YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 25

25
Caibidil XXV
Cuireann Pól é féin faoi choimirce Chaesair. Fonn ar an rígh Agrippa éisteacht leis.
1Ar an adhbhar sin, nuair a tháinic Festus go dtí an cúige, chuaidh sé suas i gcionn thrí lá go h-Ierusalem ó Chaesarea.
2Agus tháinic uachtaráin na sagart Agus maithe na n-Iúdach chuige i n-aghaidh Phóil: agus d’impidh siad é,
3Ag iarraidh fabhair ina éadan, go n-órduigheadh sé a thabhairt go h-Ierusalem, agus rún acu lungheachán a dhéanamh le n-a mharbhadh ar an bhealach.
4Acht d’fhreagair Festus go raibh Pól dá choimhéad i gCaesarea: agus go mbéadh sé féin ag dul annsin gan mhoill.
5Ar an adhbhar sin, (deir sé) téigheadh cib é agaibh, ar féidir dóibh é, síos i n-aoinfheacht liom, agus má tá coir ar bith san fhear, cuireadh siad ma leith í.
6Agus níor fhan sé ina measc ní ba mhó ná ocht nó deich laethe, agus chuaidh sé síos go Caesarea, agus lá ar n-a bhárach, ar shuidhe dó i gcathaoir an bhreitheamhnais, d’órduigh sé Pól a thabhairt i láthair.
7Agus nuair a tugadh i láthair é, sheasuigh na h-Iúdaigh a tháinic anuas ó Ierusalem thart fá dtaoibh de, agus chuir siad ina leith mórán de neithe troma nach dtáinic leo a gcruthughadh.
8D’fhreagair Pól ar a shon féin: Níor chionntuigh mé i nídh ar bith i n-aghaidh dlighe na n-Iúdach, ná i n-aghaidh an teampaill, ná i n-aghaidh Chaesair.
9Acht d’fhonn fabhar a thaisbeáint do na h-Iúdaigh, d’fhreagair Festus Pól, agus dubhairt: An áil leat dul suas go h-Ierusalem, agus teacht faoi bhreitheamhnas annsin i mo láthair-se fá na neithe seo?
10Acht dubhairt Pól: Tá mé i mo sheasamh ag cathaoir bhreitheamhnais Chaesair, áit ar coir bhreitheamhnas a thabhairt orm. Ní dhearna mé éagcóir ar bith ar na h-Iúdaigh, mar is eol duit féin go maith.
11Óir má rinne mé éagcóir ar bith, nó aon nídh a thuillfeadh bás, ní dhiúltaim do’n bhás: acht munab amhlaidh aon nídh de na neithe a chuireas siad seo i mo leith, ní féidir d’aoinneach mé thabhairt suas dóibh: téighim faoi choimirce Chaesair.
12Annsin nuair a labhair Festus leis an chómhairle, d’fhreagair sé: An ndeachaidh tú ar choimirce Chaesair? Is chuig Caesar a rachas tú.
13Agus nuair a chuaidh seal laethe thart, tháinic an rí Agrippa agus Bernice anuas go Caesarea a chur fáilte roimh Fhestus.
14Agus ó bhí siad agh fanacht mórán laethe annsin, d’innis Festus do’n rígh fá Phól, ag rádh: D’fhág Felics fear áirithe ina phríosúnach,
15Agus nuair a bhí mé i n-Ierusalem, tháinic uachtaráin na sagart, agus seanóirí na n-Iúdach chugam fá dtaoibh de, ag iarraidh breith a dhaortha d’fhagháil ina aghaidh.
16Agus d’fhreagair mise iad: Ní fhuil sé ina ghnás ag na Rómhánaigh duine ar bith a dhaoradh sul a bhfaghaidh an té a bhíos dá chionntughadh lucht a chionntuighthe ina láthair, agus caol d’fhagháil é féin a chosaint, agus a ghlanadh as na coirthe a chuirtear ina leith.
17Ar an adhbhar sin, nuair a tháinic siad i gcionn a chéilé annseo, gan aon mhoill, lá ar n-a bhárach, shuidh mé i gcathaoir an bhreitheamhnais, agus d’órduig mé an fear a thabhairt i láthair chugam.
18Agus nuair a sheasuigh lucht a chionntuighthe annsin, níor chuir siad aon ghearán ina aghaidh fá neithé a bhfacthas damh-sa aon choir a bheith ionnta.
19Acht bhí ceisteanna áirithe fá n-a ngeasrógaí féin acu ina aghaidh, agus fá Íosa éigin, a fuair bás, acht a ndearbhann Pól go bhfuil sé beo.
20Agus mar go raibh mé i n-amhras fá n-a leithéid de cheist, d’fhiafruigh mé arbh áil leis dul go h-Ierusalem, agus teacht faoi bhreitheamhnas annsin fá na neithe seo.
21Acht ó d’agair Pól é féin a chongbháil go n-éisteadh August leis, d’órduigh mé a chongbháil nó go gcuirinn chuig Caesar é.
22Agus dubhairt Agrippa le Festus: Ba mhaith liom féin fosta an fear a chluinstin. I mbárach, dubhairt sé, cluinfidh tú é.
23Agus lá ar n-a bhárach, nuair a tháinic Agrippa agus Bernice fá, ghalántas mhór, agus chuaidh siad isteach san chúirt, mar aon leis na cinn feadhain agus maithe na cathrach, ar órdughadh Fhestuis, tugadh Pól i láthair.
24Agus dubhairt Festus: A rí Agrippa, agus a fheara go léir atá annseo linn, tchí sibh an fear seo fá n-a dtáinic sluagh na n-Iúdach go h-uile chugam i n-Ierusalem, ag impidhe agus ag scairtigh nár chóir dó bheith beo níos fuide.
25Acht ní fhuair mise aon nídh déanta aige a thuill bás. Agus ó chuaidh sé féin ar choimirce Auguist, chuir mé rómham é chur chuige.
26Agus ní fhuil rud ar bith deimhin agam fá dtaoibh de le scríobhadh chuig mo thighearna. Dá bhrígh sin, thug mé i bhur láthair é, agus go h-áirithe i do láthair-se, a rí Agrippa, ionnas, tré n-a cheistiughadh, go mbéadh rud éigin agam a scríobhfainn.
27Óir tchíthear damh gur mí-chéillidhe príosúnach a chur, agus gan na neithe atá curtha ina leith a nochtadh.

Currently Selected:

Gníomhartha 25: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in