Salm 27

27
Muinín as an Tiarna
1 Le Dáiví.
1 Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú,
cé a chuirfidh eagla orm?
Is é an Tiarna daingean mʼanama;
cé a chuirfidh ar crith mé?
2Nuair a thugann lucht mallaithe fogha fúm
dʼfhonn mo chlú a mhilleadh,
is iad mʼeascairde a thiteann ar lár;
baintear tuisle as mo naimhde.
3Má bhíonn arm in eagar catha i mo choinne
ní bheidh eagla ar mo chroí.
Fiú amháin má bhítear ag cur cogaidh orm
beidh dóchas agam ann.
4Iarraim aon ní amháin ar an Tiarna;
bím ag tnúth leis de shíor:
go gcónóidh mé in áras an Tiarna
gach lá de mo shaol;
go bhfaighidh mé taitneamh in aoibhneas an Tiarna
ʼs go bhfeicfidh mé a theampall.
5Óir cuirfidh sé i bhfolach ina bhoth mé
in am na buartha;
folóidh sé faoi dhídean a phailliúin mé,
ardóidh ar charraig mé.
6Ardófar mo cheann ar ball
thar mo naimhde i mo thimpeall,
go n‑ofrálfaidh mé ina bhothsan istigh
íobairt an áthais.
Canfaidh mé agus ceolfaidh mé don Tiarna.
7Éist, a Thiarna, le mo ghlór nuair a ghlaoim ort,
freagair, agus fóir orm.
8Dúirt mo chroí i do thaobhsa:
“Bí ag lorg a ghnúise.”
Bím ag lorg do ghnúise, a Thiarna,
9ná folaigh dʼaghaidh orm.
Ná cuir do ghiolla uait i bhfeirg;
is tú mo chúnamh.
Ná teilg uait mé is ná tréig mé:
a Dhia mo shlánaithe!
10Má thréigeann fiú mʼathair is mo mháthair mé,
glacfaidh an Tiarna liom.
11Tabhair eolas do shlí dom, a Thiarna,
cuir sa bhóthar réidh mé,
dʼainneoin mo naimhde;
12agus ná tabhair suas mé a Dhia,
do thoil mʼeascairde.
Dʼéirigh finnéithe falsa i mʼéadan,
agus lucht an fhoréigin.
13Creidim go bhfeicfidh mé maitheas an Tiarna
i dtír na mbeo.
14Fan leis an Tiarna go meanmnach;
bíodh misneach i do chroí.
Cuir do dhóchas sa Tiarna.

目前选定:

Salm 27: ABN2012

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录