YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 18

18
Caibidil XVIII
Múineann Críost uirísleacht a chleachtadh, scainneal a sheachnadh, agus teicheadh ó ócáideacha peacaidh: casaoid a dhéanamh leis an Eaglais ar pheacaigh nach nglacann cómhairle a leasa, agus gur cuma ná págánaigh an méid nach n-éisteann leis an Eaglais. Geallann sé cumhacht dá dheisciobail chun ceangal agus scaoileadh a dhéanamh, agus go mbéidh sé féin ina measc cibé áit a mbéidh siad cruinnighthe le chéile ina ainm. Ní mhaithfear do’n té nach maithfidh.
1An uair sin tháinic na deisciobail chuig Íosa, ag rádh:#Marc. 9, 33; Lúc. 9, 46. Cé, dar leat, is mó i ríoghacht na bhflaitheas?
2Agus ghoir Íosa chuige leanbh, agus chuir sé ina measc é.
3Agus dubhairt:#1 Cor. 14, 20. Amén adeirim libh, muna dtionntuighidh sibh agus bheith ar nós na leanbh, ní rachaidh sibh isteach i ríoghacht na bhflaitheas.
4Dá bhrígh sin, cibé a ísleochas é féin ar nós an leinbh seo, is é is mó i ríoghacht na bhflaitheas.
5Agus cibé a ghlacfas aon leanbh mar seo i m’ainm-se, glacann sé mise.
6Acht an té a bhéarfas scainneal#18, 6 Bhéarfas scainneal. Is é sin le rádh, a chuírfeas cúis truislidh rompa, agus a bhéarfas ortha tuitim i bpeacadh.#Marc. 9, 41; Lúc. 17, 2. d’aoinneach de na rudaí beaga seo a chreideas ionnam-sa, b’fheárr dó dá gcrochtaí bró asail fá n-a mhuinéal, agus a bháthadh i nduibheagán na fairrge.
7Is mairg do’n domhan mar gheall ar na scainnéil. Óir is éigean#18, 7 Is éigean, &c. Mar gheall ar urchóid agus ar chuirptheacht an tsaoghail. do na scainnéil a theacht; cidheadh is mairg do’n duine sin a dtig an scainneal tríd.
8Agus má bheir do lámh, nó do chos, scainneal duit#18, 8 Scainneal duit. Má bhíonn sí ina cúis pheacaidh agat.,#Marc. 9, 42. geárr díot, agus caith uait í. Is feárr duit dul isteach san bheatha ciothramach nó bacach, ná dhá láimh nó dhá chois a bheith ort, agus tú do theilgean isteach san teinidh shíorraidhe.
9Agus má bheir do shúil scainneal duit, stróc amach, agus caith uait í. Is fheárr duit dul isteach san bheatha ar leath-shúil, ná dhá shúil a bheith agat, agus tú do theilgean isteach i dteinidh ifrinn.
10Tabhairigidh aire gan neamh-shuim a dhéanamh d’aoinneach de na rudaí beaga seo: óir deirim libh#Sailm 33, 8. go mbíonn a n-aingle sin ar neamh ag amharc de shíor ar ghnúis m’Athar atá ar neamh.
11Óir tháinic Mac an Duine a shábháil#Lúc. 19, 10. an nídh a bhí caillte.
12Cad é bhur mbaramhail?#Lúc. 15, 4. Má bhíonn céad caora ag duine agus téid ceann acu ar seachrán; nach bhfágann sé na naoi gcinn déag agus ceithre fichid ar na sléibhte, agus nach dtéid sé ar lorg an chinn a chuaidh ar seachrán?
13Agus má thárluigheann go bhfaghann sé í, amén adeirim libh, gur mó an lúthgháir a bhíos air mar gheall uirthí sin ná mar gheall ar an naoi gcinn déag agus ceithre fichid nach ndeachaidh ar seachrán.
14Mar an gcéadna ní h-é toil bhur n-Athar atá ar neamh go gcaillfidhe aoinneach de na rudaí beaga seo.
15Acht má chionntuigheann do bhráthair i d’aghaidh,#Leibh. 19, 17; Eccl. 19, 13; Lúc. 17, 3; Séamus 5, 19. imthigh, agus ceartuigh é eadar thú féin agus é féin amháin. Má éisteann sé leat, béidh do bhráthair buaidhte agat.
16Acht muna n-éistidh sé leat, tabhair leat duine nó beirt eile, ionnas go seasuighidh gach focal i mbéal bheirt nó thriúr fiadhnaiseach.#Deut. 19, 15; Eoin 8, 17; 2 Cor. 13, 1; Eabh. 10, 28.
17Agus muna n-éistidh sé leobhtha-san, innis do’n eaglais. Agus muna n-éistidh sé leis an eaglais, bíodh sé mar an págánach agus an puibliocánach agat.#1 Cor. 5, 9; 2 Teas. 3, 14.
18Amén adeirim libh,#Eoin 20, 23. cibé neithe a cheanglóchas sibh ar an talamh, béidh siad ceangailte ar neamh: agus cibé neithe a scaoilfeas sibh ar an talamh, béidh siad scaoilte ar neamh.
19Deirim libh arís, má bhíonn beirt agaibh ar aon intinn ar talamh fá aon nídh ar bith dá n-iarrfaidh siad, dhéanfar dóibh é ó m’Athair atá ar neamh.
20Óir mar a mbíonn beirt nó thriúr cruinnighthe i m’ainm-se, bím-se annsin ina measc#18, 20 Bím-se annsin ina measc. Tuigtear an chainnt seo i dtaoibh na gcóimhthionól a bhíos cruinnighthe i n-ainm Chríost agus le h-ughdarás Chríost, agus a bhíos i n-aontacht na h-Eaglaise. Naomh Ciprian: De Unitate Ecclesiae..
21Annsin tháinic Peadar chuige, agus dubhairt:#Lúc. 17, 4. A Thighearna, cá mhéad uair a chionntóchas mo bhráthair i m’aghaidh, agus go maithfidh mé dó? Seacht n-uaire, an eadh?
22Deir Íosa leis: Ní abraim leat, a fhad le seacht n-uaire; acht a fhad le deich agus trí fichid uair fá sheacht.
23Dá bhrígh sin, is cosamhail ríoghacht na bhflaitheas le rígh ar mhian leis cunntas a shocrughadh le n-a sheirbhísigh.
24Agus nuair a thoisigh sé a dhéanamh an chunntais, tugadh duine chuige a raibh deich míle talann#18, 24 Talann. Bhí 750 unsaí airgid san talann. Do réir chúig scillinge an t-unsa, b’fhiú £187 10s. op. an talann. aige air.
25Agus mar nach raibh caoi air a dhíol, d’órduigh a thighearna é féin, a bhean, agus a chlann, agus a raibh aige a dhíol, agus díolaidheacht a dhéanamh.
26Acht chaith an seirbhíseach sin é féin síos, agus ghuidh sé é, ag rádh: Bíodh foighid agat liom, agus díolfaidh mé an t-iomlán leat.
27Agus ghlac tighearna an tseirbhísigh sin truaighe dó, leig sé ar shiubhal é, agus mhaith sé na fiacha dó.
28Acht nuair a chuaidh an seirbhíseach sin amach, fuair sé duine dá chóimhsheirbhísigh a raibh céad pighinn#18, 28 Pighinn. An t-ochtmhadh cuid de unsa a bhí san phighinn Rómhánaigh, nó tuairim ar sheacht bpighinn go leith de airgead na h-aimsire seo. aige air: agus rug sé greim air, agus fuair greim scórnaighe air, ag rádh: Díol do chuid fiach.
29Agus chaith a chóimhsheirbhíseach é féin síos, agus ghuidh sé é, ag rádh: Bíodh foighid agat liom, agus díolfaidh mé an t-iomlán leat.
30Acht dhiúltuigh sé é: agus d’imthigh sé, agus chaith sé isteach i bpríosún é, go ndíoladh sé a fhiacha.
31Acht nuair a chonnaic a chóimhsheirbhísigh cad é bhí déanta, bhí buaidhreamh mór ortha; agus tháinic siad, agus d’innis dá dtighearna gach nídh dá ndearnadh.
32Annsin scairt a thighearna air, agus dubhairt sé leis: A dhroch-sheirbhísigh, mhaith mise na fiacha go léir duit, de bhrígh gur ghuidh tú mé:
33Nár chóir, mar sin, go mbéadh truaighe agat-sa mar an gcéadna do do chóimhsheirbhíseach, amhail mar bhí truaighe agam-sa duit-se?
34Agus bhí fearg ar a thighearna, agus thug sé suas do na céasadóirí é, go dtí go ndíoladh sé na fiacha uilig.
35Is mar seo mar an gcéadna a dhéanfas m’Athair neamhdha libh-se, muna maithidh sibh, gach duine agaibh dá bhráthair, ó bhur gcroidhthe.

Currently Selected:

Maitiú 18: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in