YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 17

17
Caibidil XVII.
Bheir Pól teagasc do na Teasalonaicigh agus na Beréigh. Labhrann sé leis na h-Aithnigh.
1Agus nuair a chuaidh siad fríd an Aimfiopoil agus an Apallóin, tháinic siad chun na Teasalonaice, mar a raibh sineagóg Iúdach.
2Agus mar ba ghnáthach le Pól, chuaidh sé isteach chuca, agus ar feadh thrí sabóid rinne sé díospóireacht leo as na Scrioptúirí,
3Ag míniughadh agus ag dearbhadh gurbh éigean do’n Chríost fuilstin, agus éirghe arís ó mharbhaibh: agus gurab é seo Íosa Críost, an té atá mé a fhuagradh díbh.
4Agus chreid cuid acu, agus chuaidh siad i gcumann le Pól agus Silas, agus sluagh mór fosta de na daoine a d’adhradh Dia agus de na cinidheacha, agus mórán de mhná uaisle.
5Acht tháinic éad ar na ti-Iúdaigh, agus ag gabháil droch-dhaoine áirithe as an ghramhascar chuca dóibh, thóg siad gleo, agus ghríosuigh siad an chathair: agus ina seasamh thart fá thigh Iasoin dóibh, d’iarr siad iad a thabhairt amach chuig na daoine.
6Agus nuair nach bhfuair siad iad, thug siad Iason agus cuid de na bráithre chuig uachtaráin na cathrach#17, 6 Na Cathrach. Urbem. “Oikoumenén” atá san Ghréigis, is é sin le rádh, an domhan., ag scairtigh: Iad seo a bhíos ag gríosughadh na cathrach, tháinic siad annseo fosta,
7Agus thug Iason aoidheacht dóibh, agus bíonn siad seo uilig ag cur i n-aghaidh reachta Chaesair, ag rádh go bhfuil rí eile ann, Íosa.
8Agus ghríosuigh siad an pobal agus uachtaráin na cathrach, ar chluinstin na neithe sin dóibh.
9Agus nuair a bhain siad sásamh as Iason, agus as an chuid eile, leig siad uatha iad.
10Acht gan mhoill chuir na bráithre Pól agus Silas chun siubhail san oidhche go Berea. Agus nuair a shroich siad an áit sin, chuaidh siad isteach i sineagóig na n-Iúdach.
11Agus b’uaisle#17, 11 B’uaisle. Ba airidhe ar Iúdaigh Bherea an moladh a fuair siad. Ghabh siad an fhírinne chuca le fonn, agus bhíodh siad ag cuartughadh na Scrioptúirí au lorg ha dtéacs a ghníodh an t-Abstal a luadh. Níorbh ionann sin do mhuinntir na Teasalonaice, óir chuir siad géirleanamhaint ar sheanmóiridhthe an tSoiscéil, gan scrúdughadh ar bith a dhéanamh ar na fáthanna a bíodh dá luadh ag na seanmóiridhte sin le fírinne a dteagisc a dhearbhadh. iad seo ná muinntir na Teasalonaice, agus ghabh siad an briathar chuca fá lán-dhúthracht, agus iad ag scrúdughadh na Scrioptúirí gach uile lá, féachaint arbh amhlaidh bhí na neithe seo.
12Agus chreid mórán acu, agus fosta mórán ban uasal, agus fear, a bhí ina bhpágánaigh.
13Agus nuair a thuig Iúdaigh na Teasalonaice gur sheanmóir Pól briathar Dé i mBerea fosta, tháinic siad annsin mar an gcéadna a ghríosughadh agus a bhodhradh an tsluaigh.
14Agus annsin, ar an bhall, chuir na bráithre Pól ar shiubhal, go dtéigheadh sé go dtí an fhairrge: acht d’fhan Silas agus Timoteus annsin.
15Agus iad sin a bhí ag comóradh Phóil, threoruigh siad go Cathair na h-Aithne é, agus nuair a fuair siad órdughadh uaidh do Shilas agus do Thimoteus teacht chuige cómh luath agus a b’fhéidir dóibh, d’imthigh siad.
16Agus le linn do Pól a bheith ag fuireach leo i gCathair na h-Aithne, tháinic buaidhreamh ar a Spiorad istigh ann, nuair a chonnaic sé an chathair tugtha suas do íodhaladhradh.
17Ar an adhbhar sin, bhíodh sé ag díospóireacht san tsineagóig leis na h-Iúdaigh, agus leis na daoine a bheireadh adhradh do Dhia, agus i n-áit an mhargaidh, gach uile lá leis an méid a bhíodh i láthair.
18Agus bhíodh feallsamhnaigh áirithe, Eibiograigh agus Stóigí, ag díospóireacht leis, agus deireadh cuid acu: Cad is áil leis an bhéalascán seo a rádh? Acht cuid eile: Tá a chosamhlacht air gur seanmóiridhe ar dhéithe nua é: óir bhíodh sé ag fuagradh Íosa agus na h-eiséirghe dóibh.
19Agus ghá bhreith leo dóibh, thug siad go dtí an t-Areopagus é, ag rádh: An bhféadamuidh fios d’fhagháil cadh é an teagasc nua seo a mbíonn tú ag labhairt air?
20Óir tá neithe áirithe nua dá gcur ar ár gcluasa agat: ba mhaith linn fios d’fhagháil, mar sin, cad é is ciall leo.
21(Óir ní raibh aire ar nídh ar bith eile ag na h-Aithnigh, ná ag na coimhighthigh a ghníodh cómhnaidhe annsin, acht ar nuaidheacht éigin d’innse, nó a chluinstin).
22Acht sheasuigh Pól i lár an Areopaguis, agus dubhairt: A fheara na h-Aithne, tchím i ngach nídh go bhfuil sibh amhail ró-leagtha ar adhradh dhéithe.
23Óir ag siubhal thart damh, chonnaic mé bhur n-íomháighe, agus fuair mé altóir, ar a raibh scríobhtha: Do’n Dia anaithnid. Ar an adhbhar sin, an nídh a dtugann sibh onóir dó, i ngan fhios díbh, is é a fhuagraim-se díbh.
24Dia, a rinne an domhan agus gach nídh dá bhfuil ann,#Uimh. 6, 18. de bhrígh gurab é Tighearna neimhe agus talaimh é, ní chómhnuigheann sé i dteampaill#17, 24 I Dteampaill. Ní chongbhuightear Dia istigh i dteampaill: amhail agus dá mbéadh feidhm aige ortha mar áruis, nó chun úsáide ar bith eile, mar mheas na págánaigh. Acht, ó tá sé iol-láitreach, bíonn sé annsin agus i ngach áit eile. láimh-dhéanta,
25Ná ní fhaghann sé freastal ó lámha daoine, amhail agus dá mbéadh aon rud do dhíth air, óir is é féin a bheir beatha, agus anál, agus an uile nídh do chách:
26Agus rinne sé an cineadh daonna go h-uile ó aon dhuine, chun go ndéanadh siad cómhnaidhe ar aghaidh an domhain go h-iomlán, agus chinn sé seala áirithe, agus teorainn a n-áiteacha cómhnaidhe dóibh.
27Chun go gcuartuigheadh siad Dia, dá mb’fhéidhir leo a mhothachtáil, nó a fhagháil, gidh nach fada ó dhuine ar bith againn é:
28Óir is ann-san a mhairimíd, agus a bhogamuid, agus atámuid: mar a dubhairt cuid de bhur bhfilí féin fosta: Óir is dá chineadh-san sinne mar an gcéadna.
29Ar an adhbhar sin, de bhrígh gur cineadh Dé sinn, ní cóir dúinn a mheas gur cosamhail an Diadhacht le h-ór, ná le h-airgead, ná le cloich, snoidheachán céirde agus intleacht duine.
30Agus leig Dia ré an aineolais seo thairis, agus anois fuagrann sé do na daoine san uile áit aithrighe a dhéanamh,
31Óir leag sé amach lá ina dtabharfaidh sé breitheamhnas cóir ar an tsaoghal, tríd an fhear a d’órduigh sé, agus thug sé creideamh ann-san do na h-uile dhaoine, tré n-a thógáil ó mharbhaibh dó.
32Agus nuair a chuala siad fá eiséirghe na marbh, rinne cuid acu magadh faoi: acht dubhairt cuid eile: Éistfimíd leat arís fá’n cheist seo.
33Ba mar sin a d’imthigh Pól amach uatha.
34Acht cheangail fir áirithe iad féin leis, agus chreid siad: agus ortha sin bhí Dionais an t-Areopagach, agus bean darbh ainm Damaris, agus tuilleadh ina dhteannta.

Currently Selected:

Gníomhartha 17: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in