Matha 8
8
1Agus nuair tháinig sé anuas ó’n gcnoc, do lean sluaighte móra é. 2Agus féach, tháinig lobhar chuige, agus do shléacht sé dhó, g‐á rádh, A Thighearna, má’s áil leat é, is féidir leat mise do ghlanadh. 3Agus do shín sé amach a lámh, agus do chuir sé air í, g‐á rádh, Is áil liom é; glantar thú. Agus ar an láthair do glanadh é ó’n lobhra. 4Agus adubhairt Íosa leis, Tabhair aire gan innsint d’aoinneach faoi; acht imthigh, taisbeán thú féin do’n tsagart, agus déan an íodhbairt d’órduigh Maois, mar fhiadhnaise dhóibh.
5Agus tar a éis dó dul isteach i gCafarnaúm, tháinig ceanntúir chuige, 6ag cur athchuinghe air, g‐á rádh, A Thighearna, atá mo ghiolla ’n‐a luighe sa tigh agus pairilis air, agus atá sé fá phian‐pháis mhóir. 7Agus adubhairt Íosa leis, Tiocfad‐sa agus leigheasfad é. 8Agus d’fhreagair an ceanntúir, agus adubhairt, A Thighearna, ní fiú mise go dtiocfá fám’ dhíon: acht abair an focal amháin, agus béidh mo ghiolla slán. 9Óir is fear mise atá fá cheannas, agus atá saighdiúirí fúm féin: agus adeirim leis an bhfear so, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tig sé, agus lem’ sheirbhíseach, Déan so, agus do‐ghní sé é. 10Agus nuair dochuala Íosa sin, do bhí iongnadh air, agus adubhairt sé leo‐san do bhí g‐á leanamhain, Go fírinneach adeirim libh, A leithéid sin de chreideamh ní bhfuaras i nIsrael féin. 11Agus adeirim libh go dtiocfaidh a lán daoine ó’n domhan thoir agus ó’n domhan thiar, agus go suidhfidh siad i bhfochair Abrachaim, agus Íosóig, 12agus Iácóib i ríoghacht neimhe: acht go dteilgfear clann na ríoghachta amach sa dorchadas atá amuigh: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal. 13Agus adubhairt Íosa leis an gceanntúir, Imthigh ort; de réir mar do chreidis go ndéantar duit. Agus do leigheasadh an giolla an uair chéadna sin.
14Agus nuair tháinig Íosa isteach i dtigh Pheadair, do chonnaic sé máthair a chéile ’n‐a luighe, agus fiabhras uirthi. 15Agus do chuir sé a lámh uirthi, agus d’imthigh an fiabhras dí: agus d’éirigh sí, agus do‐rinne sí friotháileamh ortha. 16Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, tugadh chuige a lán daoine i n‐a raibh deamhain: agus do chaith sé amach na spioraide le n‐a fhocal, agus do leigheas sé na daoine do bhí breoite: 17chum go gcóimhlíonfaidhe an briathar adubhairt Ésáias fáidh, Do ghabh sé chuige féin ár n‐aicídeacha, agus d’fhulaing sé ár ngalair.
18Agus nuair do chonnaic Íosa na sluaighte móra ’n‐a thimcheall, thug sé órdú dul do’n taobh eile. 19Agus tháinig scríobhaidhe chuige, agus adubhairt sé leis, A Mháighistir, leanfad‐sa thú cibé áit ’n‐a rachaidh tú. 20Agus adubhairt Íosa leis, Atá uachaise ag na sionnachaibh, agus atá neada ag éanlaithibh na spéire; acht ní fhuil ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann. 21Agus adubhairt duine eile d’á dheisceablaibh leis, A Thighearna, leig dom imtheacht ar dtús agus m’athair d’adhlacadh. 22Acht adubhairt Íosa leis, Lean mise; agus leig do na marbhaibh a mairbh féin d’adhlacadh.
23Agus nuair do chuaidh sé isteach i mbád, do lean a dheisceabail é. 24Agus féach, d’éirigh stoirm mhór ar an bhfairrge, i dtreo go raibh an bád d’á mhúchadh fá na tonnaibh: acht do bhí seisean ’n‐a chodladh. 25Agus tháinig siad chuige, agus do dhúisigheadar é, g‐á rádh, Fóir orainn, a Thighearna; tá baoghal báis orainn! 26Agus adubhairt seisean leo, cad chuige a bhfuil eagla oraibh, a lucht an chreidimh bhig? Annsin d’éirigh sé, agus do bhagair sé ar na gaothaibh agus ar an bhfairrge; agus do bhí ciúnas mór ann. 27Agus do ghabh iongnadh an‐mhór na daoine, agus adubhradar, cia h‐é an fear so go n‐umhluigheann na gaotha agus an fhairrge féin dó?
28Agus nuair tháinig sé do’n taobh eile, isteach i dtír na nGadarénach, do casadh air beirt i n‐a raibh deamhain, agus iad ag teacht as na tuamaibh, agus iad an‐fhíochmhar, i dtreo nárbh fhéidir le duine ar bith gabháil an tslighe sin. 29Agus, féach, do ghlaodhadar amach agus adubhradar, Cad é an bhaint atá againn leat‐sa, a Mhic Dé? an chum sinn do chiapadh roimh an aimsir tháinig tú? 30Is amhlaidh do bhí tréad mór muc ag fosaidheacht i bhfad uatha. 31Agus d’iarr na deamhain d’athchuinghe air, Má chaitheann tú amach sinn, cuir isteach i dtréad na muc sinn. 32Agus adubhairt seisean leo, Imthighidh. Agus tháinig siad amach, agus do chuaidh siad isteach ins na mucaibh: agus féach, do rith an tréad uile le fánaidh síos isteach sa bhfairrge, agus do bádhadh iad san uisce. 33Agus do theich na buachaillí, agus do chuadar isteach sa gcathair, agus d’inniseadar gach aon nidh, agus i dtaobh ar éirigh dhoibh‐sean ’n‐a raibh na deamhain. 34Agus féach, tháinig muinntear na cathrach go léir amach chum Íosa, agus nuair do chonnacadar é, d’iarradar air imtheacht as a ndúthaigh.
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932