Salm 5

5
Urnaí a Iarraidh Treorú Dé
1Do stiúrthóir an chóir. Le gaothuirlisí. Salm le Dáiví.
2Tabhair cluas do mo bhriathar, a Thiarna,
agus éist le mʼosna.
3Claon chun glór mo ghuí,
a Rí liom is a Dhia!
4Óir is chugatsa a chuirim mʼurnaí, a Thiarna;
éisteann tú liom ar maidin.
Ag faire is ag feitheamh dom ar maidin,
cuirim chugat mo ghuí.
5Ní Dia tú lenarb áil an urchóid:
ní mhaireann an t‑olc leat.
6Ní sheasfaidh an scaothaire an fód
os comhair do shúl.
7Is gráin leat lucht oibrithe an oilc;
scriosann tú lucht éithigh.
Is fuath leis an Tiarna an fear fuilteach
agus an cealgaire claon.
8Rachadsa cheana i do theachsa
trí líonmhaire do thrócaire;
cromfaidh mé i do theampall naofa
le heagla romhat, a Thiarna.
9Treoraigh mé a Thiarna, i dʼfhíréantacht
mar gheall ar mo naimhde;
réitigh do shlí romham.
10Níl an fhírinne le fáil ina mbéal;
tá cealg ina gcroí.
Is uaigh ar leathadh a gcraos;
is mealltach a dteanga.
11Agair do bhreithiúnas orthu, a Thiarna;
go dteipe ar a mbearta;
cuir an ruaig orthu de dheasca a gcionta
óir dʼéirigh siad i dʼéadan.
12Bíodh áthas ar chách a ritheann chugat;
gairdídís go brách;
caomhnaigh an dream lenarb áil dʼainm
chun go ndéana siad gairdeas ionat.
13Óir beannóidh tú an fíréan, a Thiarna;
beidh do chineáltas amhail sciath ina thimpeall.

Tans Gekies:

Salm 5: ABN2012

Kleurmerk

Deel

Kopieer

None

Wil jy jou kleurmerke oor al jou toestelle gestoor hê? Teken in of teken aan

YouVersion gebruik koekies om jou ervaring persoonlik te maak. Deur ons webwerf te gebruik, aanvaar jy ons gebruik van koekies soos beskryf in ons Privaatheidsbeleid