Gníomhartha 5:3-5

Gníomhartha 5:3-5 OC1970

Ach is é a dúirt Peadar, “A Ananias, cad é mar a líon Sátan do chroí le bréag a dhéanamh leis an Spiorad Naomh agus cuid den airgead a fuair tú ar an talamh a choinneáil siar? Nár leat féin é nuair a bhí sé gan díol? Agus nuair a bhí sé díolta féin, nár cheadmhach duit do rogha rud a dhéanamh leis? Conas a bhí sé de chroí agat a leithéid seo de ghníomh a bheartú? Tá bréag déanta agat ní le duine ach le Dia.” Ni luaithe a chuala Ananias na briathra sin ná thit sé maol marbh. Agus thit móreagla ar ar chuala é.