Gníomhartha 6
6
1Tharla sna laethanta úd nuair a bhíodh na deisceabail ag dul i líonmhaireacht, go mbíodh lucht labhartha na Gréigise ag casaoid ar lucht labhartha na hEabhraise cionn is go ndéantaí leithcheal ar a mbaintreacha siúd sa dáileadh laethúil. 2Ghair an dáréag ansin ar shlua uile na ndeisceabal chun teacht le chéile agus dúirt siad leo, “Ní cóir dúinne cur suas de sheanmóireacht bhriathar Dé le bheith ag dul ar chúl cuntair. 3Dá bhri sin, a bhráithre, toghaigí amach asaibh féin seachtar fear a bhfuil clú maith orthu, agus iad lán den Spiorad Naomh agus den eagna go gcuirimid i gceannas an ghnó seo iad. 4Ach caithfimidne ár ndúthracht leis an urnaí agus le bheith ag ministreacht an bhriathair.” 5Thaitin an chaint sin leis an slua uile, agus thogh siad Stiofán, fear a bhí lán de chreideamh agus den Spiorad Naomh, agus Pilib, agus Procoras, agus Nicánor, agus Tiomón, agus Parménas, agus Nicaláus, a bhí ina phroselíteach as Antíoc. 6Chuir siad iad siúd ina seasamh os comhair na n‑aspal, agus rinne siad guí agus leag siad a lámha orthu.
7Agus tháinig fás faoi bhriathar Dé; agus méadaíodh go mór ar líon na ndeisceabal in Iarúsailéim, agus dʼumhlaigh mórán de na sagairt don chreideamh.
8Agus bhí Stiofán lán de ghrásta agus de chumhacht, agus é ag déanamh móriontas agus comharthaí i measc na ndaoine. 9Dʼéirigh ansin dream as Sionagóg na Saoirseach (mar tugadh uirthi), agus cuid de mhuintir Chíréne agus Alecsandria, agus daoine as Cilicia agus as an Áise, agus bhí conspóid acu le Stiofán. 10Ach níor fhéad siad cur in éadan a eagnaíochta agus an Spioraid a bhí sa chaint a labhair sé leo. 11Chuaigh siad os íseal ansin a bhrostú daoine lena rá gur chuala siad é ag labhairt briathra blaisféimeacha in aghaidh Mhaois agus in éadan Dé. 12Agus shéid siad faoi na daoine agus na seanóirí agus na scríobhaithe, agus tháinig siadsan agus ghabh siad é agus thug siad os comhair na comhairle é, 13agus thóg siad finnéithe bréige a dúirt, “Ní bhíonn stad ar an bhfear seo ach ag labhairt focal in aghaidh na háite naofa seo agus in aghaidh an dlí; 14mar chualamar é á rá aige go scriosfadh Íosa as Nasair an áit seo, agus go n‑athródh sé na nósanna úd a tháinig anuas chugainn ó Mhaois.” 15Agus thug a raibh ina suí ar an gcomhairle amharc air, agus chonaic siad go raibh a ghnúis mar ghnúis aingil ann.
موجودہ انتخاب:
Gníomhartha 6: OC1970
سرخی
شئیر
کاپی

کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland