Salm 39

39
“Grásta na Foighne in aghaidh na hÉagóra”
1 Do stiúrthóir an chóir, .i. do “Iduthun”. Salm le Dáiví.
2Dúirt mé: “Tabharfaidh mé aire do mo shlite
sula ndéana mé peaca le mo theanga.
Cuirfidh mé srian le mo bhéal
nuair a bheidh an t‑éagráifeach os mo choinne.”
3Bhí mé balbh agus dʼfhan mé i mo thost,
bhí éad orm de dheasca a rathúnais.
4Bhí mo chroí go te ionam istigh;
las tine de bhladhm ar mo mhachnamh dom,
agus leis sin labhair mo theanga.
5 Foilsigh dom, a Thiarna, mo chríoch dhéanach,
nocht dom líon mo laethanta,
ionas gurab eol dom neamhbhuaine an tsaoil.
6Is gairid an seal a thug tú dom,
is neamhní mo ré shaoil i dʼfhianaise.
Níl i neach dá maireann ach puth anála
7agus gabhann an duine seacha mar scáil.
Gal gaoithe a shaibhreas go léir;
ní fios dó cé a gheobhaidh ar chruinnigh sé.
8Cad fáth dom bheith ag feitheamh, a Thiarna?
is ionat atá mo dhóchas ar fad.
9Saor mé ó mo chionta go léir,
ná tabhair mé mar cheap magaidh don amadán.
10Bhí mé i mo thost; níor oscail mé mo bhéal
de bhrí gur tusa faoi deara é.
11Tóg uaim anois do sciúirse;
tá mé cloíte ag buillí do láimhe.
12An uair a smachtaíonn tú an duine
le hachasán i ngeall ar a pheaca
leánn tú mar leamhan an ní is luachmhar leis;
níl in aon neach ar bith ach puth anála.
13Éist le mo ghuí agus le mʼurnaí, a Thiarna,
ná tabhair cluas bhodhar do mo ghlao.
Óir is aoi mé atá ag baint fúm agat-sa
i mʼoilithreach ar nós mʼaithreacha go léir.
14Lig dom, go bhfaighe mé aoibhneas
sula dté mé faoi dheoidh ar ceal coiteann.

目前选定:

Salm 39: ABN2012

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录