Psalm 24

24
XXIV Psalm.
1’S le Dia an talamh a’s a lán;
An domhan ’sa bhfuil ann;
2Oir shocruigh se air uisg’ibh é,
Air shrothuibh leag go teann.
3Cia hé an fearsan a théid suas,
Go tuluigh náomhtha Dé?
A’s fós an ionad náomhthasan,
Cia sheasas ann go réidh?
4An ti aga bhfuil lámha glan,
A’s a chroidhe neimhchiontach;
Anam nár thóg re diomháoineas,
Na mhionuigh go cealgach.
5Beannacht don tí‐sin, biaidh o Dhia,
A’s ghéibh go saidhbhir áit;
A’s fíréantacht maráon le síth,
Buan‐shlainte dho go bráth.
6’Si sin an ghinealách ’s an dream
Noch iarras í go moch;
Ta ’giarruidh d’aghuidh a’s do ghnúis,
’Dhé Iacoib cáomh a ndriúch.
7Ó gheatuidhe togbhuidh ’nois bhur ccinn,
A’s éirghidh suas go hárd,
Dhoirse shiorruidhe do righ na glóir?
A’s tiucfuigh se bhúr náft.
8Cia hesean féin, ard righ na glóir?
An Ti’arna laidir tréun;
Iehobha neartmhar cruaidh a ccath
Bheir buaidh amach dho fhéin.
9Toguidh a gheatuidhe anois bhur gcinn,
A’s éirghidhe suas go hárd,
Dhoirse siorruidhe do righ na glóir’
A’s tiucfadh se gan cháird.
10Ce hé‐sin féin; ard‐righ na glóir?
Iehobha mór na slógh;
’Se féin go fíor, ard righ na glóir’
A chóimheas ni bhfuil beó,

目前选定:

Psalm 24: PSA1836

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录