Maitiú 8

8
CAIBIDIOL VIII.
An lobhar d’á ghlanadh ag Críost; seirbhíseach an taoisigh céad, ⁊ máthair céile Pheadair, ⁊ a lán eile aige ’á leigheas. An stoirm ar an bhfaraige á chiúnú aige. Na deamhain dá gcur amach as an mbeirt a bhí sealbhuighthe acu, ⁊ cead uaidh dos na deamhnaibh dul isteach ins na mucaibh.
1Ansan nuair a tháinig sé anuas ó’n gcnoc do lean sluaighte móra é. 2Agus féach, tháinig lobhar, agus do shléacht sé dhó agus dubhairt sé: A Thighearna, tá ar do chumas mé ghlanadh má’s áil leat. 3Agus do shín Íosa a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt sé; Is áil liom é: glantar thú. Agus do glanadh láithreach é ó n-a lobhra. 4Agus dubhairt Íosa leis: Féach, ná h-innis d’aoinne é; ach imthigh agus #8:4 .i. chun na teistiméireachta dh’fhághail. Lebhit. 14:2.taisbeáin tu féin do’n tsagart, agus tabhair an ofráil a dh’órduigh Maoís, mar fiadhnaise dhóibh-sin.
5Ansan nuair a bhí sé tar éis dul isteach i gCapharnaum tháinig chuige taoiseach céad, ’ghá ghuidhe, 6Agus dubhairt sé: A Thighearna, tá mo bhuachaill sa bhaile ’n-a luighe gan lúth a ghéag, agus tá pianta móra air. 7Agus dubhairt Íosa leis: Tiocfad-sa agus leighisfead é. 8Agus dubhairt an taoiseach céad: A Thighearna, ní fiú mise go dtiocfá fé m’ dhíon; ach abair an focal amháin agus beidh mo bhuachaill slán. 9Mar is duine mise atá fé smacht, agus tá saighdiúirí fúm; agus deirim leis an bhfear so, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé, agus le m’ sheirbhíseach, Dein so; agus deineann sé é. 10Agus nuair airigh Íosa san do dhein sé iongna dhé; agus dúbhairt se leis an muíntir a bhí ’ghá leanmhaint: Go deimhin adeirim libh, ní bhfuaras a leithéid sin de chreideamh i n-Israél. 11Agus deirim libh go dtiocfaidh a lán daoine ó’n ndomhan toir agus ó’n ndomhan tiar, agus go luighfid siad i bhfochair Ábrahaim agus Isaaic agus Iácóib, 12Agus caithfar clann na rígheachta amach sa dorchadas atá amuigh, mar a mbeidh gol agus díosgán fiacal. 13Agus dubhairt Íosa leis an dtaoiseach céad: Imthigh ort, agus fé mar a chreidis deintear duit. Agus tháinig a shláinte do’n bhuachaill an uair sin.
14Agus nuair a tháinig Íosa isteach i dtigh Pheadair chonaic sé máthair a chéile ’n-a luighe agus éagcruas uirthi; 15Agus do rug sé ar láimh uirthi, agus d’imthigh an t-éagcruas di, agus d’eirigh sí, agus dhein sí friothálamh ortha.
16Ansan, nuair a tháinig an tráthnóna, thugadar ag triall air a lán daoine go raibh deamhain ionta; agus bhí sé ag díbirt na ndeamhan le n-a fhocal, agus ag leigheas na ndaoine a bhí as a sláinte; 17Ionus go bhfíor-faí an chaint a dubhairt Isáias Fáidh, mar a ndubhairt sé: #Isáias 53:4; 1 Pead. 2:24.Do ghlac sé chuige féin ár n-easláintí agus d’fhuiling sé ár ngalara.
18Agus nuair a chonaic Íosa na sluaighte móra ’n-a thímpal, d’órduigh sé dul thar uisge. 19Agus tháinig fear sgríbhinne chuige agus dubhairt sé leis: A Mháighistir, leanfad thú pé áit ’n-a ngeóbhair. 20Agus deir Íosa leis: Táid pluaiseana ag na sionachaibh agus neadacha ag éanlaithibh an aéir, agus ní’l ag Mac an Duine áit ar a leigfeadh sé a cheann. 21Dubhairt deisgiobul eile leis, A Thighearna, leig dom dul ar dtúis agus m’athair d’adhlacadh. 22Dubhairt Íosa leis, ámhthach: Lean mise, agus leig dos na mairbh a mairbh d’adhlacadh.
23Agus nuair a chuaidh sé ar bórd na luinge bige, do lean a dheisgiobuil é. 24Agus féach, d’eirigh suathadh mór sa bhfaraige, i dtreó go raibh an long d’á múchadh leis na tonnaibh. Ach bhí seisean ’n-a chodla. 25Agus tháinig a dheisgiobuil chuige agus dhúisigheadar é. A Thighearna, ar siad, saor sinn; tá an bás againn. 26Agus dubhairt Íosa leó: Cad is eagal daoibh, a dhaoine gan puinn creidimh? Ansan d’eirigh sé agus dubhairt sé leis an ngaoith agus leis an bhfaraige fanmhaint socair, agus tháinig ciúnas mór. 27De sin do ghlac iongnadh na daoine agus dubhradar: Cad é mar duine é seo go bhfuil gaoth agus faraige úmhal dó?
28Agus nuair a chuadar treasna an uisge, isteach i dtír na #8:28 nGerasénach Nó, na nGadarénach.nGerasénach, do bhuail uime beirt go raibh deamhain ionta, agus iad ag teacht amach as na h-uaghnaibh agus iad ana-mhillteach, i dtreó nár bh’fhéidir d’aoinne gabháil an tslígh sin acu. 29Agus féach, do liúghadar agus dubhradar: Cad é sin dúinne thusa, a Íosa, a Mhic Dé? Ar tháinís anso roim an aimsir chun pionóis a chur orainn? 30Bhí tréad mór muc ar fosaidheacht i ngar dóibh. 31Agus d’iarr na deamhain achainighe air: Má chuireann tú as so sinn, ar siad, cuir ins na mucaibh sinn. 32Agus dubhairt sé leó: Imthighidh. Agus d’imthigheadar isteach ins na mucaibh, agus féach, do rith an tréad muc ar buile le fánaidh isteach sa bhfaraige, agus do báthadh iad. 33Agus do rith na h-aodhairí; agus thánadar isteach sa chathair, agus d’innseadar gach nídh, agus i dtaobh na beirte go raibh na deamhain ionta. 34Agus féach, do ghluais muintir na catharach go léir amach i gcoinnibh Íosa; agus nuair a chonacadar é d’iarradar air imtheacht as a dtír.

Okuqokiwe okwamanje:

Maitiú 8: POL

Qhakambisa

Dlulisela

Kopisha

None

Ufuna ukuthi okuvelele kwakho kugcinwe kuwo wonke amadivayisi akho? Bhalisa noma ngena ngemvume