Marcus 2
2
Caibidil II
Leigheasann Íosa duine a raibh galar creathach air: glaodhann sé ar Mhaitiú; agus glacann sé leithscéal a deisciobal.
1Agus i gcionn shuim laethe chuaidh sé isteach arís go Capharnaum.#Mait. 9, 1.
2Agus chualathas go raibh sé i dtigh, agus chruinnigh mórán le chéile, ionnas nach raibh áit fiú ag an doras, agus ghníodh sé an briathar a sheanmóir dóibh.
3Agus tháinic daoine chuige agus fear leo a raibh galar creathach#Lúc. 5, 18. air, agus é ar iomchar ag ceathrar.
4Agus mar nárbh fhéidir leo é a thabhairt ina láthair mar gheall ar an tsluagh, nocht siad mullach an tighe ina raibh sé, rinne poll air, agus leig síos an tsráideog ar a raibh fear an ghalair chreathaigh ina luighe.
5Agus ar fheiceáil a gcreidimh do Íosa, deir sé leis an té a raibh an galar creathach air: A mhic, tá do pheacaidhe maithte duit.
6Acht bhí cuid de na Scríobhaidhthe annsin, ina suidhe agus iad ag machtnamh ina gcroidhthe:
7Cad chuige a bhfuil a leithéid dá rádh aige seo? Tá diamhasla dá dhéanamh aige. Cé, acht Dia ámháin,#Iób 14, 4; Isaias 43, 25. a dtig leis peacaidhe a mhaitheamh?
8Bhí a fhios ag Íosa láithreach ina Spiorad féin go raibh siad ag machtnamh mar sin ina n-aigne, agus deir sé leo: Cad chuige a bhfuil sibh ag smaoineadh ar na neithe sin i bhur gcroidhthe?
9Cé acu is fusa a rádh le fear an ghalair chreathaigh: Tá do pheacaidhe maithte duit; nó a rádh: Éirigh, tóg do shráideog agus siubhal?
10Acht chun go raibh a fhios agaibh go bhfuil cumhacht ag Mac an Duine peacaidhe a mhaitheamh ar talamh (deir sé le fear an ghalair chreathaigh).
11Deirim leat: Éirigh; tóg do shráideog; agus gabh abhaile chun do thighe.
12Agus dʼéirigh sé ar an bhomaite, thóg leis a shráideog, agus dʼimthigh sé i bhfiadhnaise a raibh ann, ionnas gur ghabh iongantas iad uilig agus go dtug siad glóir do Dhia, ag rádh: Ní fhacamar a leithéid ariamh.
13Agus ar dhul amach arís dó go dtí an fhairrge, tháinic an sluagh uilig chuige, agus thug sé teagasc dóibh.
14Agus ar a shiubhal thart dó chonnaic sé leibhí, mac Alpheuis, ina shuidhe ag oific na cánach,#Mait. 9, 9; Lúc. 5, 27. agus deir sé leis: Lean mise. Agus dʼéirigh sé, agus lean sé é.
15Agus thárla, nuair a shuidh sé chun bídh ina thigh siúd, gur shuidh mórán puibliocánach agus peacach i dteannta Íosa agus a dheisciobal; óir bhí mórán acu ann, agus lean siad é fosta.
16Agus nuair a chonnaic na Scríobhaidhthe agus na Fairisínigh é ag caitheamh bídh i bhfochair na bpuibliocánach agus na bpeacach, dubhairt siad le n-a dheisciobail: Cad chuige a bhfuil bhur máighistir ag ithe agus ag ól i bhfochair na bpuibliocánach agus na bpeacach?
17Ar a chluinstin seo do Íosa deir sé leo: Ní ar na daoine slána a bhíos liaigh do dhíth acht ar na daoine breoidhte;#1 Tim. 1, 15. óir ní tháinic mise le glaodhach ar fhíréin acht ar pheacaigh.
18Agus bhíodh deisciobail Eoin agus na Fairisínigh ag déanamh troscaidh, agus tig siad agus deir siad leis: Cad chuige a ndéan deisciobail Eoin agus na bhFairisíneach troscadh, agus nach ndéan do dheisciobail-se troscadh?
19Agus dubhairt Íosa leo: An féidir le cloinn na bainfheise troscadh a dhéanamh a fhad agus bhíos an fear nuaphósta ina gcuideachta? A fhad agus bhíos an fear nuaphósta acu ina gcuideachta, ní féidir leo troscadh a dhéanamh.
20Acht tiocfaidh na laethe ina dtógfar uatha an fear nuaphósta,#Mait. 9, 15; Lúc. 5, 35. agus annsin dhéanfaidh siad troscadh ins na laethe sin.
21Ní fhuaghann aoinneach paiste dʼéadhach úr ar shean-chulaith; óir beireann an píosa nua leis cuid deʼn tsean-éadach, agus ghníthear an strócadh níos mó.
22Agus ní chuireann aoinneach fíon úr i sean-bhuidéil; óir brisfidh an fíon na buidéil, agus doirtfear an fíon, agus rachaidh na buidéil amugha; acht is cóir fíon úr a chur i mbuidéil úra.
23Agus thárla uair eile, nuair a bhí an Tighearna ag siubhál fríd na guirt arbhair ar an tsabóid, gur thoisigh a dheisciobail a shiubhal leo agus a piocadh na ndias.#Mait. 12, 1; Lúc. 6, 1.
24Acht dubhairt na Fairisínigh leis: Féach, cad chuige a ndéan siad rud nach bhfuil dlisteannach ar an tsabóid?
25Agus dubhairt sé leo: An é nár léigh sibh ariamh cad é rinne Dáibhidh,#1 Rígh. 21, 6. nuair a bʼéigean dó é, agus ocras air féin, agus ar a raibh i n-aoinfheacht leis?
26Mar a chuaidh sé isteach i dtigh Dé le linn an phríomhshagairt, Abiatar, agus dʼith sé aráin na fiadhnaise, nár cheadmhach dʼaoinneach acht do na sagairt a n-ithe,#Leibh. 24, 9. agus thug sé doʼn méid a bhí i n-aoinfheacht leis?
27Agus dubhairt sé leo: Is ar son an duine a rinneadh an tsabóid, agus ní ar son na sabóide an duine.
28Ar an adhbhar sin tá Mac an Duine ina thighearna fiú ar an tsabóid.
rights held by the Bible Society in Northern Ireland