Dá bhrí sin de, molaim daoibh anois fanacht amach ó na fir seo agus gan baint leo; mar más ón daonnacht amháin atá an beart agus an obair seo, tiocfaidh meath air, ach más ó Dhia é, ní fhéadfaidh sibh a chur ar ceal. Agus ní hé sin amháin, tá baol ann go bhfeice sibh roimh an deireadh go raibh sibh ag cur in éadan Dé!”