Na Sailm 10

10
Salm 10.
Ut quid. Domine?
1Cad chuige a seasann tú i bhfad uainn, a Thiarna: cad chuige a gceileann tú do ghnúis in am an riachtanais agus an bhuartha?
2Cuireann lucht an oilc géarleanúint ar na bochta mar is mian leo: ceaptar iad sa bhfeallbheart a chumadar.
3Óir chuaigh an drochdhuine ag maíomh as mian a chroí: agus molann sé an duine santach, a mbíonn fuath ag Dia air.
4Bíonn an drochdhuine chomh huaibhreach sin, nach mbíonn aird aige ar Dhia: níl aon smaoineamh ar Dhia ina cheann.
5Is nimhneach de shíor a shlite: bíonn do bhreithiúnas i bhfad as amharc os a chionn, agus dá bhrí sin cuireann sé dúshlán a naimhde.
6Óir dúirt sé ina intinn féin, Is cuma liom, ní chuirfear de mo chosa mé choíche: ní bheidh caill ar bith orm.
7Bíonn a bhéal lán de mhallachtaí, de bhréaga agus de mhealltóireacht: bíonn an éagráifeacht agus an díomhaointeas faoina theanga.
8Suíonn sé i bhfolach mar ghadaí i gcúil na sráideanna: agus dúnmharaíonn an neamhchiontach os íseal ina chró fholaithe; bíonn sé ag faire na faille ar an mbochtán.
9Óir fanann sé i luíochán, fanann sé faoi cheilt mar leon ina uaimh: go gcreacha sé an duine bocht.
10Cuireann sé an chreach ar an duine bocht: nuair a ghabhann sé ina líon é.
11Caitheann sé é féin síos, agus umhlaíonn sé é féin: go dtite slua na mbocht i lámha a cheannurraí.
12Dúirt sé ina intinn féin, Is cuma, rinne Dia dearmad air: tá sé ag folach a ghnúise, agus ní fheicfidh sé choíche é.
13Éirigh, a Thiarna Dia, tóg do lámh: nárbh iad do dhearmad iad na bochta.
14Cad chuige a gcuirfeadh an drochdhuine masla ar Dhia: agus é á rá ina intinn féin, Is cuma liom, is cuma leat a Dhia ina thaobh.
15Nach cinnte go bhfaca tú é: de bhrí go n‑amharcann tú ar an éagóir agus ar an diansmacht;
16Ionas go nglacfá an chúis idir lámha: cuireann an bochtán é féin ar do choimirce; ós tú cúntóir an té atá gan chara.
17Bris cumhacht lucht an oilc agus an droch‑chroí: bíodh a n‑urchóid á scrúdú agat, go nach raibh fuílleach ann.
18Is é an Tiarna is Rí go saol na saol: agus dʼéag na págánaigh as an tír.
19A Thiarna, chuala tú achainíocha na mbocht: tógann tú a gcroí, agus tugann tú cluas dóibh.
20Lena gceart a thabhairt don dílleachta agus don dearóil: ionas nach n‑éireodh an duine talmhaí ina n‑éadan.

目前选定:

Na Sailm 10: OC1965

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录