Maitiú 9
9
Caibidil IX
Leigheasann Críost duine a raibh galar creathach air: goireann sé ar Mhaitiú: Leigheasann sé bean a raibh cur fola uirthí: tógann sé inghean Iairuis ó’n bhás: bheir sé a n-amharc do dhá dhall: agus leigheasann sé balbhán a raibh deamhan ann.
1Agus ar dhul isteach san bhád dó, chuaidh sé thar uisce agus tháinic sé chun a chathrach féin.
2Agus féach, thug siad chuige duine a raibh galar creathach air, agus é sínte ar leabaidh.#Marc. 2, 3; Lúc. 5, 18. Agus ar fheiceáil a gcreidimh do Íosa, dubhairt sé leis an fhear a raibh an galar creathach air: Bíodh misneach agat, a mhic, tá do pheacaidhe maithte duit.
3Agus féach, dubhairt cuid de na Scríobhaidhthe leo féin: Tá diamhasla dá dhéanamh aige seo.
4Agus ar fheiceáil a smaointe do Íosa, dubhairt sé: Cad chuige a bhfuil droch-smaointe agaibh i bhur gcroidhthe?
5Cé acu is fusa a rádh: Tá do pheacaidhe maithte duit: nó a rádh: Éirigh, agus siubhal?
6Acht chun go raibh a fhios agaibh go bhfuil cumhacht ag Mac an Duine ar talamh peacaidhe a mhaitheamh, dubhairt sé annsin leis an fhear a raibh an galar creathach air: Éirigh, tóg suas do leabaidh, agus gabh abhaile chun do thighe.
7Agus d’éirigh sé, agus chuaidh abhaile chun a thighe.
8Agus ar a fheiceáil seo do na sluaighte, tháinic eagla ortha, agus thug siad glóir do Dhia, a thug a leithéid de chumhacht do dhaoine.
9Agus nuair a d’imthigh Íosa as an áit sin, chonnaic sé fear, dárbh ainm Maitiú,#Marc. 2, 14; Lúc. 5, 27. ina shuidhe i n-oific na cánach, agus deir sé leis: lean mise. Agus d’éirigh sé agus lean é.
10Agus thárla, ag caitheamh bídh dó san tigh, go dtáinic mórán puibliocánach agus peacach gur shuidh siad i gcuideachta Íosa agus a dheisciobal.
11Agus ar a fheiceáil sin do na Fairisínigh, dubhairt siad le n-a dheisciobail: Cad chuige a n-itheann bhur máighistir i gcuideachta na bpuibliocánach agus na bpeacach?
12Acht chuala Íosa iad, agus dubhairt: Ní ar na daoine slána a bhíos liaigh do dhíth, acht ar na daoine breoidhte.
13Mar sin de, imthighigidh agus foghlaimigidh cad é is brígh le seo: Ní íodhbairt acht trócaire is toil liom.#Osee 6, 6. Óir ní tháinic mise le glaodhach ar na fíréin, acht ar na peacaigh.#1 Tim. 1, 15.
14Annsin tháinic deisciobail Eoin chuige, agus dubhairt:#Marc. 2, 18; Lúc. 5, 33. Cad chuige a dtroscann sinne agus na Fairisínigh go minic, acht ní throscann na deisciobail seo agat-sa?
15Agus dubhairt Íosa leo: An féidir do chloinn an fhir nua-phósta#9, 15 chloinn an fhir nua-phósta. Do réir nós cainnte na h-Eabhraise, cialluigheann sin cáirde nó lucht cuideachta an fhir nua-phósta. mairgneach a dhéanamh a fhad agus bhíos an fear nua phósta ina gcuideachta? Acht tiocfaidh na laethe ina dtógfar uatha an fear nua-phósta, agus annsin dhéanfaidh siad troscadh.
16Ní chuireann aoinneach paiste de éadach úr ar shean-cheirteach: óir baineann sé a lán féin de’n cheirteach, agus bíonn an strócadh níos measa.
17Agus ní chuireann siad fíon úr i sean-bhuidéil: nó briseann na buidéil, doirtear an fíon, agus téigheann na buidéil amugha. Acht cuireann siad fíon úr i mbuidéil úra, agus sábháiltear iad araon.
18Nuair a bhí sé ag rádh na neithe seo leo, féach, tháinic uachtarán áirithe chuige,#Marc. 5, 22; Lúc. 8, 41. thug adhradh dó, agus dubhairt: A Thighearna, fuair mo inghean bás anois; acht tar, cuir do lámh uirthí, agus béidh sí beo.
19Agus d’éirigh Íosa, agus lean sé é le n-a dheisciobail.
20Agus féach, tháinic bean,#Marc. 5, 25; Lúc. 8, 43. a raibh cur fola ag goillstin uirthí le dhá bhliadhain déag, taobh thiar de, agus bhain sí le feaithim a éididh.
21Óir dubhairt sí léi féin: Muna ndéanaidh mé acht baint le n-a éideadh, béidh mé slán.
22Acht thionntuigh Íosa thart, agus chonnaic sé í, agus dubhairt: A inghean, glac misneach, rinne do chreideamh slán thú. Agus bhí an bhean slán ó’n uair sin amach.
23Agus nuair a tháinic Íosa go tigh an uachtaráin, agus chonnaic sé an lucht ceoil agus an sluagh ag tógáil gleo, dubhairt sé:
24Imthighigidh libh: óir ní marbh atá an cailín, acht ina codladh. Agus rinne siad gáire fonamhaide faoi.
25Agus nuair a cuireadh amach an sluagh, chuaidh seisean isteach, agus fuair greim láimhe uirthí. Agus d’éirigh an cailín.
26Agus chuaidh a gháir seo amach ar fud na tíre sin go h-uile.
27Agus nuair a bhí Íosa ag imtheacht as an áit sin, lean dhá fhear dhalla é, ag scairtigh, agus ag rádh: A Mhic Dháibhidh, déan trócaire orainn.
28Agus nuair a tháinic sé go dtí an teach, tháinic na daill chuige. Agus deir Íosa leo: An gcreideann sibh go dtig liom seo a dhéanamh díbh? Deir siad leis: Creidimíd, a Thighearna.
29Annsin chuir sé a lámh ar a súla, ag rádh: Déantar libh do réir bhur gcreidimh.
30Agus foscladh a súla, agus bhagair Íosa go géar ortha, ag rádh: Tabhairigidh aire agus ná bíodh a fhios seo ag aoinneach.
31Acht d’imthigh siad-san amach, agus spréidh siad a cháil ar fud na tíre sin go léir.
32Agus i ndiaidh dhul amach dóbhtha-san, féach, thug siad chuige duine balbh a raibh deamhan ann.#Lúc. 11, 14.
33Agus nuair a teilgeadh amach an deamhan, labhair an duine balbh, agus ghabh iongantas na sluaighte, gur dhubhairt: Ní fhacthas a leithéidh ariamh i n-Israél.
34Acht dubhairt na Fairisínigh: Teilgeann sé amach na deamhain tré phrionnsa na ndeamhan.
35Agus thaisteal Íosa na cathracha#Marc. 6, 6. agus na bailte uilig, ag teagasc ina sineagóga, agus ag seanmóir soiscéal na ríoghachta, agus ag leigheas gach tinnis agus gach éagcruadhais.
36Agus ar fheiceáil na sluagh dó, bhí truaighe aige dóibh, de bhrígh go raibh siad cráidhte, agus ina luighe thart mar chaoirigh gan tréadaidhe.
37Annsin deir sé le n-a dheisciobail:#Lúc. 16, 2. Tá an fhóghmhar mór go dearbhtha, acht tá na h-oibridhthe gann.
38Ar an adhbhar sin, guidhigidh tighéarna an fhóghmhair, chun go gcuiridh sé oibridhthe amach chuig a fhóghmhar.
rights held by the Bible Society in Northern Ireland