Salm 28

28
Impí agus Altú Buíochais
1 Le Dáiví.
Ortsa, a Thiarna, a screadaim,
éist liom, a charraig.
Mura n‑éisteann tú beidh mé mar dhuine
a ghabhann síos san uaigh.
2Éist le glór mo ghuí is mé ag éamh ort
a iarraidh do chúnaimh,
ʼs mé ag tógáil mo lámh chugat, a Thiarna,
i dtreo do shanctóra naofa.
3Ná sciob mé i bhfochair na bpeacach
i bhfarradh na n‑urchóideach
a labhraíonn go cneasta lena gcomharsana
agus an t‑olc ina gcroí.
4Tabhair díolaíocht dóibh de réir a ngníomhartha
agus mioscais a n‑ainbheart.
Tabhair luach saothair dóibh de réir obair a lámh:
déan an comhar a dhíol leo.
5Óir is beag acu gníomhartha an Tiarna
agus saothar a lámh.
Go mille sé iad, is nár thóga sé arís iad.
6Moladh leis an Tiarna toisc gur éist sé
le glór mo ghuí.
7Is é an Tiarna mo neart agus mo sciath:
tá dóchas mo chroí ann.
Tugadh cabhair dom; gairdíonn mo chroí
agus canaim amhrán dó.
8Is é an Tiarna neart a phobail,
is é dídean shábháilte a ungthaigh é.
9Fóir ar do phobal, tabhair beannacht do dʼoidhreacht,
dá gcothú agus dá n‑iompar go brách.

目前选定:

Salm 28: ABN2012

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录