YouVersion Logo
تلاش

Na Sailm 49

49
Salm 49.
Audite haec, omnes.
1Éistigí leis seo, a dhaoine uile: tugaigí cluas ghéar dó, a lucht áitithe na cruinne.
2Uasal agus íseal, bocht agus saibhir: gach duine le chéile.
3Labhróidh mo bhéal ar eagna: agus beidh mo chroí ag smaoineamh ar thuiscint.
4Claonfaidh mé mo chluas leis an bhfáithscéal: nochtfaidh mé rúndiamhair leis an gcláirscach.
5Cad chuige a mbeadh eagla orm i laethanta an oilc: nuair a bhíos an urchóid ar mo shála do mo thimpeallú?
6Tá dream ann a théas i muinín a maoine: agus a mhaíos as méid a saibhris.
7Ach ní féidir le duine a bhráthair a fhuascailt: ná teacht ar mhargadh ar a shon le Dia.
8Ós daoire ná sin a ceannaíodh a n‑anamacha: ar mhodh go gcaithfidh sé éirí as go deo;
9Siúd aʼs go mairfeadh sé i bhfad: agus nach bhfeicfcadh sé an uaigh.
10Óir feiceann sé go n‑éagann na saoithe fós, agus go dtéann siad ar fad ar neamhní: mar aon leis na daoithe agus na hamadáin, agus go bhfágann siad a maoin do dhaoine eile.
11Agus measann siad ina dhiaidh sin go bhfanfaidh a dtithe go deo, agus go mairfidh a gcónaithe ó ghlúin go chéile: agus gaireann siad a n‑ainmneacha ar na tíortha.
12Ach siúd aʼs go bhfaigheann an duine clú, ní buan é: ós féidir a chur i gcosúlacht leis na nainmhithe a théas ar neamhní.
13Is í an amaidí féin a slí siúd: cé go molann a sliocht a gcaint.
14Luíonn siad in ifreann mar chaoirigh, is é an bás a n‑aoire, agus beidh an réim ag na fíréin orthu ar maidin: beidh a maise á cloí sa tuama, agus ní bheidh sí buan.
15Ach tá mʼanam fuascailte ag Dia ó chumhacht ifrinn: óir glacfaidh sé chuige mé.
16Ná bíodh eagla ort, má éiríonn duine saibhir: nó má mhéadaítear glóir a thí.
17Óir ní thabharfaidh sé aon ní leis nuair a gheobhaidh sé bás: ná ní leanfaidh a mhórchúis dó.
18Óir chomh fada agus mhair sé, mheas sé é féin ina fhear ámhar: agus chomh fada agus bíonn tú mar is maith leat féin, beidh an saol do do mholadh.
19Leanfaidh sé do ghlúin a shinsir: ní fheicfidh sé an solas choíche.
20An duine a fhaigheann clú agus atá gan tuiscint: cuirtear i gcosúlacht é leis na nainmhithe a théas ar neamhní.

موجودہ انتخاب:

Na Sailm 49: OC1965

سرخی

شئیر

کاپی

None

کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in