Salm 8

8
Maorgacht Dé agus Gradam an Duine
1 Do stiúrthóir an chóir. Ar an “gittith”. Salm Dháiví.
2A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach é
dʼainm ar fud na cruinne!
Moltar do mhaorgacht os cionn na spéartha
3as béal naíonán agus leanaí cíche.
Bhunaigh tú daingean in aghaidh dʼeascairde
dʼfhonn naimhde agus ceannaircigh a chloí.
4Nuair a fheicim na spéartha, saothar do mhéar–
an ré agus na réaltaí a rinne tú–
5cad is duine ann go dtógfá ceann de?
ná mac an duine go ndéanfá cúram de?
6Rinne tú beagán níos lú ná dia é
gur chuir tú barr glóire agus gradaim air.
7Thug tú ceannas ar oibreacha do lámh dó
agus chuir tú gach aon ní faoina chosa,
8idir chaoirigh agus eallaí agus eile
agus ainmhithe uile an mhachaire,
9éanlaith an aeir agus iasc na mara
agus a ngluaiseann ar raonta na farraige.
10A Thiarna, ár dTiarna, nach éachtach é
dʼainm ar fud na cruinne!

目前选定:

Salm 8: ABN2012

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录