Maitiú 11
11
Caibidil XI
Cuireann Eoin a dheisciobail chuig Críost. Cáineann Críost díchreideamh na n-Iúdach, agus goireann sé chuige na daoine a mbíonn ualaighe ag goillstin ortha.
1Agus thárla, nuair a chríochnuigh Íosa múineadh a dháréag deisciobal, gur imthigh sé as sin a theagasc agus a sheanmóireacht ina gcathracha.
2Agus nuair a chuala Eoin,#Lúc. 7, 18. agus é gaibhte, fá oibreacha Chríost, chuir sé beirt dá dheisciobail chuige, gur dhubhairt leis:
3An tusa an té atá le theacht, nó an mbéimíd ag súil le duine eile?
4Agus dubhairt Íosa leo, ghá bhfreagairt: Imthighigidh agus innsigidh do Eoin na neithe a chuala sibh agus a chonnaic sibh.
5Tá radharc ag na daill,#Isaias 35, 5. tá siubhal ag na bacaigh, glantar na lobhair, tá éisteacht ag na bodhair, éirigheann na mairbh, agus tá an soiscéal dá theagasc do na bochta;#Isaias 61, 1.
6Agus is beannuighthe an té nach bhfaighidh scainneal ionnam-sa#11, 6 Scainneal ionnam-sa. Is é sin le rádh, is beannuighthe an té nach ndéanfadh peacadh tré thabhairt chúil do. Chríost mar gheall ar a uirísleacht agus ar a bhás náireach ar an chroich..
7Agus nuair a bhí siad-san ag imtheacht,#Lúc. 7, 24. thoisigh Íosa a rádh leis na sluaighte fá Eoin: Cad é a ndeachaidh sibh amach san fhásach a fheiceáil? Giolcach dá luascadh le gaoith?
8Acht cad é a ndeachaidh sibh amach a fheiceáil? Fear gléasta i n-éadaighe míne? Féach, is i dtighthe na ríogh a bhíos lucht an éadaigh mhín.
9Acht cad é a ndeachaidh sibh amach a fheiceáil? Fáidh? Is eadh, adeirim libh, agus duine is mó ná fáidh.
10Óir is é seo an té a bhfuil sé scríobhtha#Mal. 3, 1; Marc. 1, 2; Lúc. 7, 27. fá dtaoibh de: Féach, tá mé ag cur m’aingil rómhat amach chun do shlighe a réidhteach rómhat.
11Amén adeirim libh, níor éirigh eadar chlanna ban aoinneach is mó ná Eoin Baiste; acht is mó ná é an té ar lugha é i ríoghacht na bhflaitheas.
12Agus ó laethe Eoin Baiste go dtí anois tá foiréigean#11, 12 Foiréigean. Ní féidir an ríoghacht a bhaint amach gan foiréigean a dhéanamh orainn féin le colann-smacht agus oibreacha aithrighe, agus le smachtadh na ndroch-chlaonadh atá ionainn. dá dhéanamh ar ríoghacht na bhflaitheas, agus is iad lucht fhoiréigin atá ghá fuadach.
13Óir rinne na fáidhe uilig agus an dlighe fáidheadóireacht go dtí Eoin.
14Agus má’s toil libh a thuigsin, is é seo Elías#11, 14 Elías. Ní i bpearsain acht i spiorad. (Lúc. 1, 17.)#Mal. 4, 5. a bhí le theacht.
15An té a bhfuil cluasa chun éisteachta air, éisteadh sé.
16Cá leis, mar sin, a samhlóchaidh mé an ghlúin seo? Is cosamhail iad le páistí ina suidhe i láthair an mhargaidh, a scairteas le n-a gcomrádaidhthe,
17Agus a deir: Rinneamar ceol díbh, agus ní dhearna sibh damhsa; rinneamar caoineadh, agus ní dhearna sibh mairgneach.
18Óir tháinic Eoin gan é ag ithe ná ag ól, agus deir siad: Tá deamhan ann.
19Tháinic Mac an Duine agus é ag ithe agus ag ól, agus deir siad: Féach, sin agaibh duine craosach agus póitire fíona, cara na bpuibliocánach agus na bpeacach. Agus fuair an eagna a saoradh tré n-a cloinn féin.
20Annsin thoisigh sé a lochtadh na gcathrach ina ndearnadh an chuid ba mhó dá mhíorbhailte, de bhrígh nach ndearna siad aithrighe.
21Is mairg duit,#Lúc. 10, 13. a Chorosáin, agus is mairg duit, a Bhethsaida, óir dá ndéantaí i dTior agus i Sídoin na míorbhailte a rinneadh ionnaibh-sé, bhéadh aithrighe déanta acu i bhfad ó shoin i n-éadach róin agus i luaith.
22Acht deirim libh, go mbéidh sócamhal ag Tior agus ag Sídoin ar lá an bhreitheamhnais, thar mar bhéas agaibh-se.
23Agus tusa, a Chapharnaum, an amhlaidh a árdóchar go neamh thú? Rachaidh tú síos go h-ifreann. Óir dá ndéantaí i Sodom na míorbhailte a rinneadh ionnat-sa, b’fhéidir go mairfeadh sé go dtí an lá atá indiu ann.
24Acht deirim libh, go mbéidh sócamhal ag tír Shodoim ar lá an bhreitheamhnais thar mar bhéas agat-sa.
25San am sin d’fhreagair Íosa, agus dubhairt: Bheirim buidheachas duit, a Athair, a Thighearna neimhe agus talaimh, de bhrígh gur fholuigh tú na neithe seo ar lucht eagna agus críonnachta, agus gur fhollsigh tú iad do leanbháin.
26Seadh, a Athair, de bhrígh gurbh í sin do dhéagh-thoil.
27Tá na h-uile neithe tugtha damh-sa ag m’Athair.#Eoin 6, 46 agus 7, 28 agus 8, 19, agus 10, 5. Agus ní h-aithnid d’aoinneach an Mac acht an t-Athair, agus ní h-aithnid d’aoinneach an t-Athair acht an Mac, agus an té ar thoil leis an Mhac a nochtadh dó.
28Taraigidh chugam-sa, sibh-se uilig a bhíos tuirseach ag obair agus faoi ualach throm, agus bhéarfaidh mé faoiseamh díbh.
29Árduighigidh mo chuing-se oraibh, agus foghlaimigidh uaim, óir tá mé ceannsa, agus uiríseal i gcroidhe, agus gheobhaidh sibh suaimhneas do bhur n-anmanna,#Ier. 6, 16.
30Óir is séimh í mo chuing, agus is éadtrom é m’ualach.#1 Eoin 5, 3.
rights held by the Bible Society in Northern Ireland