Eoin 9
9
Caibidil IX
Bheir Críost a radharc do’n duine a rugadh dall.
1Agus ag dul thart do Íosa, chonnaic sé duine a bhí dall ó rugadh é:
2Agus d’fhiafruigh a dheisciobail de: A Rabbi, cé pheacuigh, é seo, nó a athair agus a mháthair, ionnas go rugadh dall é?
3D’fhreagair Íosa: Níor pheacuigh sé seo, ná a athair agus a mháthair: acht chun go bhfoillsightí oibreacha Dé ann.
4Is éigean damh-sa oibreacha an té a chuir uaidh mé a dhéanamh, a fhad agus tá an lá ann: tá an oidhche ag teacht, nuair nach féidir do dhuine ar bith obair a dhéanamh.
5A fhad agus tá mé ar an tsaoghal, is mé solus an tsaoghail.
6Nuair a dubhairt sé seo, chaith sé amach seileog ar an talamh, agus rinne sé cré de’n tseileoig, agus chuimil sé an chré ar a shúla,
7Agus dhubhairt sé leis: Imthigh, nigh i linn Shiloe, (rud a chialluigheas, Curtha). D’imthigh sé, mar sin, agus nigh sé, agus tháinic sé agus amharc na súl aige.
8Ar an adhbhar sin, dubhairt na cómharsain, agus na daoine a chonnaic é roimhe sin, agus é ag iarraidh déirce: Nach é seo an té a bhíodh ina shuidhe, agus é ag iarraidh déirce? Deireadh cuid acu: Is é seo é.
9Acht cuid eile: Ní h-é ar chor ar bith, acht tá sé cosamhail leis. Acht dubhairt sé féin: Is mise é.
10Dubhairt siad leis, dá bhrígh sin: Cad é mar foscladh do shúla?
11D’fhreagair sé: Rinne an duine úd, dá ngoirtear Íosa, cré: agus chuimil sé mo shúla, agus dubhairt liom: Imthigh go linn Shiloe, agus nigh. Agus d’imthigh mé, agus nigh, agus tchím.
12Agus dubhairt siad leis: Cá bhfuil sé? Deir seisean: Ní fhuil a fhios agam.
13Bheir siad leo chuig na Fairisínigh an té seo a bhíodh dall.
14Agus bhí an tsabóid ann nuair a rinne Íosa an chré, agus d’fhoscail sé a shúla.
15Ar an adhbhar sin, d’fhiafruigh na Fairisínigh arís de cad é mar fuair sé amharc na súl. Agus dubhairt seisean leo: Chuir sé cré ar mo shúla, agus nigh mé, agus tchím.
16Ar an adhbhar sin dubhairt cuid de na Fairsínigh: Ní ó Dhia an duine seo nach gcongbhuigheann an tsabóid. Acht dubhairt cuid eile: Cad é mar is féidir do dhuine pheacthach na míorbhailte seo a dhéanamh? Agus bhí siosma eatortha.
17Deir siad arís leis an dall, dá bhrígh sin: Cad é deir tusa fá’n té úd a d’fhoscail do shúla? Agus dubhairt seisean: Is fáidh é.
18Ar an adhbhar sin, níor chreid na h-Iúdaigh fá dtaoibh de, go raibh sé dall agus go bhfuáir sé a radharc, go dtí gur ghoir siad chuca athair agus máthair an té a fuair a radharc,
19Agus gur fhiafruigh siad díobh, ag rádh: An é seo bhur mac a deir sibh a rugadh dall? Dá bhrígh sin, cad é mar tá a radharc anois aige?
20Dubhairt a athair agus a mháthair leo, ghá bhfreagairt: Tá a fhios againn gurab é seo ár mac, agus go rugadh dall é:
21Acht cad é mar tchí sé anois, ní fios dúinn: ná ní fios dúinn cé d’fhoscail a shúla: fiafruighigidh de féin: tá aois aige, labhradh sé ar a shon féin.
22Dubhairt a athair agus a mháthair sin, de bhrígh go raibh eagla ortha roimh na h-Iúdaigh. Óir shocruigh na h-Iúdaigh eatortha féin roimhe sin, go gcuirfidhe amach as an tsineagóig duine ar bith a d’admhóchadh gurbh eisean Críost.
23Ar an adhbhar sin, dubhairt a athair agus a mháthair: Tá aois aige, fiafruighigidh de féin.
24Ar an adhbhar sin, ghoir siad chuca arís an duine a bhíodh dall, agus dubhairt siad leis: Tabhair glóir do Dhia: tá a fhios againne gur peacach an duine seo.
25Dubhairt seisean leo, dá bhrígh sin: Má’s peacach é, ní fhuil a fhios sin agam-sa: is eol damh aon nídh amháin, go bhfuil mise i ndiaidh bheith dall, agus go bhfeicim anois.
26Ar an adhbhar sin, dubhairt siad leis: Cad é rinne sé leat? Cád é mar d’fhoscail sé na súla duit?
27D’fhreagair sé iad: D’innis mé díbh cheana féin, agus chuala sibh: cad chuige ar mian libh a chluinstin arís? An amhlaidh gur mian libh-se fosta a bheith i bhur ndeisciobail aige?
28Thug siad achmhusán dó, dá bhrígh sin, agus dubhairt: Bí thusa i do dheisciobal aige: acht is deisciobail Mhaoise sinne.
29Tá a fhios againn gur labhair Dia le Maoise: acht ní fhuil a fhios againn cá h-as do’n duine seo.
30D’fhreagam an duine sin agus dubhairt leo: Go dearbhtha is iongantach an rud é sin, nach bhfuil a fios agaibh cá h-as dó, agus gur fhoscail sé mo shúla-sa:
31Óir tá a fhios againn nach n-éisteann Dia peacaigh: acht má beir aoinneach onóir do Dhia agus a thoil a dhéanamh, éisteann sé eisean.
32Ó thús an tsaoghail níor cluineadh gur fhoscail aoinneach súla duine a rugadh dall.
33Munarbh ó Dhia é seo, ní thiocfadh leis aon nídh a dhéanamh.
34D’fhreagair siad agus dubhairt leis: I bpeacaidhe a rugadh thusa ar fad, agus an dtugann tú teagasc dúinne? Agus chaith siad amach é.
35Chuala Íosa gur chaith siad amach é: agus nuair a fuair sé é, dubhairt sé leis: An gcreideann tú i Mac Dé?
36D’fhreagair seisean agus dubhairt: Cé h-é eisean, a Thighearna, go gcreididh mé ann?
37Agus dubhairt Íosa leis: Chonnaic tú é, agus is é seo é atá ag cainnt leat.
38Agus dubhairt seisean: Creidim, a Thighearna. Agush chaith sé é féin síos go dtug adhradh dó.
39Agus dubhairt Íosa: Chun breitheamhnais a tháinic mise#9, 39 Chun breitheamhnais a tháinic mise, &c. Ní tháinic Críost chun, duine ar bith a dhéanamh dall. Acht tharraing na h-lúdaigh an daille man bhreitheamhnas ortha féin leis an droch-úsáid a rinne siad dá theacht, agus leis an diúltadh a thug siad dá theachtairéacht. ar an tsaoghal seo: chun go bhfeiceadh siad sin nach bhfeiceann, agus go ndalltaí iad sin atchí.
40Agus chuala cuid de na Fairisínigh a bhí ina fhochair, agus dubhairt siad leis: An amhlaidh atá sinne dall fosta?
41Dubhairt Íosa leo: Dá mbéadh sibh dall#9, 41 Dá mbéadh sibh dall, &c. Dá mbéadh siad ainbhfiosach, agus gan neart acu air, gan na Scrioptúirí léighte acu, ná iad míorbhailte Chríost d’fheiceáil, ní bheadh peacadh an ainchreidimh ortha. Acht ó bhí siad ag maoidheamh as a n-eolas ar na Scrioptúirí, bhí siad gan leithscéal., ní bhéadh peacadh oraibh: acht anois deir sibh: Tchímid: fanann bhur bpeacadh.
Currently Selected:
Eoin 9: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland