Salm 31

31
Urnaí an Duine Dhoilíosaigh
1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
2Is chugat, a Thiarna, a thagaim ag lorg tearmainn;
nár dhéantar mo náiriú go brách.
Saor mé de réir dʼfhíréantachta,
3éist liom agus brostaigh chun mʼfhuascailte!
Bí i do charraig choimirce dom:
i do dhaingean do mo chosaint is do mo tharrtháil.
4Óir is tú mo charraig agus mo chaiseal;
seol mé agus treoraigh mé as ucht dʼainm.
5 Scaoil mé ón ngaiste a cuireadh i bhfearas romham,
óir is tú mo dhídean, a Thiarna.
6Do do láimhse a thiomnaím mʼanam,
óir is tú a cheannaigh mé a Thiarna.
7A Dhia na fírinne, is fuath leat
lucht adhartha íol gan éifeacht,
ach cuirimse mo dhóchas sa Tiarna.
8Déanfaidh mé áthas agus gairdeas faoi do bhuan-ghrá
óir chuir tú spéis i mʼanacair
agus chuidigh tú le mʼanam ina chúngaigh.
9Níor thug tú suas do mo namhaid mé,
ach thug tú cead mo chos dom go fada fairsing.
10Bíodh trócaire agat orm, a Thiarna,
óir tá mé i gcúngach.
Tá mo shúil arna dubhadh le tuirse:
agus mʼanam is mo chroí.
11Tá mo bheatha dá snoí le brón
agus mo bhlianta le hosnaíl.
Táim ar díth mo nirt le buaireamh;
tá mo chnámha dá gcnaí.
12Rinne ábhar aithise díom
do mo naimhde go léir.
Tugann mo chomharsana i dtáir is i dtarcaisne mé:
is cúis uamhain mé do mo chairde.
An dream a chastar sa tsráid orm,
teitheann siad uaim.
13Is cosúil mé le marbhán a ndearnadh dearmad de,
nó le soitheach a briseadh.
14Cluinim cogarnach dá déanamh ag a lán,
agus imeagla i mo thimpeall.
Cograíonn siad lena chéile i mʼaghaidh:
beartaíonn siad mo bhás.
15Ach is ort atá mo sheasamh, a Thiarna,
deirim: “Is tú mo Dhia.”
16Tá mʼanam ag brath ort, saor mé
ón namhaid is ó chách ar mo thóir.
17Taispeain do ghnúis ghrianmhar do do ghiolla;
tabhair slán mé i do ghrá.
18Nár náirítear mé, a Thiarna, toisc go nglaoim ort;
go gcuirtear náire ar na hurchóidigh.
Go gcuirtear ina dtost san uaigh iad;
19go mbalbhaítear a mbéal bréagach,
a bhíonn ag cáineadh an fhíréin go sotalach
le teann uabhair is tarcaisne.
20Nach lánmhar an mhaitheas atá i dtaisce agat
don dream lenarb eagal tú,
a thugann tú don mhuintir a thriallann ort
i bhfianaise na hÁdhamchlainne.
21Folaíonn tú iad i do láthair-se
ó chúl-ghearradh daoine.
Coimeádann tú slán i do bhoth iad
ó chlampar teangacha.
22Moladh leis an Tiarna a nocht dom
móriontas a ghrá
i gcathair dhaingean.
23Dúirt mé tráth agus scaoll orm:
“Díbríodh as do radharc mé.”
Ach dʼéist tú le glór mo ghuí
nuair a ghlaoigh mé ort.
24 Tugaigí grá don Tiarna, a naomha uile;
caomhnaíonn sé na dílsigh.
Ach díolann sé an comhar go hiomlán
le lucht an díomais.
25 Bígí láidir! bíodh misneach in bhur gcroí agaibh,
a dhaoine uile a bhfuil bhur ndóchas sa Tiarna.

目前选定:

Salm 31: ABN2012

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录