Psalm 11

11
XI Psalm.
1Mo dhóchus cuirimse a nDia:
Cread fath a nabruidh sibh,
Re m’anam, teith go sganrach luath,
’S eitill mur ean dod’ shliabh.
2Feuch, chuir na haingidhe bogha air luadh,
A sai’d air shraing do ghléus,
Theilg san dorch’ air an te ta ceart,
A ccroidhe a’s ann a mbéus.
3Ma théid na bunáite air lár,
Cread ghnidh an duine cóir?
4Ta Dia ’na theampoll duinn air neamh,
’Sta ’chatháoir lán do ghlóir:
A’s léir da ruisg gach uile dhuil,
San domhan mhón ata;
Re n’ fhordhubhaibh, aoibh an tsáogháil,
Ransuighion se do ghnath.
5Dearbhuighion Dia na firéunuidhe,
Acht fuathuighion se go léir
An daói meabhlach ghradhuighios olc,
’Sna foiréignidhe le chéil’.
6Air dháoinibh ciontach fearfuigh Dia
Paintéir anuas gan sgíth:
Teine, a’s ruibh, a’s doinion mhór,
Cómhroinn na sgál a ghnídh.
7An Tighearna ta fior a’s ceart,
Is ionmhuin leis an chóir:
Ag feuchaint air na firéunuibh,
Le deagh‐ghnúis a’s le glóir.

目前选定:

Psalm 11: PSA1836

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录