Salm 18

18
Amhrán Buíochais agus Molta
1 Do stiúrthóir an chóir. Dáiví, giolla an Tiarna, a dúirt briathra an amhráin seo leis an Tiarna an uair a shaor an Tiarna é ó chumhacht a naimhde uile agus ó láimh Shóil. Dúirt sé:
2 Mó ghrá thú, a Thiarna, mo neart thú,
3 mo charraig thú, mo dhaingean is mo shlánaitheoir.
Mo Dhia thú, mo charraig is dídean dom,
mo sciath, adharc mo shlánaithe, mo dhún.
4 Glaoim ar an Tiarna dár dleacht moladh,
agus déantar mo shaoradh ó mo naimhde.
5Tháinig tonnta an bháis i mo thimpeall
agus scanraigh tuilte na hurchóide mé.
6Chrioslaigh cuibhreacha Shéól mé,
chuaigh mé in achrann i líonta an éaga.
7Scairt mé ar an Tiarna i mo ghátar,
agus dʼiarr mé cúnamh ar mo Dhia
Chuala sé mo ghlór ina theampall,
agus ráinig mo ghlao a chluasa.
8 Chrith an talamh agus suaitheadh é
agus corraíodh fothaí na sléibhte
toisc go raibh sé ar lasadh le barr feirge.
9 Dʼéirigh deatach as polláirí a shróine,
agus tine dheargloiscneach as a bhéal,
ionas gur adhnadh leis sméaróidí dearga.
10 Dʼísligh sé na spéartha agus thuirling sé,
agus néal dubh dorcha faoina chosa.
11 Tháinig sé ag marcaíocht ar cheiribín
agus é ag eitilt ar eiteoga na gaoithe.
12Chuir sé uime an dorchacht mar éadach,
uiscí dorcha is dlúthnéalta ba phuball dó.
13 As an ngile agus na néalta a bhí uime
tháinig clocha sneachta agus splancacha tine.
14Bhí an Tiarna ag déanamh toirní sna spéartha,
agus thug an Té is Airde a ghlór uaidh.
15Scaoil sé a shaigheada agus scaip iad,
agus chaith a chaora tine gur threascair iad.
16Bhí foinsí na farraige le feiceáil
agus nochtadh fothaí na cruinne
de thoradh do bhagartha, a Thiarna,
de thoradh sí gaoithe do chuid feirge.
17Shín sé anuas agus rug orm,
agus tharraing as na tuilte móra mé.
18Shaor sé mé ón namhaid a bhí ró-láidir dom
ó lucht mʼfhuatha ba threise ná mé.
19Dʼionsaíodar mé lá mo thubaiste,
ach tharla an Tiarna ina thaca dom.
20Sheol sé amach in áit fhairsing mé,
do mo tharrtháil as ucht a ghrá dom.
21Chúitigh an Tiarna mʼfhíréantacht liom;
thug luach saothair dom de réir glaine mo lámh,
22toisc gur choinnigh mé slite an Tiarna
is nár imigh mé uaidh ar seachrán.
23Bhí a bhreithiúnais go léir os mo choinne,
is níor chuir mé a reachtanna i leataobh uaim.
24 Ach mhair mé gan cháim ina láthair,
agus choimeádas mé féin ón gcoirpeacht.
25 Agus chúitigh an Tiarna mʼfhíréantacht liom
de réir glaine mo lámh ina láthair.
26 Is dílis tú don duine dílis,
is ionraic tú leis an duine ionraic.
27 Is glan tú le lucht na glaine,
agus glic le lucht an ghlicis.
28 Óir saorfaidh tú lucht na huirísle
ach umhlóidh tú lucht an díomais.
29 Is tusa, a Thiarna, mo lóchrann,
mo Dhia thú, a shoilsíonn mo dhorchacht.
30 Is tríotsa a bhearnaím na sluaite;
le cabhair Dé a ghabhaim de léim thar balla.
31 Tá slí Dé gan mháchail,
tá briathar an Tiarna arna phromhadh.
Is é is sciath go dearfa
do chách a thriallann chuige.
32 Óir cé eile is Dia ann ach an Tiarna?
Cé eile is carraig ann seachas ár nDia?
33 An Dia a chrioslaigh mé le calmacht
agus a rinne mo bhealach sábháilte;
34 a thug luas na heilite do mo chosa
agus a chuir i mo sheasamh go daingean ar na harda mé.
35 Dʼoil sé mo lámh chun cogaidh
is mo chuisle chun bogha práis a theannadh.
36 Thug tú dom sciath do shlánaithe
agus choinnigh do dheaslámh go daingean mé.
37 Réitigh tú an tslí do mo chéimeanna,
ionas nár shleamhnaigh mo chosa.
38 Chuaigh mé sa tóir ar mo naimhde: tháinig mé suas leo,
agus níor chas mé go ndearna mé a scriosadh.
39 Rinne mé a mbualadh ionas nach bhféadfaidís éirí
agus thit siad ar lár faoi mo chosa.
40 Chrioslaigh tú le neart mé chun catha,
agus threascair tú an dream a bhí i mʼéadan.
41 Chuir tú ruaig is raon maidhme ar mo naimhde
agus mhill tú an drong a thug fuath dom.
42 Scairt siad–ní raibh fear a dtarrthála ann:
bhí sé fuar acu glaoch ar an Tiarna.
43 Ar nós na luaithe roimh an ngaoth a mheil mé iad,
dá gcosaráil amhail salachar na sráide.
44 Tharrthaigh tú mé ó choimhlintí an phobail
agus chuir tú os cionn na náisiún mé;
rinne pobal nárbh eol dom fónamh dom,
45 an túisce ba chlos dóibh ghéill siad.
Tháinig na heachtrannaigh ag lútáil liom,
46 mheathlaigh na náisiúin iasachta:
tháinig siad as a ndaingne go critheaglach.
47 Go maire an Tiarna! gura beannaithe mo charraig!
go raibh Dia mo shlánaitheoir dá mhóradh;
48 an Dia a bhain díoltas amach dom
agus a chuir na ciníocha faoi mo smacht,
49 a rinne mo shaoradh ó mo naimhde
agus a dʼardaigh mé os cionn mʼeascairde,
agus a sciob mé ó lucht an éigin.
50 Ar an ábhar sin tabharfaidh mé moladh duit
i measc na náisiún, a Thiarna:
agus canfaidh mé Salm do dʼainm;
51 óir thug tú cathréimeanna do do rí,
agus nocht tú do ghrá do dʼungthach,
do Dháiví agus dá shliocht go brách.

目前选定:

Salm 18: ABN2012

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录