Psalm 30

30
XXX Psalm.
1’Dhía, mólaim thú, óir thóg tu mé,
M’eascar’ nior rinn dhíom gáir;
2Dia, mo Thighearna ghlaóidh me riot,
’S d’fuasgalais me as táir.
3Do thóg tu m’anam leat a Dhé,
Glan as a nuaigh a nios;
A’s choimheadais me sabháilte beó
Don tsloc nách rachfuinn síos.
4Don Tighearna árd ceólmhar binn
Seinnigh a náomhshluagh féin;
Re cuimhníughadh ar a náomhthacht san
Sgaóileadh a chliudh a ccéin
5Oir ’fhearg nior mhair ach tamall beag,
’Na thrócair’ beatha tá;
Trathnóna fós, gidh brón bhídheann,
Thig aóibhneas leis an la.
6A’m’ shuaimhneas dubhras féin marso,
Ní ghluaisthear me go bráth;
7Léd’ thrócaire thugais air mo chnoc,
Bun daingean fós do ghnáth.
A Dhé, do cheilis orm do ghnúis,
Chuir sin a mbuaidhreadh me;
8Dhia riot do ghláoidh’ a’s rinn le Dia,
Mo gearan a’s mo cháoidh.
9Cia an tairbhe a’ m’fuilse, a ta,
A ndiaigh mo chur san uaigh;
An moltar thusa leis an úir?
A ndéanfa d’fírinn’ luadh?
10Éisd riom a nois a Dhé na ndúl,
Déan trócaire orm a’s grás;
A’s bíse, Dhé’ d’fear cuduigh liom,
Tráth tharla damh bhei’n sás’.
11Mo bhrón go ríngce chláochlais damh,
A’s m’éudach saic maráon;
D’fuasguil tu dhiom, a’s chrioslais me,
Le haóibhneas air gach táobh.
12Mo ghlóir go seinnfeadh dhuitsa cliudh,
Gan me a bheith a’m’ thocht;
’Dhia mo Thighearna bhearfad dhuit,
Mór‐bhuidh’chus o so ’mach.

目前选定:

Psalm 30: PSA1836

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录