Eoin 7
7
Féile na dTaibearnacal
1Ina dhiaidh sin bhí Íosa ag gabháil thart sa Ghailíl, mar níorbh áil leis gabháil thart in Iúdáia mar go raibh na Giúdaigh ag iarraidh é a chur chun báis. 2Bhí féile na nGiúdach, féile na dTaibearnacal, in achomaireacht. 3Dúirt a bhráithre leis dá bhrí sin: “Fág an áit seo agus imigh go hIúdáia ionas go bhfeicfidh do dheisceabail na hoibreacha atá tú a dhéanamh. 4Óir ní dhéanann aon duine aon rud faoi choim, agus fonn air a bheith i mbéal an phobail; má dhéanann tú na nithe seo, taispeáin thú féin don saol.” 5Óir níor chreid fiú a bhráithre ann. 6Dúirt Íosa leo dá bhrí sin: “Níor tháinig mʼuain-se go fóill; ach tá bhur n-uain-se i gcónaí ullamh. 7Ní féidir don saol fuath a thabhairt daoibhse, ach tá fuath aige dom-sa mar go dtugaim fianaise ina thaobh go bhfuil a oibreacha go holc. 8Téigí-se suas chun na féile, ach nílimse ag dul suas chun na féile seo fós, óir níl mʼuain-se comhlíonta go fóill.” 9Ar rá na nithe sin leo, dʼfhan sé sa Ghailíl.
10Ach nuair a bhí a bhráithre imithe suas chun na féile, chuaigh sé féin suas chomh maith, níorbh os ard é, ach mar a bheadh faoi choim. 11Bhí na Giúdaigh dá réir sin dá lorg lá na féile agus deiridís: 12“Cá bhfuil sé siúd?” agus bhí monabhar mór i measc na sluaite mar gheall air. Bhí cuid acu dá rá: “Duine maith é”; tuilleadh acu dá rá: “Ní hea, ach ag mealladh an phobail atá sé.” 13Níor labhair aon duine, áfach, amach os ard ina thaobh, le heagla roimh na Giúdaigh.
14Nuair a bhí ceiliúradh na féile leath-thart, chuaigh Íosa suas isteach sa Teampall agus chrom ar theagasc. 15Tháinig ionadh, dá bhrí sin, ar na Giúdaigh agus dúirt siad: “Cén chaoi a bhfuil léann aige agus nach bhfuair sé foghlaim?” 16Dʼfhreagair Íosa ansin:
“An teagasc seo a thugaim,” ar sé,
“ní liom-sa é ach leis an té a chuir uaidh mé.
17Más mian le haon duine a thoil-sean a dhéanamh,
aithneoidh sé an ó Dhia an teagasc
nó an uaim féin atá mé ag labhairt.
18An té a labhraíonn uaidh féin,
bíonn a ghlóir féin dá lorg aige.
An té a lorgann glóir an té a chuir uaidh é,
tá sé fírinneach agus níl aon éagóir ann.
19Nár thug Maois an dlí daoibh
agus ní chomh-líonann aon duine agaibh an dlí?
Cad chuige daoibh a bheith ag iarraidh mé a chur chun báis?”
20Dʼfhreagair an slua: “Tá deamhan ionat! Cé atá ag iarraidh tú a chur chun báis?” 21Dʼfhreagair Íosa: “Aon obair amháin a rinne mé,” ar sé, “agus tá ionadh oraibh go léir. 22Thug Maois, más ea, an timpeall-ghearradh daoibh–ní hé gurb ó Mhaois é, ach ó na huasalaithreacha–agus déanann sibh timpeall-ghearradh ar dhuine fiú ar an tsabóid. 23Má dhéantar timpeall-ghearradh ar dhuine sa tsabóid chun nach mbrisfear dlí Mhaois, an bhfuil fearg oraibh liom-sa mar go ndearna mé duine iomlán a leigheas ar an tsabóid? 24Ná tugaigí breith de réir mar a fheictear ach tugaigí breith chóir.”
Cad as an Meisias?
25Dúirt cuid de mhuintir Iarúsailéim: “Nach é seo an fear atá siad ag iarraidh a chur chun báis? 26Agus féach é ag caint os comhair an tsaoil agus gan aon ní dá rá acu leis. An amhlaidh le fírinne go bhfuil a fhios ag na huachtaráin gurb é an Críost é? 27Is eol dúinn áfach cad as dó seo; ach an Críost, nuair a thiocfaidh sé, ní heol dʼaon duine cad as dó.” 28Ghlaoigh Íosa ansin in ard a ghutha sa Teampall:
“Tá aithne agaibh orm, más ea,” ar sé,
“agus is eol daoibh cad as dom;
agus ní uaim féin a tháinig mé;
ach is fíor é an té a chuir uaidh mé,
agus níl aithne agaibh-se air.
29Ach tá aithne agam-sa air
mar is uaidh a tháinig mé
agus is eisean a chuir uaidh mé.”
30Bhí siad ag iarraidh é a ghabháil, ach níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós.
Críost le hImeacht
31Bhí a lán den slua a chreid ann agus deiridís: “Nuair a thiocfaidh an Críost, an ndéanfaidh sé níos mó comharthaí ná mar a dhéanann an duine seo?” 32Chuala na Fairisínigh an slua ag monabhar faoi ar an gcuma sin, agus chuir na hardsagairt agus na Fairisínigh póilíní chun é a ghabháil. 33Dúirt Íosa leo dá bhrí sin:
“Beidh mé faraibh tamall beag fós,
ansin fillfidh mé ar an té a chuir uaidh mé.
34Beidh sibh ar mo lorg, ach ní bhfaighidh sibh mé,
agus an áit ina bhfuilim-se ní féidir daoibhse teacht ann.”
35Dúirt na Giúdaigh eatarthu féin dá bhrí sin: “Cá bhfuil sé le dul agus nach bhfaighimid é? An bhfuil sé chun dul ag triall ar na deoraithe ar fud an domhain Ghréagaigh, agus na Gréagaigh a theagasc? 36Cad í an chaint í seo a dúirt sé: ‘Beidh sibh ar mo lorg ach ní bhfaighidh sibh mé; agus an áit ina bhfuilim-se, ní féidir daoibhse teacht ann’?”
An tUisce Beo
37Lá mór deireanach na féile sheas Íosa agus ghlaoigh in ard a ghutha:
“Má tá tart ar aon duine,” ar sé,
“tagadh sé chugam-sa agus óladh sé!
38An té a chreideann ionamsa,
faoi mar a deir an scrioptúr,
rithfidh as a chroí istigh sruthanna dʼuisce beo.”
39Dúirt sé an chaint sin ag tagairt don Spiorad a bhí le glacadh acu siúd a chreid ann. Óir ní raibh an Spiorad bronnta fós mar go raibh Íosa fós gan glóiriú. 40Cuid den slua, áfach, nuair a chuala siad na focail sin, deiridís: “Is é seo an fáidh gan amhras.” 41Deireadh tuilleadh acu: “Is é an Críost é seo,” ach deireadh cuid eile acu: “An as an nGailíl atá an Críost ag teacht? 42Nach ndeir an scrioptúr gur de shíol Dháiví, agus ó bhaile Bheithil, mar a raibh Dáiví, atá an Críost ag teacht?” 43Dʼéirigh aighneas ina thaobh dá réir sin i measc an tslua. 44Ba mhian le cuid acu é a ghabháil, ach níor chuir aon duine lámh ann.
45Tháinig na póilíní dá bhrí sin go dtí na hardsagairt agus na Fairisínigh agus dúirt siad-san leo: “Cad chuige nár thug sibh libh é?” 46Dʼfhreagair na póilíní: “Níor labhair aon duine riamh mar a labhraíonn an duine seo.” 47Dʼfhreagair na Fairisínigh iad dá bhrí sin: “An féidir gur mealladh sibh-se comh maith? 48Ar chreid aon duine de na huachtaráin nó de na Fairisínigh ann? 49Ach an slua seo nach eol dóibh an dlí, tá mallacht orthu.” 50Niocadaemas–an té a tháinig chuige roimhe sin agus gur dhuine acu é–dúirt sé leo: 51“An dtugann ár ndlí breith ar aon duine gan éisteacht a thabhairt dó ar dtús agus a fháil amach cad tá sé a dhéanamh?” 52Dʼfhreagair siad agus dúirt leis: “An amhlaidh is Gailíleach thusa chomh maith? Cuardaigh an scrioptúr agus féach nach n-éiríonn fáidh ón nGailíl.” 53Ansin chuaigh gach duine abhaile.
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.