Salm 16

16
Dia ár nOidhreacht
1 Mictam Dháiví.
Caomhnaigh mé a Thiarna, is ort a thriallaim.
2Deirim leis an Tiarna: “Is tú mo Dhia.
Níl maith ar bith agam cés moite díot-sa .”
3Chuir sé grá as cuimse ag borradh i mo chroí
do na daoine dílse a mhaireann ina thír.
4An dream ar rogha leo a mhalairt de Dhia
tiocfaidh tuilleadh mór fós de bhuartha anuas orthu.
Ní thoirbhreoidh mé fuil a ndeochíobairt ar aon chor
ná ní chluinfear a n‑ainmneacha go brách ar mo bheola.
5Is é an Tiarna is rogha liom, mo chuid de réir oidhreachta;
agus cuid mo chupáin; is ort atá mo sheasamh.
6Thit na téada tomhais dom in áiteanna áille:
is aoibhinn liom go dearfa an oidhreacht a fuair mé.
7Tugaim buíochas don Tiarna as ucht comhairle a thabhairt dom,
agus teagasc a thabhairt do mo chroí san oíche.
8Coimeádaim an Tiarna de shíor i mʼintinn:
agus é ar mo dheasláimh ní chorrófar mé choíche.
9Tá gairdeas ar mo chroí agus áthas ar mʼanam;
agus ligfidh mo cholainn a scíth faoi dhóchas.
10Óir ní fhágfaidh tú mʼanam i measc na marbh
ná ní ligfidh tú do do mhuirneach truailliú a fheiceáil.
11Taispeánfaidh tú slí na beatha dom;
tá lúcháir go fial i do láthair
agus aoibhneas ar do dheasláimh go brách.

目前选定:

Salm 16: ABN2012

高亮显示

分享

复制

None

想要在所有设备上保存你的高亮显示吗? 注册或登录