Na Sailm 12

12
Salm 12.
Salvum me fac.
1Cuidigh liom, a Thiarna, ó nach bhfuil fíréan fágtha: ó chuaigh na fir fhíora i laghad i measc Shíl Ádhaimh.
2Labhraíonn gach duine díomhaointeas lena chomharsa: ní bhíonn a mbéal ach ag cur cluana, agus a gcroí cealgach ag cur i gcéill.
3Scriosfaidh an Tiarna gach béal bréagach: agus an teanga a bhíos ag maíomh an díomais;
4Agus an dream a dúirt, Gheobhaidh ár dteanga an bua dúinn: tá cead cainte againn, cé atá ina Thiarna orainn?
5Ach anois ó nach bhfaigheann an dearóil faoiseamh ó bhuaireamh: agus ó bíonn na bochtáin ag osnaíl ó chroí.
6Éireoidh mé, a deir an Tiarna: agus fuasclóidh mé gach duine acu ón té éiríos ina aghaidh, agus tabharfaidh mé suaimhneas dó.
7Is briathra glana iad briathra an Tiarna: mar an airgead a ghlantar den chré, agus a athloisctear faoi sheacht sa tine.
8Coimeádann tú iad, a Thiarna: cumhdóidh tú é ón aicme sin go brách.
9Níl áit nach bhfuil faoi chosa lucht an oilc: nuair a éiríos siad in airde, cuirtear masla ar chlann na ndaoine.

目前选定:

Na Sailm 12: OC1965

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录