Maitiú 15
15
Caibidil XV
Cáineann Críost na Scríobhaidhthe. Leigheasann sé inghean na mná as Canán, agus mórán eile: cothuigheann sé ceithre mhíle le seacht n-aráin.
1Annsin tháinic Scríobhaidhthe agus Fairisínigh#Marc. 7, 1. as Ierusalem chuige, ag rádh:
2Cad chuige a mbriseann#Marc. 7, 5. do dheisciobail seanghnás na sinnsear? Óir ní nigheann siad a lámha, ag ithe aráin dóibh.
3Agus dubhairt seisean leo, gá bhfreagairt: Cad chuige fosta a mbriseann sibh-se aithne Dé ar son bhur seanghnáis? Óir dubhairt Dia:
4“Onóruigh d’athair agus do mháthair,”#Ecs. 20, 12; Deut. 5, 16; Eph. 6, 2. agus: “An té a mhallóchas athair nó mháthair, cuirtear chun báis é.”#Ecs. 21, 17; Leibh. 20, 9; Sean-fh. 20, 20.
5Acht deir sibh-se: Cibé déarfas le n-a athair nó le n-a mháthair: Gach tabhartas#15, 5 Tabhartas. Is é sin le rádh, an ofráil a dhéanfas mise le Dhia, béidh sé i n-ionad an ruda a ba chóir damh a chaitheamh ort-sa. Do réir teagasc na bhFairisíneach, dá dtugadh duine do’n teampall agus do na sagairt an rud a bhí le n-a athair agus a mháthair a chongbháil, bhéadh sé saor ó dhualgas ar bith cuidiughadh le n-a thuismightheoirí as sin amach. Teagasc é sin a théigheadh i dtairbhe do na Fairisínigh a bhíodh ina sagairt. Daorann Críost an teagasc sin, óir bhí sé i n-aghaidh dlighe Dé agus i n-aghaidh na nádúra. a thig uaim-se, rachaidh sé i dtairbhe duit-se.
6Agus ní thabharfaidh sé onóir dá athair ná dá mháthair: agus rinne sibh neimhnídh d’aithne Dé ar son bhur seanghnáis.
7A bhréagchráibhtheacha, is maith a thairngir Isaias oraibh, nuair a dubhairt:#Isaias 29, 13; Marc. 7, 6.
8Bheir an pobal seo onóir damh le n-a mbeola; acht is fada uaim a gcroidhe.
9Is i n-aiscidh a bheir siad adhradh damh, ag múineadh teagaisc agus aitheanta daoine#15, 9 Aitheanta daoine. Is iad na h-aitheanta daoine atá i gceist, an teagasc a bhíos i n-aghaidh dlighe Dé, mar dhiúltadh cabhartha do thuismightheoirí ar an leithscéal gur tugadh tabhartas do Dhia, agus teagasc a bhíos amaideach agus gan tairbhe, mar an teagasc fá nigheacháin, gan suim a chur i nglainecht an chroidhe. Na riaghlacha a rinne ah Eaglais fá throscadh agus fá fhéilte, &c., ní fhuil siad i n-aghaidh acht do réir bhriathar Dé agus do réir na fíor-chráibhtheachta. Ní teagasc ná aitheanta daoine iad sin óir ní ughdarás daoine atá leo, acht an t-ughdarás a thug Críost do’n Eaglais, san chruth go bhfuil orainn éisteacht le tréadaidhthe na h-Eaglaise mar d’éistfeadh sinn le Críost é féin. (Mait. 18, 17; Lúc. 10, 16.).
10Agus ar ghairm na sluagh chuige dó, dubhairt sé leo: Éistigidh agus tuigigidh.
11Ní h-é an nídh a théid isteach san bhéal#15, 11 Ní h-é an nídh a théid isteach san bhéal, &c. Ní thig le neamhghlaine ar bith san bhiadh, ná le salachar ar bith ar na lámha le linn a bheith ag caitheamh bídh, an t-anam a shalughadh. Ní thig le rud ar bith sin a dhéanamh acht peacadh, nó easumhlacht an chroidhe do aitheanta agus do thoil Dé. Nuair a d’ith Adhamh ubhall na h-aithne, níorbh é an t-ubhall a d’ith sé a shaluigh é, acht a easumhlacht do dhlighe Dé. B’amhlaidh sin do’n lúdach faoi’n tSean Reacht a d’itheadh muicfheoil, nó do’n Chríostaidhe le linn ha n-Abstal a d’ithead fuil, agus is amhlaidh sin do Chríostaidhe ar bith a bhriseas an troscadh a d’órduigh an Eaglais. I ngach cás acu sin, ní h-é an biadh a théid isteach san bhéal a thruailleochadh an t-anam, acht easumhlacht an chroidhe i mbriseadh aitheanta Dé, nó aitheanta na ndaoine a dtug Dia ughdarás dóibh. a shaluigheas an duine, acht an nídh a thig amach as an bhéal, is é sin a shaluigheas an duine.
12Annsin tháinic a dheisciobail chuige agus dubhairt leis: An bhfuil a fhios agat gur ghlac na Fairisínigh scainneal nuair a chuala siad an briathar sin?
13Acht d’fhreagair seisean, agus dubhairt:#Eoin 15, 2. Gach plannta nár chuir m’Athair neamhdha, réabfar as a fhréamhacha é.
14Ná bacaigidh leo sin: is daill agus treoruidhthe dall iad;#Lúc. 6, 39. agus má bhíonn dall ag treorughadh daill, tuitfidh siad araon isteach i bpoll.
15Agus dubhairt Peadar leis, ghá fhreagairt: Mínigh dúinn an fáithscéal sin agat.#Marc. 7, 17.
16Acht dubhairt seisean: An bhfuil sibh-se fosta gan tuigsin go fóill?
17Nach dtuigeann sibh gur san ghoile a théid gach nídh dá dtéid isteach san bhéal, agus go gcaithtear amach san chamra é?
18Acht na neithe a ghluaiseas ó’n bhéal, is ó’n chroidhe a thig siad, agus saluigheann siad-san an duine.
19Óir is ó’n chroidhe a thig droch-smaointe, dúnmharbhadh, adhaltranas, drúis, gadaidheacht, fiadhnaise bhréige, diamhasla;
20Is iad sin na neithe a shaluigheas an duine. Acht biadh a chaitheamh gan a lámha a nighe, ní shaluigheann sé an duine.
21Agus ar imtheacht as sin do Íosa, chuaidh sé isteach go críocha na Tiora agus na Sídoine.#Marc. 7, 24.
22Agus féach, tháinic bean as Canán amach as na críocha sin, ag glaodhach, agus ag rádh leis: Déan trócaire orm, a Thighearna, a Mhic Dháibhidh: tá mo inghean dá crádhadh go mór ag deamhan.
23Acht aon fhreagair ní thug sé uirthí. Agus tháinic a dheisciobail chun tosaigh gur ghuidh siad é, ag rádh: Cuir ar shiubhal í, óir tá sí ag scairtigh i n-ár ndiaidh.
24Acht d’fhreagair seisean, agus dubhairt: Níor cuireadh mise acht amháin chuig caoirigh; seachráin thighe Israéil.#Eoin 10, 3.
25Acht tháinic sise agus shléacht sí dó, ag rádh: A Thighearna, cuidigh liom.
26D’fhreagair seisean, agus dubhairt: Ní cóir breith ar arán na cloinne agus a chaitheamh chuig na madaidh.
27Agus dubhairt sise: Is fíor duit, a Thighearna; óir itheann fiú na coileáin na grabhrógaí a thuiteas ó thábla a gcuid máighistrí.
28Annsin dubhairt Íosa léi, ghá freagairt: A bhean, is mór do chreidheamh: déantar duit mar is toil leat. Agus bhí a h-inghean slán ó’n uair sin.
29Agus nuair a d’imthigh Íosa as sin, tháinic sé i n-aice le muir na Gailile, agus ar dhul suas ar an tsliabh dó, shuidh sé annsin.
30Agus tháinic sluaighte móra chuige, ag a raibh balbháin, daill, daoine bacacha, daoine ciothramhacha, agus cuid mhór eile: agus chaith siad síos ag a chosa iad, agus leigheas sé iad.
31Ionnas go raibh iongantas ar na sluaighte, nuair a chonnaic siad#Isaias 35, 5. na balbháin ag labhairt, na bacaigh ag siubhal, agus a n-amharc ag na daill; agus thug siad glóir do Dhia Israéil.
32Agus ar ghairm a dheisciobal chuige do Íosa, dubhairt sé: Tá truaighe agam do’n tsluagh,#Marc. 8, 1. óir d’fhan siad anois trí lá i mo chuideachta, agus ní fhuil rud ar bith le h-ithe acu; agus ní h-áil liom iad a chur ar shiubhal ina dtroscadh, ar eagla go dtéigheadh siad ar laige ar an bhealach.
33Agus deir na deisciobail leis: Cá h-as a bhfuighimís a oiread arán san fhásach, mar sin, agus a shásóchadh a leithéid de shluagh?
34Agus dubhairt Íosa leo: Cá mhéad arán agaibh? Agus dubhairt siad-san: Seacht gcinn, agus beagán de mhin-éisc.
35Agus d’órduigh sé do’n tsluagh suidhe síos ar an talamh.
36Agus ag glacadh na seacht n-arán agus na n-iasc dó, d’altuigh sé, bhris, agus thug dá dheisciobail; agus thug na deisciobail do na daoine.
37Agus d’ith siad uilig, agus bhí a sáith acu. Agus de na conamair a bhí i bhfuighleach, thóg siad lán sheacht gcliabh.
38Agus bhí siad sin a d’ith i líon a gceithre míle fear, taobh amuigh de pháistí agus mná.
39Agus nuair a chuir sé ar shiubhal an sluagh, chuaidh sé san bhád, agus tháinic sé go críocha Mhagedain.
rights held by the Bible Society in Northern Ireland