Gníomhartha 26
26
Caibidil XXVI.
Bheir Pól tuairisc do Agrippa ar a bheatha, ar a thionntódh chun creidimh, agus ar a ghairm.
1Agus dubhairt Agrippa le Pól: Tá cead agat labhairt ar do shon féin. Annsin shín Pól amach a lámh, agus thoisigh sé a thabhairt a thuairisce.
2Measaim gur méanar damh, a rí Agrippa, a bheith ar tí labhairt ar mo shon féin indiu i do láthair-se, i dtaoibh na neithe sin uilig atá curtha i mo leith ag na h-Iúdaigh,
3Go h-áirithe ó tá a fhios agat-sa gach gnás agus gach ceist dá mbíonn imeasc na n-Iúdach: ar an adhbhar sin guidhim thú éisteacht liom go foighdeach.
4Agus leoga is eol do na h-Iúdaigh go h-uile mo bheatha ó m’óige, a bhí ó thús imeasc mo chinidh féin i n-Ierusalem:
5Agus bhí aithne acu orm ó thús, (dá mba mhian leo fiadhnaise a dhéanamh) mar mhair mé i mo Fhairisíneach do réir na h-aicme is déine dár gcreideamh.
6Agus anois is mar gheall ar dhóchas na geallamhna a thug Dia dár n-aithreacha a sheasaim faoi bhreitheamhnas:
7Agus tá súil ag ár ndá threibh dhéag leis, agus iad ag déanamh seirbhíse lá agus oidhche. Agus is fá’n dóchas sin, a rí, atá na h-Iúdaigh ag cur i mo leith.
8Cad chuige a meastar do-chreidthe agaibh é, go dtógann Dia na mairbh?
9Agus go dearbhtha shíl mé féin gur chóir damh mórán neithe a dhéanamh i n-aghaidh ainm Íosa as Nasair.
10Agus rinne mé sin i n-Ierusalem, agus dhruid mé mórán de na naoimh i bpríosúin, ar fhagháil ughdaráis damh ó uachtaráin na sagart: agus nuair a cuireadh chun báis iad, thug mise m’aontughadh.
11Agus ghá bpianadh damh go minic i ngach sineagóig, bheirinn ortha labhairt go diamhaslach: agus ag éirghe ní bha mhire damh ina n-éadan, rinne mé iad a ghéirleanamhaint fiú i gcathracha coimhightheacha.
12Le n-a linn sin nuair a bhí mé ag dul chun na Damaisce le h-ughdarás agus le cead ó uachtaráin na sagart,
13Chonnaic mé ar an bhealach, a rí, ag meadhón lae solus ó neamh ní ba mhó ná gile na gréine ag soillsiughadh thart fá dtaoibh díom féin agus fá dtaoibh dá raibh i n-aoinfheacht liom.
14Agus nuair a thuiteamar uilig ar an talamh, chuala mé guth ag labhairt liom i dteangaidh na h-Eabhraise: A Shauil, a Shauil, cad chuige a ndéan tú mé a ghéirleanamhaint? Is doiligh duit bheith ag bualadh na sál i n-aghaidh an bhruid.
15Agus dubhairt mise: Cé thú féin, a Thighearna? Agus d’fhreagair an Tighearna: Is mé Íosa ar a bhfuil tusa ag déanamh géirleánamhna.
16Acht éirigh agus seasuigh suas ar do chosa: óir is fá n-a choinne seo a d’fhoillsigh mé mé féin duit, go ndéanainn seirbhíseach agus fiadhnaiseach díoc ar na neithe sin a chonnaic tú, agus ar na neithe sin ma bhfoillseochaidh mise mé féin duit,
17Do shaoradh damh ó’n phobal, agus ó na cinidheacha chuig a bhfuil mé do chur anois,
18A fhoscladh na súl dóibh, chun go dtionntuighidh siad ó dhorchadas go solus, agus ó chumhacht Shatain chun Dé, go bhfaghaidh siad maitheamh-nas peacaidhe, agus oighreacht imeasc na naomh tré chreideamh ionnam-sa.
19Dá bhrígh sin, a rí Agrippa, ní raibh mé mí-chreidmheach san fhís neamhdha:
20Acht d’fhuagair mé ar dtús do mhuinntir na Damaisce, agus i n-Ierusalem, agus ar fud cheanntar Iudaia go h-uile, agus do na cinidheacha, aithrighe a dhéanamh, agus tionntódh chun Dé, tré déanamh oibreacha a d’fhóirfeadh do’n aithrighe.
21Ar a shon sin rug na h-Iúdaigh orm, nuair a bhí mé san teampall, agus thug siad iarraidh mé a mharbhadh.
22Acht tré fhagháil chabhartha ó Dhia, seasuighim go dtí an lá atá indiu ann ag tabhairt fhiadhnaise do’n bheag agus do’n mhór, agus gan dadamh dá rádh agam acht na neithe sin ar dhubhairt na fáidhe agus Maoise go raibh siad le theacht,
23Go bhfulaingeochadh an Críost, gurbh é a d’éireochadh a chéadradh ó na mairbh, agus go bhfoillseochadh sé solus do’n phobal agus do na cinidheacha.
24Agus nuair a dubhairt sé na neithe sin, ag tabhairt a thuairisce dó, labhair Festus de ghuth árd: A Phóil, tá tú as do chéill: tá an iomad léighinn do chur as do chéill.
25Agus dubhairt Pól: Ní fuil mé as mo chéill, a Fhestuis ró-oirdheirc, acht labhraim briathra a bhfuil fírinne agus stuaim leo.
26Óir is eol do’n rígh na neithe seo, agus labhraim-se go dána ina láthair. Óir measaim nach bhfuil aon nídh acu seo ceilte air. Ná ní i gcoirnéal a thárla aon nídh acu seo.
27An gcreideann tú ins na fáidhe, a rí Agrippa? Tá a fhios agam go gcreideann.
28Agus dubhairt Agrippa le Pól: Is beag nach dtugann tú orm a bheith i mo Chríostaidhe.
29Agus dubhairt Pól: Is í mo mhian i nDia ní amháin thusa, acht fosta a bhfuil ag éisteacht liom indiu, a bheith san bheag agus san mhór mar atá mise, acht amháin ins na geimhleacha seo.
30Agus d’éirigh an rí, agus an t-uachtarán, agus Bernice, agus an méid a bhí ina suidhe ina bhfochair.
31Agus nuair a chuaidh siad i leat taoibh, labhair siad eatortha féin, ag rádh: Ní dhearna an duine seo aon nídh a thuilleas bás ná geimhleacha.
32Agus dubhairt Agrippa le Festus: D’fhéadfaidhe an duine seo a leigin saor, munarbh é go ndeachaidh sé ar choimirce Chaesair.
Currently Selected:
Gníomhartha 26: ASN1943
Highlight
Share
Copy

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland