, ar son m’ainm-se, gheobhaidh sé a chéad oiread, agus béidh sealbh na beatha síorraidhe aige.
Explore Maitiú 19:29
7
Maitiú 19:21
Dubhairt Íosa leis: Má’s áil leat a bheith foirbhthe, imthigh, díol a bhfuil agat agus tabhair do na bochta é; agus béidh stór ar neamh agat: agus tar, lean mise.
Explore Maitiú 19:21
8
Maitiú 19:17
Agus dubhairt seisean leis: Cad chuige a gceistigheann tú mise fá’n mhaith? Ní maith aoinneach acht Dia amháin. Acht má’s mian leat dul isteach san bheatha, coimhéad na h-aitheanta.
Explore Maitiú 19:17
9
Maitiú 19:24
Agus deirim libh arís: Is fusa do chamall dul fríd chró snáthaide, ná do fhear saidhbhir dul isteach i ríoghacht na bhflaitheas.
Explore Maitiú 19:24
10
Maitiú 19:9
Agus deirim libh, cibé ar bith a chuirfeas ar shiubhal a bhean, acht amháin mar gheall ar dhrúis, agus a phósfas bean eile, ghní sé adhaltranas: agus an té a phósfas an bhean a cuireadh ar shiubhal, ghní sé adhaltranas.
Explore Maitiú 19:9
11
Maitiú 19:23
Agus dubhairt Íosa le n-a dheisciobail: Amén adeirim libh, go mbéidh sé deacair ag fear saidhbhir dul isteach i ríoghacht na bhflaitheas.
Explore Maitiú 19:23
Home
Bible
Plans
Videos