YouVersion Logo
Search Icon

Eoin 8

8
Caibidil VIII
An bhean a fuarthas ag déanamh adhaltranais. Críost ag deimhniughadh a theagaisc.
1Agus chuaidh Íosa go Sliabh na n-Ológ.
2Agus go luath ar maidin tháinic sé arís chun an teampaill, agus tháinic na daoine uilig chuige, agus shuidh sé síos go dtug teagasc dóibh.
3Agus bheir na Scríobhaidhthe agus na Fairisínigh bean chuige a fuarthas ag déanamh adhaltranais: agus chuir siad ina seasamh i lár báire í,
4Agus dubhairt siad leis: A mháighistir, rugadh ar an mhnaoi seo anois ag déanamh adhaltranais.
5Agus d’órduigh Maoise dúinn san dlighe#Leibh. 20, 10. gabháil do chlocha ina leithéid sin. Ar an adhbhar sin, cad é deir tusa?
6Acht dubhairt siad sin, ag cur féachála air, chun go mb’fhéidir dóibh rud éigin a chur ina leith. Acht chromh Íosa é féin síos, agus scríobh sé ar an talamh le n-a mhéir.
7Ar an adhbhar gur lean siad de chur na ceiste air, dhírigh sé é féin, agus dubhairt leo:#Deut. 17, 7. An té agaibh atá gan pheacadh, caitheadh sé an chéad chloch léi.
8Agus ghá chromadh féin athuair dó, scríobh sé ar an talamh.
9Agus ar a chluinstin sin dóibh, d’imthigh siad amach, duine i ndiaidh an duine eile, ag toiseacht ó’n té a ba sine. Agus fágadh Íosa má aonar, agus an bhean ina seasamh i lár baill.
10Acht dhírigh Íosa é féin suas, agus dubhairt léi: A bhean, cá bhfuil siad sin a bhí ag cur i do leith? Nár dhaor aon duine thú?
11Agus dubhairt sise: Níor dhaor, a Thighearna. Agus dubhairt Íosa: Ní dhaorfaidh mise thú acht a oiread: imthigh leat, agus anois ná déan peacadh feasta.
12Ar an adhbhar sin, labhair Íosa leo arís, ag rádh: Is mise solus an domhain:#1 Eoin 1, 3. an té a leanas mise, ní shiubhlann sé san dorchadas, acht béidh solus na beatha aige.
13Dubhairt na Fairisínigh leis, dá bhrígh sin: Tá tú ag déanamh fiadhnaise duit féin: ní fuil do fhiadhnaise fíor.
14Dubhairt Íosa leo, ghá bhfreagairt: Gidh go bhfuil mé ag déanamh fiadhnaise damh féin, tá mo fhiadhnaise fíor: óir tá a fhios agam cá h-as a dhtáinic mé, agus cá bhfuil mé ag dul: acht ní fhuil a fhios agaibh-se cá h-as a dtigim, ná cá dtéighim.
15Bheir sibh-se breitheamhnas do réir na colna: ní thabhraim-se breitheamhnas ar aoinneach.
16Agus má bheirim-se breitheamhnas, tá mo breitheamhnas fíor, óir ní fhuil mé i m’aonar, acht mise agus an t-Athair, a chuir uaidh mé.
17Agus tá sé scríobhtha i bhur ndlighe, go mbíonn fiadhnaise dhá dhuine fíor.#Deut. 17, 6, agus 19, 15; Mait. 18, 16; 2 Cor. 13, 1; Eabh. 10, 28.
18Is mise a bheir fiadhnaise orm féin: agus bheir an t-Athair a chuir uaidh mé fiadhnaise orm.
19Dubhairt siad leis, ar an adhbhar sin: Cá bhfuil d’Athair? D’fhreagair Íosa: Ní fhuil aithne agaibh orm-sa, ná ar m’Athair: dá mbéadh aithne agaibh orm-sa, b’fhéidir go mbéadh aithne agaibh ar m’Athair fosta.
20Labhair Íosa na briathra sin i seomra an chiste, agus é ag teagasc san teampall: agus ní rug aoinneach air, de bhrígh nach dtáinic a uair go fóill.
21Ar an adhbhar sin, dubhairt Íosa leo arís: Tá mise ag imtheacht, agus béidh sibh ar mo lorg, agus gheobhaidh sibh bás i bhur bpeacadh. Mar a bhfuil mise ag dul, ní féidir díbh-se teacht.
22Dubhairt na h-Iúdaigh, dá bhrígh sin: An amhlaidh go muirfidh sé é féin, ar an adhbhar gur dhubhairt sé: Mar a bhfuil mise ag dul, ní féidir díbh-se teacht?
23Agus dubhairt sé leo: Is aníos sibh-se, acht is anuas mise. Is de’n tsaoghal seo sibh-se, ní de’n tsaoghal seo mise:
24Ar an adhbhar sin, dubhairt mé libh go bhfuighidh sibh bás i bhur bpeacaidhe: óir muna gcreididh sibh gur mise an té is mé, gheobhaidh sibh bás i bhur bpeacadh.
25Ar an adhbhar sin, dubhairt siad leis: Cé thú féin? Dubhairt Íosa leo: An tús, atá fosta ag cainnt libh.
26Tá mórán neithe le rádh agus le breathnughadh agam fá dtaoibh díbh, acht tá an té a chuir uaidh mé fírinneach:#Rómh. 3, 4. agus na neithe a chuala mé uaidh-sean, is iad a labhraim san tsaoghal.
27Agus ní raibh a fhios acu go raibh sé ag rádh gurbh é Dia a Athair.
28Ar an adhbhar sin, dubhairt Íosa leo: Nuair a thógfas sibh suas Mac an Duine, annsin béidh a fhios agaibh gur mise an té is mé, agus nach ndéanaim aon nídh uaim féin, acht do réir mar thug m’Athair teagasc damh, labhraim na neithe seo:
29Agus an té a chuir uaidh mé, tá sé i m’fhochair, agus níor fhág sé i m’aonar mé: de bhrígh go ndéanaim i gcómhnaidhe na neithe a bhíos taitneamhach leis.
30Le linn na neithe sin a rádh dó, chreid mórán ann.
31Dubhairt Íosa, ar an adhbhar sin, leis na h-Iúdaigh a chreid ann: Má fhanann sibh ar mo bhriathar, béidh sibh i bhur ndeisciobail agam go fíor:
32Agus béidh fios na fírinne agaibh, agus saorfaidh an fhírinne sibh.
33D’fhreagair siad é: Is síol Abrahaim sinn, agus ní dhear-namar seirbhís d’aoinneach ariamh: cad é mar deir tusa: Béidh sibh saor?
34D’fhreagair Íosa iadh: Amén, amén, adeirim libh: gach aoinneach dá ndéan an peacadh, is sclábhaidhe an peachaidh é.#Rómh. 6, 15, agus 16; 2 Pead. 2, 19.
35Agus ní fhanann an sclábhaidhe san tigh a choidhche: acht fanann an mac a choidhche.
36Ar an adhbhar sin, má shaorann an mac sibh, béidh sibh saor dhá ríribh.
37Tá a fhios agam gur clann Abrahaim sibh: acht tá sibh i bhfáthach le mo mharbhadh-sa, de bhrígh nach bhfaghann mo bhriathar áit ionnarbh.
38Labhraim-se an nídh a chonnaic mé ag m’Athair: agus ghní sibh-se na neithe a chonnaic sibh ag bhur n-athair féin.
39Dubhairt siad-san leis, ghá fhreagairt: Is é Abraham ár n-athair. Deir Íosa leo: Má’s clann Abrahaim sibh, déanaigidh oibreacha Abrahaim.
40Acht anois tá sibh ag iarraidh mise a chur chun báis, duine a labhair libh an fhírinne a chuala mé ó Dhia: ní dhearna Abraham sin.
41Ghní sibh-se oibreacha bhur n-athar féin. Dubhairt siad leis, dá bhrígh sin: Ní ó dhrúis a rugadh sinne: tá aon athair amháin againn, Dia.
42Dubhairt Íosa leo, ar an adhbhar sin: Dá mb’é Dia bhur n-athair, is cinnte go mbéadh grádh agaibh damh-sa, óir is ó Dhia a ghluais mé, agus a tháinic mé: óir ní uaim féin a tháinic mé, acht chuir seisean uaidh mé.
43Cad chuige nach dtuigeann sibh mo chainnt? De bhrígh nach dtig libh éisteacht le mo bhriathar.
44Is ó’n diabhal, mar athair, sibh-se:#1 Eoin 3, 8. agus is iad mianta bhur n-athar is áil libh a dhéanamh. Ba dúnmharbhthóir eisean ó thús, agus níor sheasuigh sé san fhírinne: de bhrígh nach bhfuil fhírinne ann: nuair a labhras sé an bhréag, labhrann sé an nídh is leis féin, óir is bréagaire agus athair na bréige é.
45Acht má innsim-se an fhírinne, ní chreideann sibh mé.
46Cé agaibh a chuirfeas peacadh i mo leith? Má innsim an fhírinne díbh, cad chuige nach gcreideann sibh mé?
47An té atá ó Dhia, éisteann sé le briathra Dé.#1 Eoin 4, 6. Ar an adhbhar sin, ní éisteann sib-se, de bhrígh nach ó Dhia, sibh.
48D’fhreagair na h-Iúdaigh, ar an adhbhar sin, agus dubhairt siad leis: Nach maith a deirimíd é gur Samáirteánach thú, agus go bhfuil deamhan ionnat?
49D’fhreagair Íosa: Ní fhuil deamhan ionnam: acht bheirim onóir do m’Athair, agus thug sibh-se easonóir damh-sa.
50Acht ní iarraim-se mo ghlóir féin: tá Neach ann a iarras, agus a bheir breitheamhnas.
51Amén, amén, adeirim libh: má chongbhuigheann duine ar bith mo bhriathar-sa, ní fheicfidh sé bás a choidhche.
52Dubhairt na h-Iúdaigh, dá bhrígh sin: Anois tá a fhios againn go bhfuil deamhan ionnat. Tá Abraham marbh, agus na Fáidhe: agus deir tusa: Má chongbhuigheann duine ar bith mo bhriathar, ní bhlaisfidh sé bás a choidhche.
53An mó thusa ná ár n-athair Abraham, atá marbh? Agus tá na Fáidhe marbh. Cé a ghní tusa díot féin?
54D’fhreagair Íosa: Má bheirim-se glóir dámh féin, is neimhnídh mo ghlóir: is é m’Athair, a n-abrann sibh-se gurab é bhur nDia é, a bheir glóir damh,
55Agus ní fhuil aithne agaibh-se air: acht tá aithne agam-sa air: agus má deirim nach bhfuil aithne agam air, béidh mé mo bhréagaire cosamhail libh-se. Acht tá aithne agam air, agus congbhuighim a bhriathar.
56Ba mhór le bhur n-athair Abraham go bhfeicfeadh sé mo lá-sa: chonnaic sé é, agus bhí lúthgháir air.
57Ar an adhbhar sin, dhubhairt na h-Iúdaigh leis: Ní fhuil tusa deich mbliadhna agus dá fhichid go fóill, agus an bhfaca tú Abraham?
58Dubhairt Íosa leo: Amén, amén, adeirim libh, sul ar geineadh Abraham, tá mise ann.
59Ar an adhbhar sin, thóg siad clocha le caitheamh air: acht d’fholuigh Íosa é féin, agus chuaidh sé amach as an teampall.

Currently Selected:

Eoin 8: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in