Na Sailm 140
140
Salm 140.
Eripe me, Domine.
1Fuascail mé, a Thiarna, ó fhear an oilc: agus cosain mé ó fhear na nduáilcí.
2A chumas urchóid ina gcroí: agus a chuireas iaróg ina suí dá mbʼfhada an lá.
3Bíonn a dteanga bearrtha acu mar theanga péiste: bíonn nimh na nathrach nimhe faoina mbéal.
4Bí do mo chumhdach, a Thiarna, ó lámha lucht an oilc: cosain mé ó lucht na nduáilcí, ar rún leo cos i bpoll a chur liom.
5Chuir drong an díomais dol romham, agus spréadar amach líon faoi théada: agus chuireadar fós gaistí i mo shlí.
6Is é dúirt mé leis an Tiarna, Is tú mo Dhia: éist le glór mʼurnaithe, a Thiarna.
7A Thiarna Dia, a chumhacht mo shlánaithe: is tú a chumhdaigh mo cheann i lá an chatha.
8Nár fhaighe fear an oilc a mhian, a Thiarna: nár éirí lena dhrochrún mhailíseach, ionas nach séidtear iad le huabhar.
9Titeadh mailís a mbéal féin ina mullach féin: ar an dream a bhíos do mo thimpeallú.
10Titeadh aibhleoga dearga dóite orthu: teilgtear iad amach sa tine, agus sa pholl, ionas nach n‑éirí siad arís.
11Ní bheidh séan sa saol ar dhuine bhéalscaoilte: seilgfidh an t‑olc an duine urchóideach go dtuga sé anuas é.
12Níl amhras orm nach ndíoghalfaidh an Tiarna na bochta: agus nach bpléifidh sé cúis na n‑éidreorach.
13Tabharfaidh an fíréan fós buíochas le dʼAinm: agus beidh an duine cóir go buan faoi amharc do shúl.
موجودہ انتخاب:
Na Sailm 140: OC1965
سرخی
شئیر
کاپی
کیا آپ جاہتے ہیں کہ آپ کی سرکیاں آپ کی devices پر محفوظ ہوں؟ Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965