YouVersion 標識
搜索圖示

Lúcás 21

21
Cianóg na Baintrí
1Ag breathnú suas dó, chonaic sé na daoine saibhre ag cur a n-ofrálacha isteach sa chiste. 2Agus chonaic sé baintreach dhealbh ag cur dhá leathfheoirling ann, 3agus dúirt: “Deirim libh go dearfa, chuir an bhaintreach bhocht seo níos mó isteach ná cách eile; 4óir is cuid den iomarca a bhí acu a chuir siad siúd uile isteach sna hofrálacha chun Dé, ach chuir sise isteach as a huireasa a raibh den saol aici.”
Léirscrios Iarúsailéim dá Thairngreacht
5Nuair a bhí daoine áirithe dá rá mar gheall ar an Teampall go raibh sé maisithe le clocha breátha agus le tíolaicí dúthrachta, dúirt seisean: 6“A bhfuil le feiceáil ansin agaibh–tiocfaidh na laethanta nach bhfágfar cloch ar mhuin cloiche nach leagfar anuas.” 7Dʼfhiafraigh siad de ansin: “Más ea, a Mháistir, cén uair a thitfidh an méid sin amach, agus cad is comhartha ar na nithe sin a bheith ag teacht?” 8Dúirt sé: “Bígí aireach agus ná cuirtear amú sibh; óir tiocfaidh mórán i mʼainm-se ag rá: ‘Is mise é’; agus: ‘Tá an t-am in achomaireacht.’ Ná téigí ina ndiaidh. 9Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar cheannaircí, ná glacaigí scéin, óir ní foláir na nithe sin a theacht ar dtús, ach ní bheidh an deireadh ann chomh luath sin.”
10Dúirt sé leo ansin: “Éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta. 11Beidh maidhmeanna móra talún ann, agus gortaí agus plánna anseo is ansiúd; beidh tuartha uafáis ann agus comharthaí móra ón spéir. 12Ach roimh an méid sin uile, leagfar lámh oraibh agus géarleanfar sibh, tabharfar ar láimh sibh do na sionagóga agus do na príosúin, seolfar i láthair ríthe agus gobharnóirí sibh mar gheall ar mʼainm-se. 13Is é a thiocfaidh as sin daoibh, go bhféadfaidh sibh fianaise a thabhairt. 14Dá bhrí sin, bíodh sé de rún agaibh gan ullmhú roimh ré chun bhur gcosanta, 15óir tabharfaidh mise urlabhra daoibh agus eagna nach bhféadfaidh bhur gcúisitheoirí uile cur ina haghaidh ná a bhréagnú. 16Tabharfar ar láimh sibh ag bhur dtuismitheoirí féin, fiú amháin, ag bhur ndeartháireacha, ag bhur ngaolta, ag bhur gcairde, agus básófar cuid agaibh, 17agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar mʼainm-se; 18ach ribe de ghruaig bhur gcinn ní mhillfear. 19Is le bhur mbuanseasamh a ghnóthóidh sibh bhur n-anamacha.
20“Ach nuair a fheicfidh sibh Iarúsailéim arna timpeallú ag sluaite armtha, bíodh a fhios agaibh ansin go bhfuil a lomscrios in achomaireacht. 21Ansin, iad seo a bheidh in Iúdáia, teithidís faoi na sléibhte; iad seo a bheidh sa chathair, imídís aisti; iad seo a bheidh ar an tuath, ná téidís isteach inti; 22óir is laethanta díoltais iad seo, nuair nach foláir gach a bhfuil scríofa a chomh-líonadh. 23Is mairg do na mná a bheidh ag iompar clainne nó ag tabhairt cíche sna laethanta sin! Go deimhin, beidh éigean mór sa tír agus díbheirg chun an phobail seo: 24titfidh siad le béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim dá satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche.
Téarnamh Mhac an Duine
25“Agus beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí. Ar an talamh beidh duainéis ar na náisiúin, iad ar mearbhall ó ghlór agus ó mhórtas na farraige; 26daoine i bhfantaisí éaga le barr eagla agus imní faoi na nithe atá le breith ar an gcruinne; óir beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith. 27Agus ansin feicfear Mac an Duine ag teacht sa scamall le cumhacht agus iomad glóire. 28Nuair a thosóidh na nithe sin ag teacht, seasaígí suas agus ardaígí bhur gceann, óir tá bhur bhfuascailt in achomaireacht.”
Múineann an Crann Figí Ceacht
29Agus labhair sé parabal leo: “Féachaigí an crann figí agus na crainn eile. 30Nuair a bhíonn siad ag eascairt, bíonn a fhios agaibh ag féachaint orthu, go bhfuil an samhradh in achomaireacht feasta. 31Amhlaidh sin daoibh nuair a fheicfidh sibh na nithe úd ag teacht, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in achomaireacht. 32Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan gach uile ní a bheith tagtha chun cinn. 33Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche. 34Ach tugaigí aire daoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh 35mar a bheadh gaiste. Óir is de phreab a thiocfaidh sé ar chách a bheidh ina gcónaí ar aghaidh na talún go léir. 36Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar chumas daoibh dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.”
37Bhíodh sé ag teagasc ar feadh an lae sa Teampall, ach san oíche théadh sé amach agus thugadh an oíche ar an gcnoc ar a dtugtar ‘Cnoc na nOlóg’. 38Agus ó éirí lae, bhíodh an pobal uile ag teacht chuige sa Teampall ag éisteacht leis.

目前選定:

Lúcás 21: ABN2012

醒目顯示

分享

複製

None

想要在所有設備上保存你的醒目顯示嗎? 註冊或登入